Meath mall is cúis le héigeandáil Stormont

Fágann éigeandáil Stormont nach leor a thuilleadh ráiteas ná comhchainteanna. Idirghabháil dhearfach a theastaíonn anois.

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Níl éinne á cheilt níos mó. Tá éigeandáil i Stormont, an meath fadálach imithe thar téarma agus thar leigheas áitiúil. Thóg sé achar sách fada ar an dá rialtas cinneadh a dhéanamh go raibh gá le hobair tharrthála. Níor cheart dóibh dóigh a dhéanamh den bharúil gur leor comhchainteanna nó gur leigheas gach oilc iad.

Is é an chonspóid faoin mbuiséad is mó atá ag tarraingt airde agus brú ar an PSNI, ar sheirbhísí sláinte, ar ollscolaíocht, agus ar fhiosruithe faoi eachtraí a tharla aimsir na dTrioblóidí de bharr ciorraithe ar chaiteachas. Tá fógra oifigiúil tugtha go mbeidh an buiséad sáraithe faoi dheireadh na bliana airgeadais mura ndéanfar laghdú aisteach ar chaiteachas.

Tá a thuilleadh ciorruithe geallta ag Whitehall, iad sin sa mullach ar ‘leasuithe’ ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá Sinn Féin agus an SDLP ag diúltú do na ciorruithe leasa shóisialaigh. Deir an DUP, an UUP agus Alliance nach bhfuil an dara rogha acu ach iad a chur i bhfeidhm nó fíneáil £100 punt a íoc leis an Státchiste. Anuas air sin ar fad, tá an caidreamh idir an DUP agus Sinn Fein imithe in olcas le breis agus bliain. Níl aon amhras ach go bhfuiltear i sáinn.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeadh Sinn Féin sásta dá mba iad na ciorruithe leasa shóisialaigh faoi ndear chlis Stormont. D’fheilfeadh sé sin dóibh mar cheist toghcháin i dTuaisceart Éireann agus bheadh sé ag teacht lena seasamh in aghaidh na déine ó dheas. Thug Gerry Adams leide faoi sin i Nua Eabhrac agus cloisim go bhfuil an páirtí ag rá lena lucht tacaíochta agus oibrithe a bheith faoi réir.

Ní theastódh uathu go dteipfeadh ar Stormont roimh chainteanna, áfach. Níl siad ag iarraidh go gcuirfí an milleán orthusan. Tá seans maith ann go n-áiríonn siad nach mbeadh Peter Robinson in ann a phairtí a bhreith leis chun margadh substaintiúil a dhéanamh i gcainteanna. Níl aon amhras ach go bhfuil fadhbanna aigesean mar cheannaire an DUP. Bhí a fhios faoin scoilt sa DUP fiú sular scaoil Robinson a racht go poiblí, ag glaoch ‘lemmings’ ar a naimhde sa phairtí. Thairis sin, cé gur fháiltigh Robinson roimh chomhchainteanna, dúirt ionadaithe eile nach mbeadh an DUP páirteach go dtí go bhfaighidís fuascailt ar cheist na nOráisteach agus Ard Eoghain.

Mar is gnách, tá ceist na bparáidí ina cnámh spairne. Bhí an caidreamh idir Sinn Féin agus DUP leochaileach ó chuaigh Peter Robinson siar ar a fhocal faoin ionad léirmhíniúchain sa Cheis Fhada os cionn bliain ó shin. Chroith sé sin iontaoibh SF ann. Chuaigh cúrsaí in olcas nuair a dhiúltaigh na hAontachtaithe do mholtaí Haass faoi pharáidí, bratacha agus oidhreacht na dTrioblóidí. Níor fágadh oiread na fríde de chomhoibriú ná dea-thoil ó shiúil an DUP agus na haontachtaithe eile amach ó chainteanna i Stormont i mí Iúil chun fronta pan-aontachtach le dílseoirí a bhunadh i ngeall ar mháirseáil na nOráisteach in Ard Eoghain.

Dá réir sin, ní leor na ráitis ón Aire Charlie Flanagan agus ón Státrúnaí Theresa Villiers gur éascaitheoirí a bheidh iontu ag na comhchainteanna. Níl na páirtithe in ann ag an ngnó astu féin. Tá idirghabháil dhearfach riachtanach.