Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ag súil le scéala faoi mhaoiniú breise roimh Nollaig

Deir Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair go bhfuil gá le €38,000 breise lena bplean a chur i bhfeidhm

Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ag súil le scéala faoi mhaoiniú breise roimh Nollaig

Níl cinneadh déanta go fóill ag Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt i nDún na nGall an nglacfaidh siad leis an maoiniú atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta dóibh.

€100,000 atá á thairiscint don ghrúpa i nDún na nGall le plean a chur i bhfeidhm do na ceantair faoina gcúram, ach dúirt bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, ceanneagraíocht na Meithle, Cathal Ó Gallchóir go gcaithfidh Údarás na Gaeltachta acmhainní agus maoiniú  breise a cheadú  don ghrúpa más fúthu a bplean a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Ó Gallchóir  go bhfuil gá beirt nó triúr a fhostú leis an phlean a chur i bhfeidhm agus go dteastaíonn €138,000 chuige sin.

Deir an grúpa go bhfuil geallúint  faighte acu ó Údarás na Gaeltachta agus oifigigh na Roinne Gaeltachta go bhfaighidh siad scéala faoina n-iarratas ar mhaoiniú  breise roimh Nollaig.

Deir an Mheitheal nach bhféadfaí an obair a chur i bhfeidhm  agus gan ach duine amháin fostaithe agus dúirt siad cheana go raibh siad ag tacú le seasamh Fhóram Chois Fharraige atá ag diúltú don tairiscint €100,000 chomh maith.

Cuirfidh coiste stiúrtha Fhóram pleanála teanga Chois Fharraige lena mbagairt go molfar an eagraíocht a scor mura bhfaigheann siad tairiscint ar mhaoiniú breise roimh dheireadh na seachtaine seo.

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú a tairgeadh dóibh chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint chun gach plean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Fág freagra ar 'Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ag súil le scéala faoi mhaoiniú breise roimh Nollaig'