‘Meon Fhine Gael i leith na teanga léirithe i moladh go mbeadh daoine in ann cur i gcoinne logainmneacha Gaeilge’ – Sinn Féin

Agus an Bille Teanga á phlé sa Seanad an tseachtain seo, mhol iarAire Stáit na Gaeltachta go mbeadh próiseas ann a thabharfadh deis do dhaoine achomharc a dhéanamh i gcoinne logainm a bheadh molta ag Coiste na Logainmneacha

‘Meon Fhine Gael i leith na teanga léirithe i moladh go mbeadh daoine in ann cur i gcoinne logainmneacha Gaeilge’ – Sinn Féin

Tá ráite ag Sinn Féin gur léiriú é ar mheon Fhine Gael i leith na Gaeilge go raibh iarAire Stáit Gaeltachta ag lorg bealach do dhaoine le cur i gcoinne logainmneacha Gaeilge.

Agus an Bille Teanga á phlé sa Seanad an tseachtain seo, mhol an Seanadóir Seán Kyne, a chaith dhá thréimhse ina Aire Stáit na Gaeltachta, go mbeadh próiseas an a thabharfadh deis do dhaoine achomharc a dhéanamh i gcoinne logainm a bheadh molta ag Coiste na Logainmneacha.

Dúirt an Seanadóir Kyne go mbíonn conspóid anois agus arís ag baint le húsáid logainmneacha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Luaigh sé Baile Chláir i gcontae na Gaillimhe, agus go raibh ráite leis go raibh mearbhall curtha ar dhaoine nuair a fheictear Baile Chláir ar chomharthaí bóthair, agus go measctar suas an áit le ‘Belclare’, baile beag siar ó dheas do bhaile Thuama.

Thagair an Seanadóir Kyne freisin do bhaile fearainn ina cheantar dúchais féin.

“Tullokyne an t-ainm Béarla atá air, sin an t-ainm a thuigeann daoine ón áit, ach Tulaigh Mhic Aodháin an t-ainm oifigiúil don cheantar sin. Ní raibh mórán daoine ar an eolas [faoi sin] go dtí gur tháinig sé amach ó Choiste na Logainmneacha gurb é sin an t-ainm oifigiúil.”

Ní raibh an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad, sásta tacaíocht a thabhairt don mholadh, áfach, agus dúirt go raibh an Seanadóir Kyne ag iarraidh deis a thabhairt do lucht an Bhéarla cur i gcoinne logainmneacha Gaeilge ach nach raibh aon aird tugtha aige ar phobal na Gaeilge a raibh logainmneacha Béarla “brúite” orthu.

“Baineann an leasú seo le cead a thabhairt don phobal agóid a dhéanamh i gcoinne logainm Gaeilge ach níl aon rogha molta go mbeidh deis ag an phobal cur i gcoinne leagan bastardaithe Béarla atá brúite orthu go huathoibríoch.

“Ní dhearna aire na logainmneacha Béarla a ordú, ach Impireacht na Breataine ag cur cos ar bholg na nGael. Rinne Sinn Féin iarracht an éagóir seo a chur i gceart le leasú ach dhiúltaigh an Seanadóir Ó Cadhain agus an Rialtas glacadh leis,” a dúirt Ó Donnghaile.

“Léiríonn sé seo, i mo thuairimse, meon Fhine Gael ar an Ghaeilge – go bhfuil béim curtha ar fheachtas i gcoinne logainmneacha Gaeilge in áit athGhaelú a dhéanamh ar logainmneacha Béarla nach raibh rogha riamh ag daoine fúthu.”

Dúirt an Seanadóir Kyne nach minic a chuala sé féin faoi fhadhbanna a bheith ag daoine le hainm oifigiúil Béarla, “ach b’fhéidir go dtarlaíonn sé,” a dúirt sé.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers nach raibh sé chun glacadh le leasú Uí Chadhain. Dúirt sé go mbíonn plé leanúnach idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta ar an “gceist chasta” seo agus go raibh sé muiníneach go ndéanfaí “dul chun cinn” san athbhliain.

Fág freagra ar '‘Meon Fhine Gael i leith na teanga léirithe i moladh go mbeadh daoine in ann cur i gcoinne logainmneacha Gaeilge’ – Sinn Féin'

  • Gabriel Rosenstock

    Kyne!