Meilt airgid agus meilt ama é cás cúirte Gerry Adams sa Bhreatain

Creideann ár gcolúnaí go gcinnteoidh prionsabal seanbhunaithe dlí ar a dtugtar prionsabal Carltona nach n-éireoidh le hiarUachtarán Shinn Féin ina dhúshlán cúirte sa Bhreatain

Meilt airgid agus meilt ama é cás cúirte Gerry Adams sa Bhreatain

Is léir go bhfuil an-chuid airgid ag Gerry Adams agus ag páirtí Shinn Féin faoi láthair. Bhí dóthain pinginí aige chun íoc as cás cúirte nach mbeidh saor i Londain an tseachtain seo.

Bhí dlíodóirí costasacha Adams os comhair na Cúirte Uachtaraí Dé Máirt seo caite ag gearán faoi rudaí a tharla dhá scór bliain ó shin. Níl seans ar bith ann go n-aontóidh an chúirt lena chuid argóintí laga, ach ní bua dlíthiúil atá ag teastáil ó Adams.

Tugann an cás seo seans eile dó dul i mbun bolscaireachta os comhair na gceamaraí agus feachtas míleata an IRA a chosaint.

Cén fáth mar sin go bhfuil sé sa Chúirt Uachtarach?

I mí Iúil 1973, shínigh an tAire Sóisearach in Oifig Thuaisceart Éireann ordú sealadach agus gabhadh Adams mar thoradh ar an ordú sin. Shínigh coimisinéir ordú eile níos déanaí.

Rinne Adams iarracht éalú ó phríosún den chéad uair i mí na Nollag 1973. Rinne sé iarracht éalú arís i mí Iúil 1974. Ciontaíodh é tar éis na n-iarrachtaí sin i mí Márta agus Aibreán 1975.

Ní dhearna sé aon iarracht achomharc a dhéanamh níos déanaí. Deir Adams anois go raibh an t-ordú sealadach seo lochtach agus más ea, neamhbhailí toisc nár shínigh Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Willie Whitelaw, an t-ordú é féin.

Deir sé freisin gur gabhadh é go mídhleathach, agus más ea, ní raibh sé de cheart ag na cúirteanna é a chiontú tar éis dó iarrachtaí a dhéanamh éalú mar ní féidir le héinne “éalú” ó phríosún mura mbíonn ordú ceart i bhfeidhm chun duine a chur sa phríosún i dtús báire. Sin bun agus barr na hargóna ag Gerry Adams.

Céard atá cearr leis an argóint sin?

Tagann ‘prionsabal Carltona’ i gceist nuair a bhíonn dlíodóirí ag trácht ar scrúdú á dhéanamh ar chinneadh Aire ar leith.

Eascraíonn an prionsabal sin as cás cáiliúil le linn an Dara Chogadh Domhanda, Carltona Limited v Commissioners of Works.

Ní raibh lucht monarchan áirithe sásta nuair a síníodh ordú a thug an mhonarcha sin ar láimh don rialtas chun cabhrú leis an tír sa gcogadh. Rinne siad gearán toisc gur shínigh Leas-Rúnaí, seachas an tAire cuí, an t-ordú. Thug an Chúirt Achomhairc droim láimhe don ghearán seo agus chinn na breithiúna:

‘In the administration of government in this country the functions which are given to ministers (and constitutionally properly given to ministers because they are constitutionally responsible) are functions so multifarious that no minister could ever personally attend to them. To take the example of the present case no doubt there have been thousands of requisitions in this country by individual ministers.

‘It cannot be supposed that this regulation meant that, in each case, the minister in person should direct his mind to the matter. The duties imposed upon ministers and the powers given to ministers are normally exercised under the authority of the ministers by responsible officials of the department. Public business could not be carried on if that were not the case. Constitutionally, the decision of such an official is, of course, the decision of the minister. The minister is responsible.’

Níl aon difríocht idir an cás seo agus cás Adams. Is cuma nár shínigh an Stát-Rúnaí an t-ordú go pearsanta. Shínigh Aire eile é, agus níl aon fhadhb bhunreachtúil leis an méid sin. 

Meilt airgid agus meilt ama is ea cás cúirte Adams. Ach is léir go bhfuil aird an phobail ag teastáil go géar uaidh fós.

Fág freagra ar 'Meilt airgid agus meilt ama é cás cúirte Gerry Adams sa Bhreatain'

  • An Teanga Bheo

    Cearta daonna i mbaol ? saor ghluaiseacht san AE ?