‘Méileach mheallacach, luathbhéalach, dheisbhéalach’ ag Dáithí Ó Sé

Ní haon dóithín é clár beo ar chuma ‘The Rose of Tralee’ a chur i láthair agus ní fhéadfaí bheith ag brath ar mhuintir na bparóistí ó dheas, a deir ár léirmheastóir aduaidh

‘Méileach mheallacach, luathbhéalach, dheisbhéalach’ ag Dáithí Ó Sé

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

‘D’aithneofá an cleas aduaidh ós na sidelocks fada dubha síos go maith fé bhun a gcluas…Méileach mheallacach, luathbhéalach, dheisbhéalach acu.’

Ba mhar sin a chuir Pádraig Ó Cíobháin síos ar mhuintir Pharóiste Mórdhach ina leabhar Novella Eile.  Is as an bparóiste sin a fuineadh agus a fáisceadh Dáithí Ó Sé (agus an scríbhneoir seo). N’fheadar faoi théagar na sidelocks ag Dáithí ach is deas mar a oireann na haidiachtaí thuas le cur síos ar thaispeántas Mhic Uí Shé sa chruinneachán thar dhá oíche (The Rose of Tralee, RTÉ, aréir agus arú aréir). 

Ní haon dóithín é clár beo den saghas seo a chur i láthair. Seó bóthair sé huaire an chloig ina gcaitheann tú caint a chur ar 32 iomaitheoir difriúil, jab a bhain barrthuisle as an gcuid is fearr acu ó Gay Byrne go Ray D’Arcy.

Mar bharr ar an donas sé an t-ábhar céanna a bhíonn idir chamáin go minic. Ní haon iontas daoine a bheith ag baint súp as an ‘Rose Bingo’.

I mbliana bhí rapcheol gangsta againn mar aon le damhsa ‘hoop’, tine á hadú ar stáitse agus cic sna heasnacha d’fhear Charrachán. Tarraingíodh anuas ábhair níos tromchúisí agus níos conspóidí chomh maith, Rós Sydney ag maíomh go mba cheart an t-ochtú leasú ar an mbunreacht a aisghairm agus Rós Chill Mhantáin ag trácht ar otracht agus meabhairshláinte.

Rose of Tralee

Go deimhin bhí ceisteanna faoi theifigh, an t-ochtú leasú agus Éire Aontaithe ar cheistneoir a tugadh do na Rósanna ar fad. 

É sin ar fad gan trácht ar an liúdramán a dhein a shlí a ghuailleáil ar stáitse gléasta mar shagart. Gníomh buile, go mórmhór le scata Gardaí os a chomhair amach agus uirlisí miotail á mbeartú acu. ‘Aithcléireach,’ a bhaist cuntas giolcaireachta Dinneen air le drochmheas agus clisteacht focal.

Tá mórán ann go mb’fhearr leo a bheith ag cnuchairt mhóna ar an leac is íochtaraí in ifreann ná bheith ag féachaint ar allagar na Rós. Cuid mhaith ag maíomh go bhfuil lá ‘The Lovely Girls Competition’ caite.

Samhlaíodh dom féin go bhfuil borradh ait de shaghas éigin faoi, a bhuíochas sin do na meáin shóisialta. Is geall le Googlebox náisiúnta é agus an lucht féachana ag tapáil ar Twitter agus Snapchat. An chuma ar an scéal go bhfuilid ag féachaint air amhail is gurb é an gála is déanaí de ‘Strictly Big Celebrity X Factor Brother Come Dancing’.

I mbliana deineadh iarracht a thuilleadh adhmaid a bhaint as an bhfeiniméan trí chlár uair an chloig a bhaint as ar an Luan (The Road to the Dome, RTÉ 1). Ba ansin a cuireadh leath de na rósanna de dhroim seoil.

Tá biaiste eile de chuid na Rós tagtha chun críche agus deireadh an tsamhraidh buailte linn. Ba í an chéad iomaitheoir aréir a thug creach léi i ndeireadh na hoíche, Rose Maggie McEldowney

Ó Chicago. Cad déarfadh Maidhc, athair Dháithí, (go ndéana Dia grásta air) a chaith blianta sa chathair sin agus a thug leis amhábhar dá chuid dá leabhair aisti.

Tá an churadhmhír tuillte ag Dáithí tar éis a ghaisce láithreoireachta. Fág fé fhear Pharóiste Mórdhach é lena mheallacacht luathbhéalaí agus deisbhéalaí.

I ndóthair, ní fhéadfaí bheith ag brath ar mhuintir na bParóistí ó dheas!

Fág freagra ar '‘Méileach mheallacach, luathbhéalach, dheisbhéalach’ ag Dáithí Ó Sé'

  • Feardorcha

    Bhí údar eile ann, Pádraig eile, agus thrácht sé siúd ar an Stail Aduaidh, Mórdhach eile.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ó thuaidh! mar a gcruachtar an mhóin!

  • padraig

    Paroiste Mordhach……nach Arabaigh ar fad iad sin?