Mheasfá gur chuma leis na húdaráis dá gcaillfí gnólachtaí áirithe…

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA): Gruaig agus gnó; Ultach i lár aighnis; agus cruachás na bpictiúrlann

Mheasfá gur chuma leis na húdaráis dá gcaillfí gnólachtaí áirithe…

Triúr ban atá ag obair i siopa an bhearbóra. Is anseo a thagann mise agus mo mhac de ghnáth. Ní raibh deis againn de bharr na dianghlasála le fada. Tá mo chuid gruaige ag éirí fiáin arís. Samhlaigh Marge Simpson le gruaig rua agus beidh buille faoi thuairim agat cad é mar a fhásann sí.

Tá na mná, a bhfuil páistí acu uilig, ag obair leo gan stad gan staonadh. Níl acu anois ach seachtain le cúpla punt a shaothrú i ndiaidh gur fhógair an feidhmeannas sna sé chontae leathoccupáilte go ndruidfí mórán gnólachtaí go ceann coicíse.

D’fhan mise agus mo mhac go lár na seachtaine go rachaimis ann. Is beag difear a rinne sé. Tá coinne le déanamh agus fanacht i scuaine i gceist. Tá siad faoi bhrú, ag obair ó dhubh go dubh. Buaileann an guthán i rith an ama, daoine ag súil go mbeadh deis acu teacht Dé hAoine. “Tá muid druidte Dé hAoine,” a deirtear leo. ‘Thógfadh sé an ghruaig de do cheann’ agus tú ag iarraidh, bhuel, an ghruaig a bhearradh de do cheann.

Is gairid an tréimhse í le cúpla punt a dhéanamh. Is fada an siopa seo ar oscailt agus mórán custaiméirí dílse acu. Ba chuma, mheasfá, leis na húdaráis dá gcaillfí é. I ndeireadh thiar thall, níl ann ach siopa bearbóra, siopa beag ar bhaile beag. Ach tugann an siopa beag fostaíocht do thriúr agus a gclann agus cuireann seirbhís ar fáil do dhaoine.

Saothraíonn na mná a gcuid airgid go crua agus bíonn siad sa tsiopa ó lá go lá agus ó bhliain go bliain.

Cinnte, tá deontais ar fáil do ghnólachtaí ach ní ar dheontas a bhraitheann gnó ach ar dhaoine; tagann daoine chugat agus tugann siad airgead duit agus tagann siad ar ais mar gheall go dtaitníonn an tseirbhís leo. Níl sa deontas ach sop in aghaidh na scuaibe, dá fheabhas é.

Tá an fear a níonn na carranna le dúshlán na dianghlasála a thabhairt an iarraidh seo, a deir sé. Deisíonn sé boinn fosta agus tá dúil aige go mbeidh sé mar leithscéal aige an gnólacht, a ghnólacht, a choinneáil ar oscailt. Tá imní air faoi fhíneáil ach, a deir sé, má chailleann sé barraíocht custaiméirí, beidh deireadh leis. Fear de chuid an lucht oibre é.

Saothraíonn sé a chuid airgid go crua ach saothraíonn sé é ina ainneoin sin. Bíonn sé ann ó lá go lá, ó bhliain go bliain.

Mheasfá gur chuma leis na húdaráis dá gcaillfí a ghnólacht. I ndeireadh thiar thall, níl ann ach gnólacht beag ar bhaile beag. Ach is é a ghnólacht féin é agus saothraíonn sé airgead as, slí bheatha, cúpla punt. Aimsíonn sé airgead san obair.

Cad á a dhéanfadh sé feasta gan uisce?

Achrann Ultach

Agus cuaifeach na gcásanna cúirte ag séideadh go fóill sna Stáit Aontaithe mar gheall ar an toghchán, bhain sé gáire asam a fheiceáil gur chuir breitheamh amháin, Patricia McCullough, cor sa scéal, más go sealadach féin é. Rialaigh sí gur chóir cosc a chur ar chomhaireamh na vótaí in Pennsylvania agus, ar ball, go raibh seans ann go raibh an vóta céanna mídhleathach. Mar a tharla, rialaigh breithiúna eile ina héadan ar ball agus cá bhfios nach rialódh breithiúna eile ina n-éadan siúd ar ball arís eile?

Mar sin féin, fuair a hainm greim ar mo shamhlaíocht – Patricia McCullough; Pádraigín Nic Cú Uladh! Ultach i lár aighnis? Ná habair!

Bean an iontais

Tá imní anois ar lucht pictiúrlainne go dtabharfaidh Covid-19 bás a n-earnála ar fad. Oiread chéanna le mórán eile ionad oibre, druideadh na pictiúrlanna ar feadh tamaill fhada le linn na chéad dianghlasála. Rinne cuid acu iarracht ar athoscailt ach is beag borradh a bhí fúthu sular tugadh orthu druidim arís eile ar na mallaibh. Tá imní ar dhaoine dul isteach iontu agus is beag scannán nua a bhí le feiceáil iontu tráth gairid a n-athoscailte.

Tá caint sa tsráidbhaile Hollywood, bhuel, rálfaí ar líne, go mbeidh an scannán mór-eachtraíochta, Wonder Woman 1984, le sruthú ar HBO Max do dhaoine sa bhaile agus go mbeidh sí le feiceáil i roinnt bheag pictiúrlann lena chois sin.

Caithfidh lucht déanta an scannáin cúpla punt a dhéanamh as agus creidtear gurb é sin an bealach is éifeachtaí. Is é an donas, ar ndóigh, má bhíonn sé ar fáil sa bhaile nach mbeidh fonn ar dhaoine dul chun na pictiúrlainne chun é – nó scannán mór ar bith eile – a fheiceáil as seo amach.

Bochtú eile a bheadh ansin ar chúrsaí sóisialta agus – a Chailín sa Chathair! – beidh ar sheanfhondúirí cúrsaí snogála sa phictiúrlann a mhíniú don mhuintir óga amach anseo.

Thairis sin, buille eile ar chúrsaí fostaíochta a bheas ann fosta. Mórán de na daoine a bhí ag obair sa phictiúrlann áitiúil, ba mhic léinn iad agus iad ag saothrú cúpla punt.

Ach mheasfá gur chuma leis na húdaráis dá gcaillfí an obair sin fosta. I ndeireadh thiar thall, níl ann ach pictiúrlann.

Druidte

Chuaigh mé thar bráid an niteoir carranna an lá faoi dheireadh; tá an t-ionad druidte. Uaigneach an radharc é ionad oibre an fhir a fheiceáil druidte. Caithfidh sé gur mheas sé nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Súil agam go dtiocfaidh a ghnó chuige féin.

Fág freagra ar 'Mheasfá gur chuma leis na húdaráis dá gcaillfí gnólachtaí áirithe…'