Measúnú á dhéanamh ar úsáid an chórais TEG d’fhoghlaim na Gaeilge san iarbhunscoil 

Dúradh i dTeach Laighean inné go bhfuil imní ar an gCoiste Comhairleach atá freagrach as plean nua earcaíochta a ullmhú don tseirbhís phoiblí faoi chaighdeán na Gaeilge ag daltaí iarbhunscoile

Measúnú á dhéanamh ar úsáid an chórais TEG d’fhoghlaim na Gaeilge san iarbhunscoil 

Dúradh i dTeach Laighean inné go raibh measúnú á dhéanamh sa Roinn Oideachais ar an gcóras tástála TEG a úsáid mar chuid d’fhoghlaim na Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile. 

Ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a luaigh an measúnú a bhí á dhéanamh ar an gcóras tástála agus é ag labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais faoi chumas dátheangach na státseirbhíseach. 

Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge go réiteodh úsáid an Teastais Eorpaigh sa Ghaeilge (TEG) cuid de na fadhbanna atá ann maidir le measúnú a dhéanamh ar chaighdeán teanga daoine i láthair na huaire. 

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Joe McHugh, dúirt John Howlin, atá ina ionadaí ag a Roinn ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, go raibh imní léirithe ag cruinnithe an Choiste Chomhairligh faoi chaighdeán na Gaeilge a bhí ag daltaí iarbhunscoile. 

Tá an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge freagrach as plean nua earcaíochta a ullmhú chun gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, sprioc atá sa reachtaíocht teanga.

“Ní bheadh caighdeán Gaeilge [na ndaltaí] á staidéar agamsa mar chuid de mo ról ach pléadh an fhadhb ag an gCoiste Comhairleach mar chuid den scéal níos leithne,” a dúirt Howlin. 

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh soiléireacht ann maidir le caighdeáin agus sílim go bhfuil obair ar bun sa Roinn Oideachais, cé nach é mo réimse é, maidir le féachaint ar TEG mar rud a d’fhéadfaí a úsáid sa chóras iarbhunscoile.  

“Dá bhféadfaí fráma Eorpach den chineál sin a thabhairt isteach, rachadh sé i ngleic le cuid den imní a léiríodh ag an gCoiste,” a dúirt Howlin ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. 

Tá ráite cheana ag saineolaithe oideachais agus ag Conradh na Gaeilge gur cheart ceangal a dhéanamh ag gach gné den chóras oideachais in Éirinn idir foghlaim na Gaeilge agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe. 

Tá an córas TEG le bheith mar chuid de scéim phíolótach atá á forbairt ag Roinn na Gaeltachta faoina mbronnfaí deontais ar mhúinteoirí scoile a chuirfeadh feabhas ar a gcumas Gaeilge. Dúirt an Roinn le Tuairisc go bhféadfaí an scéim a leathnú amach sa todhchaí agus go mbeadh daltaí iarbhunscoile i dteideal cur isteach uirthi. 

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais maidir leis an bplé atá déanta ar úsáid an chórais TEG sa chóras iarbhunscoile. 

Fág freagra ar 'Measúnú á dhéanamh ar úsáid an chórais TEG d’fhoghlaim na Gaeilge san iarbhunscoil '

  • Anna

    Níor mhiste tosnú le bainistíocht de roinnt scoileanna Gaeltachta agus a gcaighdeán scríofa siúd sa Ghaeilge a mheas! Ansin grinn fhiosrúchán a dhéanamh ar a bpróiseas earcaíochta i leith fostú Béarlóirí atá ag truailliú caighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa óige na Gaeltachta. Sárú ar chearta teanga óige na Gaeltachta ar siúl agus beag ‘s fiú á dhéanamh ag roinnt údaráis scoile don Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta.

  • Gerry Sóna

    Tá an GCSE i dTuaisceart na hÉireann bunaithe ar an córas céanna ata in úsaid ag TEG. Ní caithfidh na foghlaimeoirí prós no filiocht a staidear agus mar sin tá an béim ar cumarsaid…an teanga labhartha, scríofa agus agus cloiste a thuigbheáil. Le daltaí nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu ,bíonn sé deacair go leor a bheith ag plé filíochta agus prós agus a bheith abalta móran a scríobh.Le leibheil éagsula ar fáil, ní bheadh leithscéal ar daltaí nó tuismitheoirí gan Gaeilge furasta go leor a roghnú do na scrúduithe. Le daltaí níos fearr, bheadh siad abalta giotaí beaga próis agus roinnt dánta a láimhsheáil.

  • Máire Ní C

    Arnó nach measa iad na CIGiRÍ

  • Sibéal

    Mar a dúirt Joe Mac Donnacha “young people in the Gaeltacht of today speak English, not because they think English is “cool” or Irish is “uncool” – they speak English because their ability in English is superior (and in many cases far superior) to their ability in Irish.” (Dublin Review of Books 2014.) Den cud is mó tá an méid sin fíor freisin faoi scoláirí na meánscoileanna Gaeloideachais.

    Is léir faoin am seo go dteastaíonn curaclam dara leibéal faoi leith dos na scoileanna dara leibhéal Gaeltachta & Gaeloideachais. Tá breis agus glúin iomlán scolairí Gaeltachta & Gaeloideachais ligthe síos ag curaclaim Ghaeilge iar-bhunscoile.
    Is ait liom nach bhfuil agóid ar siúl sna meánscoileanna Gaeloideachais & Gaeltachta chun an éagóir maidir le folús éagórach an churaclaim Gaelge “aon mhéid a oireann do chách” a chur in a cheart.

  • Máirin

    @Gerry Sona
    “giotaí beaga próis agus roinnt dánta a láimhsheáil”
    Faraor a Gerry, maidir leis na daoine óga sna Gaeltachtaí go bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin is “giotaí beaga próis agus roinnt dánta a láimhsheáil” amháín a bhíonn acu san Ardteist Gaeilge sna 26 condae.
    Mar gheall ar sin níl an Siollabas Gaeilge dara leibhéil sin ag tabhairt seans ar bith dos na daoine óga a labhraíonn an Ghaeilge sa mbaile a dteanga dúchais a fhorbairt chun labhairt faoina gcuid mothúcháin gan trácht ar job a fháil san AE!
    Sa Siollabas Ardteist Béarla bíonn 48 dán i gceist (8 file le 6 dán an file) agus ceithre úrscéal/ drama san Ardteist Béarla.
    I siollabas na Gaeilge don Ardteist ní bhíonn ach 8 dán /amhrán! agus níl ach cuid de úrscéil amháin agus gearscéal amháin !
    Sin an méid litríochta a bheadh léite acu i nGaeilge mar den cuid is mó is beag leabhar i nGaeilge a léann óige na Gaeltachta taobh amuigh den scoil.