Meascán Mearaí 04 – Cé a rinne é? (Cartlann 2016)

FOGHLAIMEOIRÍ: Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir… níl le déanamh agaibh ach a fháil amach cé a rinne é!

Meascán Mearaí 04 – Cé a rinne é? (Cartlann 2016)

Cartoon baddies FP

An Scéal

Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir agus tá oraibh fiosraithe agus iniúchadh a dhéanamh ar choireanna. Thíos tá roinnt eolais faoi gcás atá idir lámha agaibh i láthair na huaire. Níl an t-eolas seo ag an bpobal.  Ar dtús tá cur síos ar an gcoir agus na fíricí eile a bhaineann leis an gcás. Ina dhiaidh sin tá eolas/cuntas ó thriúr go bhfuil sibh in amhras fúthu. Tá duine acu, ar shlí amháin nó ar shlí eile, tar éis tabhairt le fios go bhfuil siad ciontach. Léigh an méid thíos go cúramach agus déan iarracht an mhéar a shíneadh.

Na Fíricí

  • An deireadh seachtaine seo caite bhí timpiste cairr ar imeall an bhaile mhóir.  
  • Bhuail veain bhán i gcoinne bhus scoile agus d’fhág sé láthair na timpiste. 
  • Tá trí chrosaire ar an taobh sin den chathair agus tá soilse tráchta ag gach ceann acu. Tá oibreacha bóthar ar an gcéad cheann.  Seo iad na t-aon oibreacha bóthar atá ag tarlú.  
  • Thalra an timpiste ag an dara soilse tráchta agus bhí tranglam mór tráchta ar gach bóthar sa cheantar dá bharr.  
  • Tharla an timpiste ag a sé a chlog agus níor glanadh an bóthar agus an trácht go dtí a seacht a chlog. 
  • Ní raibh leanaí sa bhus ag an am agus níor gortaíodh éinnne cé gur rinneadh go leor damáiste do dhoras agus fuinneoga an bhus.  
  • Bhí cluiche ar siúl sa cheantar ag an am. Thosaigh an cluiche ag a cúig a chlog agus bhí sé críochnaithe ag a seacht a chlog. Bhí Ciarraí ag imirt i gcoinne Chorcaí. Chuir an timpiste moill mhór ar thrácht an chluiche.  
  • Tá ionad siopadóireachta gar do láthair na timpiste agus bhí go leor daoine ansin ag siopadóireacht. 

Ráitis

 

Ciaran Cantalach

Nílim i mo chónaí gar don áit inar tharla an timpiste.

Ní thógaim an bóthar sin ar chor ar bith.
Tá veain bhán agam.
Is siúinéir mé agus úsáidim an veain don obair.
Bhí mé ag obair go dtí a trí agus ansin chuaigh mé chuig an gcluiche. Bhí mé sa bhaile ag a seacht. Ní raibh aon trácht ann an t-am sin cé go raibh oibreacha bóthair ar bun.
Ní fhaca mé bus scoile in aon áit.
Chuala mé faoin timpiste ina dhiaidh sin agus bhí áthas orm nár gortaíodh éinne.


 

Mairead Mearbhlach

Táim ag obair san ionad siopadóireachta.
Tosaím ag a 11.00 r.n. agus críochnaím ag a 6.30 i.n.
Bhí m’fhear céile ag an gcluiche agus bhí an veain agamsa.
Bhí go leor tráchta timpeall an ionaid agus bhí cúrsaí tráchta an-olc an oíche sin. Chuala mé go raibh timpiste de shaghas éigin idir leoraí agus tarracóir.
Bhí mé sáinnithe sa trácht.
Ar deireadh thiar, thiomáin mé thar láthair na timpiste agus chonaic mé an bus leis na fuinneoga briste.
Ní fhaca mé éinne ar an mbus.


 

Aine Amhrasach

Táim ag obair mar dhlíodóir leathbhealach idir an t-ionad siopadóireachta agus an pháirc peile.
Tá carr BMW agam ach bhí sé sa gharáiste an lá sin. Bhí orm veain bhán m’fhear céile a úsáid.
Nuair a d’fhág mé an obair chonaic mé go raibh bonn pollta agam.
Chaith mé go leor ama ag plé leis sin. Chabhraigh mo bhas liom.
Bhí sé leathuair tar éis a seacht nuair a d’fhág mé carrchlós na hoifige.
Ní raibh an trácht ródhona an uair sin.
Níor chuala mé aon ní faoi thimpiste.


 

Cé a rinne é?

Cliceáil anseo

 

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 04 – Cé a rinne é? (Cartlann 2016)'