Meastar gurb iad Gaillimh an fhoireann is fearr, faoi Luimneach atá sé sin a bhréagnú

Is iontach go deo a chruthaigh Luimneach chun an cluiche ceannais a bhaint amach agus cé go bhfuil siad an-stuama d’fhoireann óg, tá an-taithí ag tréanfhoireann na Gaillimhe

Meastar gurb iad Gaillimh an fhoireann is fearr, faoi Luimneach atá sé sin a bhréagnú

Imreoir na Gaillimhe, Joe Canning. INPHO/Tommy Dickson

Faoi dheireadh, tá ceann scríbe bainte amach againn i gceann de na craobhacha iomána is fearr ó thaobh eachtraí agus spleodair i stair CLG. Ocht gcluiche atá imeartha ag Gaillimh chun an cluiche ceannais a bhaint amach agus seacht gcinn atá imeartha ag Luimneach. Tá 70 nóiméad ar a laghad fós rompu.

Ní haon iontas é go bhfuil an cluiche ceannais bainte amach ag Gaillimh, buaiteoirí na bliana seo caite. Ba iad rogha láidir na n-údar ag tús an tséasúir agus cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa go dtí seo sa chraobh, bhí siad fós rómhaith dá gcéilí comhraic.

Ar an taobh eile, seans nach raibh mórán lasmuigh de chontae Luimnigh féin ag ceapadh go rachadh foireann óg John Kiely chomh fada seo. Tar éis dóibh Craobh Faoi-21 na hÉireann a bhuachan in 2015 agus arís in 2017, ní raibh aon amhras ach go raibh imreoirí den scoth ag teacht chun cinn sa chontae, ach measadh go mb’fhéidir go raibh cúpla bliain eile le dul acu.

Tosaíodh ar aird a thabhairt orthu nuair a bhuail siad Gaillimh i Roinn 1B na sraithe chun ardú céime a bhaint amach, ach is i gCraobh na Mumhan a thosaigh Luimneach ag dul i bhfeidhm ar dhaoine i gceart.

Bhí bua iontach acu ar Thiobraid Árann sa chéad chluiche agus cé nár éirigh leo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige, is i bhfeabhas a chuaigh siad ó shin.

Is minic ráite é le cúpla seachtain anuas gurb í stuaim na bhfear óg an rud is iontaí faoi fhoireann seo Luimnigh.

In aghaidh Chill Chainnigh sa chluiche ceathrú ceannais, chuaigh na Cait chun cinn agus gan ach cúig nóiméad fágtha. Dá mb’fhíor fianaise na staire, is ar uair sin na práinne a thitfeadh an tóin as Luimneach, ach a mhalairt a tharla an t-am seo. Na Muimhnigh ba láidre a chuir críoch leis an gcluiche.

Graeme Mulcahy, Luimneach

In aghaidh Chorcaí sa chluiche leathcheannais, bhí Luimneach sé phointe chun deiridh tar éis 63 nóiméad ach fós níor ghéill siad. Rinne siad an cinneadh ceart arís agus arís eile chun an bhearna a chúngú agus faoin am go raibh am breise bainte amach acu, ní raibh aon amhras ach go mbeadh an lá leo.

Is tréith iontach í an stuaim sin agus teastóidh sí go géar uathu tráthnóna. Ní hamháin gurb é seo an cluiche is mó riamh atá imeartha ag fir Luimnigh, ach tá siad ag imirt i gcoinne foireann as Gaillimh atá mór, láidir agus tréan.

Mar atá ráite againn, ní raibh Gaillimh i mbarr a maitheasa i mbliana, nó b’fhéidir gur cirte a rá nach raibh siad i mbarr a maitheasa ó thús deireadh aon cheann de na cluichí a bhí acu. Bhí tréimhsí i gcluichí éagsúla ina raibh siad ar fheabhas ar fad, ach, níos tábhachtaí ná sin, léirigh siad an-diongbháilteacht nuair ba mhó a gá.

Níor chuir aon dream mórán dua orthu go dtí gur bhain siad cluiche ceannais Laighean amach agus ba san athimirt in aghaidh Chill Chainnigh a thosaigh séasúr na Gaillimhe i ndáiríre.

Rinne siad scrios ar Chill Chainnigh sa chéad leath, ach, mar sin féin, lig siad do na Cait an farasbarr 12 pointe a laghdú go dtí aon phointe amháin. Mar atá tarlaithe arís agus arís eile i mbliana, áfach, níor lig Gaillimh dá gcéilí comhraic dul níos faide ná sin.

Sna cluichí leathcheannais in aghaidh chontae an Chláir, bhí na tréithe céanna le feiceáil in imirt na Gaillimhe. Chuir siad tús leis an dá chluiche sin agus tine ar gcraiceann. Bhí siad ocht bpointe chun cinn tar éis 15 nóiméad sa chéad chluiche agus naoi bpointe chun cinn tar éis 20 nóiméad san athimirt. Lig siad na Cláirínigh ar ais sa dá cheann, áfach.

Mar sin féin, bhí freagra acu i gcónaí ar a gcéilithe comhraic. Imríodh 180 nóiméad idir an dá chluiche sin ach níor éirigh le foireann an Chláir dul chun cinn ar Ghaillimh ach ar feadh trí nóiméad.

Tá taithí anois ag foireann Mhicheál Donoghue ar Chraobh na hÉireann a bhuachan agus féinmhuinín acu de bharr bhua na bliana seo caite. Creideann na Gaillimhigh go bhfuil siad níos fearr ná aon fhoireann eile sa tír, agus is faoi Luimneach atá sé a mhalairt a chruthú.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Meastar gurb iad Gaillimh an fhoireann is fearr, faoi Luimneach atá sé sin a bhréagnú'