Mhaithfí duit dá mbeifeá den tuairim go bhfuil fadhb na tithíochta leigheasta…

Tá €3.3 billiún ceadaithe do chúrsaí tithíochta an bhliain seo chugainn agus beifear ag faire go géar cén chaoi a gcaithfear an t-airgead sin.

Mhaithfí duit dá mbeifeá den tuairim go bhfuil fadhb na tithíochta leigheasta…

Taca an ama seo chuile bhliain bíonn aird na n-eagras carthanachta ar dhaoine a bhfuil riachtanais go leor acu agus iad siúd atá gan dídean aimsir na Nollag. Faraor, ní ceist don Nollaig amháin na deacrachtaí a bhíonn ag daoine, go háirithe na daoine gan dídean agus na géarchéime tithíochta.

Bhí an ghéarchéim áirithe sin ar cheann de na ceisteanna is mó a raibh tionchar aici ar lucht vótála san olltoghchán mí Feabhra. Tithíocht agus sláinte is mó a bhí ar intinn an phobail. Ní nach ionadh tá an tír agus an córas polaitiúil ar fad gafa le cúrsaí sláinte mar gheall ar an víreas corónach ó shin i leith.

An aidhm is mó a bhí ag an rialtas lena gcuid beartais le dul i ngleic leis an víreas ná cosaint a thabhairt don chóras céanna. Tá éirithe leo é sin a dhéanamh den chuid is mó cé go bhfuil ceisteanna le cur faoin mbail a bheidh fágtha ar an gcóras do dhaoine nach bhfuil buailte ag Covid.

Ach céard faoin gceist eile -cúrsaí tithíochta?

Mhaithfí duit dá mbeifeá den tuairim go bhfuil fadhb na tithíochta leigheasta. Gealladh sa chlár rialtais go mbeadh 12,750 teach nua dá soláthar an bhliain seo chugainn.  9,500 díobh sin is tithe nua a bheadh iontu agus chuirfí an chuid eile ar fáil ar léas. Tá ceisteanna go leor faoin gcostas fadtéarmach a bhainfeadh lena leithéid. Tuairiscíodh le gairid go bhfuil ardú le teacht ar chostas ábhair thógála de bharr an Bhreatimeachta. Cuirfidh sin tuilleadh costais leis an obair.

Idir an dá linn, tá 2,600 gasúr sa tír seo ag maireachtáil i seomraí óstáin. Cuirfear litreacha chuig Daidí na Nollag le súil go mbeidh sé in ann iad a aimsiú in óstáin, tithe lóistín agus ionaid éigeandála. Beidh cuid de na paistí céanna ag impí ar Dhaidí na Nollag áit chónaithe a aimsiú dóibh. Ní léir sna figiúirí go bhfuil dul chun cinn de chineál ar bith ag tarlú leis na staitisticí.

Más tada é tá líon na ndaoine gan dídean atá ag fáil bháis ar na sráideanna ag méadú go leanúnach. Faoi Dheireadh Fómhair na bliana seo bhí tuairisc faighte ag an eagraíocht Inner City Helping Homeless go raibh os cionn leathchéad duine básaithe ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i gcomparáid le 37 an bhliain roimhe. Fritheadh coirp beirte ar an 25 Samhain i lár na cathrach agus is beag a chuala muid fúthu. Ní chuireann a leithéid alltacht orainn níos mó.

Seo géarchéim nach bhfuil ag feabhsú agus atá ar bhealach curtha de leataobh le bliain anois ó bhí sí ag croí an fheachtais toghcháin.  Ceart bhunúsach is ea áit chónaithe. Tá €3.3 billiún ceadaithe do chúrsaí tithíochta an bhliain seo chugainn agus beifear ag faire go géar cén chaoi a gcaithfear an t-airgead sin.

Fág freagra ar 'Mhaithfí duit dá mbeifeá den tuairim go bhfuil fadhb na tithíochta leigheasta…'