Meon an léigir – aontachtaithe in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta

Fíric scanrúil is ea nach dtacaíonn ach duine as gach triúr aontachtach leis an gComhaontú cúig bliana fichead ó síníodh é

Meon an léigir – aontachtaithe in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta

Baineadh geit as roinnt nuair a nocht pobalbhreith go vótálfadh móramh aontachtach i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta dá mbeadh reifreann ann anois. Údar imní is ea é ach ní de phreib a tharla sé.

Fíric scanrúil is ea é nach dtacaíonn ach duine as gach triúr aontachtach leis an gComhaontú cúig bliana fichead ó síníodh é ach bhí an treocht soiléir le tamall maith. Mhéadaigh a n-amhras faoin gComhaontú go seasta i gcomhréir le gach céim ar gcúl a d’fhulaing siad.

Tá croitheadh bainte as aontachtaithe le deich mbliana anuas, a stádas mar mhóramh caillte in Stormont ó 2017, i measc fheisirí Thuaisceart Éireann in Westminster ó 2019, i gComhairle Chathair Bhéal Feirste le blianta agus ar na comhairlí ar fad taobh thiar den Bhanna. Tá na hathruithe déimeagrafacha ag dul ina n-aghaidh freisin.

Ina theannta sin rinne Boris Johnson, mar Phríomh-Aire, feall orthu (ar an DUP) nuair a d’aontaigh sé an prótacal iarBhreatimeachta a chuirfeadh teorainn trádála i Muir Éireann.

Chothaigh na buillí síceolaíocha sin suaitheadh muiníne a spreag naimhdeas do shamhailchomhartha na ré nua – roinnt na cumhachta in Stormont.

Ní raibh oiread fáilte ag aontachtaithe roimh an gComhaontú ariamh is a bhí, agus atá, ag náisiúnaithe ach thuairisc pobalbhreith Lucid Talk don Belfast Telegraph nach vótálfadh ach 35% d’aontachtaithe ar son an Chomhaontaithe anois, go mbeadh 54% ina choinne agus 11% idir dhá chomhairle.

Ní mór a rá go mbeadh tacaíocht ag an gComhaontú ó mhóramh 64% den bpobal fré chéile i gcónaí – laghdú ón 71% a thacaigh leis i 1998. Vótálfadh 95% de náisiúnaithe agus 96% de lucht tacaíochta Alliance i bhfabhar an Chomhaontaithe inniu.

Áiríodh ag an am gur thart ar 55% d’aontachtaithe a vótáil i bhfabhar an Chomhaontaithe i 1998. Bhí an DUP dubh dóite ina choinne, deighilt nimhneach san UUP ach móramh ag tacú le David Trimble in aghaidh grúpa glórach ar a raibh Jeffrey Donaldson agus Arlene Foster. Bhí na mionpháirtithe dílseacha go láidir i bhfabhar an Chomhaontaithe. Ba iad sin an PUP, eite pholaitiúil an UVF agus Red Hand Commando, agus an UDP, eite pholaitiúil an UDA; thacaigh siadsan le Trimble agus dhiúltaigh do bhrú ó Ian Paisley agus an DUP. Bhí tábhacht thar na bearta lena dtacaíocht.

Chuaigh an dá mhionpháirtí sin i léig agus tá na grúpaí paraimíleata dílseacha iompaithe in aghaidh an Chomhaontaithe. Sé an prótacal iarBhreatimeachta cúis a naimhdis, a deir siad, mar a deir Jim Allister TUV, agus leithéidí an bhlagálaí dílseach Jamie Bryson. Maíonn siad go sáraíonn an prótacal an Comhaontú agus a gceart dleathach a bheith lánpháirteach san Ríocht Aontaithe.

D’imir Allister, Bryson agus an tOrd Oráisteach, i measc brúghrúpaí eile, tionchar láidir ar an DUP le dhá bhliain. Sé an port atá cloiste síoraí seasta ag an bpobal aontachtach san tréimhse sin gur diúltú do Stormont/don Chomhaontú an t-aon bhealach chun fáil réidh leis an bprótacal lena n-aontachas a chosaint. Ní bheidh sé éasca ag an DUP éalú as an ngaiste sin má roghnaíonn siad filleadh ar Stormont.

Maíonn roinnt gurb é bua an DUP ar an UUP in 2003 an pointe ag ar léirigh aontachtaithe go raibh siad ag iompú in aghaidh an Chomhaontaithe. Is cinnte nár shíl an pobal aontachtach roimhe sin gur le Sinn Féin a bheidís ag roinnt cumhachta.

Díol suntais ag a lán is ea go mbaineann an DUP leas as an argóint gur cheart diúltú don phrótacal mar go sáraíonn sé prionsabail na tola agus an chomhionannais sa Chomhaontú.

Tá go leor in amhras nár éirigh an páirtí sin as a naimhdeas do roinnt na cumhachta i ndáiríre ariamh.

Bhí siad toilteanach a bheith páirteach ó 2007 fad is gurbh iad an páirtí ba mhó ach léirigh a seasamh i leith reachtaíocht Ghaeilge agus pósadh comhghnéis, cuir i gcás, gur go drogallach a ghlac siad le toil an mhóraimh san Tionól.

Nuair a thacaigh siad leis an mBreatimeacht san reifreann in 2016 mheas roinnt go neartófaí an teorainn idir tuaisceart agus deisceart.

Údar dóchais ag roinnt ab ea é go gcinnteodh an Breatimeacht crua a raibh an DUP ina chrann taca aige go neartófaí Tuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe.

Ba mhó dá réir a ndíomá gur aontaíodh an prótacal chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint, gan trácht ar an méid cainte a spreagadh faoi Éire a aontú chun a dhul ar ais san Aontas Eorpach. Cé nach bhfuil aon chosúlacht air go mbeadh móramh báúil le aontú na hÉireann go luath cothaíonn an cheist míshocracht i measc aontachtaithe.

Bhí iliomad cúiseanna leis na hathruithe móra ar stádas na n-aontachtach le cúig bliana fichead ach más fíor don phobalbhreith, is é meon an léigir a dtoradh agus is é an Comhaontú an namhaid agus an ceap milleáin.

Fág freagra ar 'Meon an léigir – aontachtaithe in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta'