Meon an phobail – ‘The more they promise, the less I trust them…’

Ár rogha? Níl a fhios againn. Ní léir aon athrú suntasach fós ar mheon an phobail, ach ná cuir as an áireamh é

arrow-945263_1920Admhaímid go léir uaireanta go bhfuilimid ‘idir dhá chomhairle’ agus sinn ag machnamh ar rogha nach mór dúinn a dhéanamh. Níl an rogha atá le déanamh ag an náisiún ar 26 Feabhra chomh simplí sin ach oiread. Táimid ‘idir chúig chomhairle’, ar a laghad.

Casadh fear agus bean orm, mar a deireann Enda Kenny go minic, i gCloich na Coillte in iarthar Chorcaí i rith na seachtaine. Tá rogha chinnte déanta acu cheana féin agus rinneadar cur síos ar an athrú intinne ba chúis lena rogha.

Thug an bheirt, atá thart ar 35 bliana d’aois, tacaíocht d’Fhianna Fáil i dtoghcháin éagsúla go dtí gur vótáil siad in aghaidh an pháirtí in 2011, ar chúis mhór amháin.

‘Bhí fearg orainn mar gheall ar an bpraiseach a rinne Fianna Fáil den tír,’ a dúirt an fear liom.

‘Fair play d’Fhine Gael, bhí obair chrua le déanamh acu chun cúrsaí a chur ina gceart arís, agus rinne siad go maith é (níor luaigh ceachtar acu an páirtí eile sa rialtas)…

‘Tá fadhbanna eile le réiteach anois – tithíocht mar shampla,’ arsa a bhean chéile.

‘Sílimid beirt go mbeadh Fianna Fáil níos fearr ag déileáil leo. Agus tá ceacht foghlamtha acu.’

Arsa a fear céile: ‘bhuel, tá súil againn go bhfuil.’

Ní raibh vótóirí eile chomh cinnte agus fáilte bhéasach á cur roimh Mhicheál Martin acu Dé Luain agus camchuairt á tabhairt aige ar Dháilcheantar Chorcaí Thiar Theas (nár toghadh ach iarrthóirí rialtais ann in 2011 – beirt ó Fhine Gael agus duine ón Lucht Oibre).

Is léir nach bhfuil go leor vótóirí chomh meáite agus a bhí cúpla bliain ó shin ar phionós eile a ghearradh ar Fhianna Fáil. Ach ní hionann easpa feirge agus tacaíocht chinnte agus ní hionann ach oiread a bheith éiginnte agus a bheith toilteanach muinín a chur i bpáirtí éigin.

‘I’d like to trust some party,’ arsa bean mheánaosta liom i mBeanntraí ‘but to be honest with you I don’t trust any of them. And the more they promise, the less I trust them.’

De réir na bpobalbhreitheanna, níl a fhios ag idir a cúig déag agus a naoi déag faoin gcéad de vótóirí an stáit cén rogha a dhéanfaidh siad san olltoghchán. Is é sin má dhéanann siad rogha ar bith.

Tá toradh na héiginnteachta seo soiléir: 

(a) Rialtas mionlaigh agus Fine Gael ina bhun;

(b) Fine Gael sa rialtas, agus tacaíocht de chineál ón taobh amuigh nó istigh á tabhairt dóibh ag Fianna Fáil;

(c) Olltoghchán eile roimh dheireadh na bliana. 

Níl tuairimí ná toradh an toghcháin seo cinnte fós, ná athrú suntasach intinne. Ach beidh éacht ag teastáil chun cur ina luí ar vótóirí rogha shoiléir rialtais a dhéanamh ar 26 Feabhra seachas ‘níl a fhios againn’.

Gealltanas eile nár comhlíonadh

Tá Páirtí an Lucht Oibre á chéasadh le fada mar gheall ar ghealltanais toghchánaíochta nár chomhlíon siad, Ach ní cóir dearmad a dhéanamh ar na gealltanais ar chlis a gcéilí rialtais orthu ó 2011.

Cuimhnigh mar shampla ar a ndúirt Fine Gael maidir le cáin réadmhaoine. Sa bhforógra toghcháin a d’eisigh an páirtí cúig bliana ó shin, dúradh ar leathanach 64, dúradh: ‘an annual, recurring residential property tax on the family home is unfair’. 

D’admhaigh Fine Gael an uair sin go mbeadh córas nua éigin riachtanach chun údaráis áitiúla a mhaoiniú, agus gheall siad go mbeadh cibé socrú a chuirfí i bhfeidhm níos cothroime ná an cháin réadmhaoine a bhí beartaithe ag Fianna Fáil.

Céard a tharla? Chlis Fine Gael go hiomlán ar an ngealltanas a bhí lán-intuigthe ón abairt thuas. Tá an cháin réadmhaoine ‘éagórach’ (de réir a ndúirt siad i 2010) curtha i bhfeidhm acu agus á híoc le trí bliana. 

– Cuireann Cathal Mac Coille Morning Ireland i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Meon an phobail – ‘The more they promise, the less I trust them…’'

  • Breathnóir

    An amhlaidh nach dtuigfí an dara leath de cheannteideal an scéil seo dá mbeadh sé i nGaeilge? An gá é a bheith i mBéarla?