Meascán aisteach saoirse agus féinsmachta an scríbhneora

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: spriocanna scríbhneoireachta in ionad sceideal oibre

Meascán aisteach saoirse agus féinsmachta an scríbhneora

Meán Fómhair. Ciorrú ar na laethanta, ach dóchas san aer. Chuile sheans go mbaineann sé leis an múnlú inchinne a dhéanann féilire na scoile orainn (pinn agus leabhair nótaí nua!) ach feictear dom nach bhfuil am ar bith sa bhliain inchurtha leis an tráth seo chun tús a chur le togra scríbhneoireachta nua.

Ar an drochuair, bíonn sé chomh héasca céanna togra nua a chaitheamh in aer nuair a thosaíonn stoirmeacha na Samhna ag séideadh nó nuair a thosaíonn bête noire na Nollag ag bagairt orainn.

An chosaint is fearr air sin ná pleanáil. 

Ar an ábhar sin, seo thíos mo chomhairle don té a mbuailfeadh an fonn é creach a dhéanamh ar shiopa stáiseanóireachta ceann de na laethanta seo agus tús a chur le saothar nua a bheadh ar bharr liosta na leabhar mórdhíola i gceann bliana nó dhó.

Ach ar dtús: fógra séanta.

Bíonn a mhodh oibre féin ag gach scríbhneoir agus ní gá go bhfeilfeadh cur chuige an scríbhneora A do scríbhneoir B. Ach oiread le comhairle ar bith sa tsraith colún seo, níl sa mhéad thíos ach mo dhearcadh féin ar cheist a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Le blianta anuas, ní bhacaim le sceideal oibre. Ina ionad sin, leagaim síos spriocanna dom féin. Ní líon focal a bhíonn i gceist, ach tascanna.

Ag tús na seachtaine – oíche Dhomhnaigh go minic, maidin Luain ar a dhéanaí – tugaim geallúint dom féin. ‘An tseachtain seo, scríobhfaidh mé an chéad dréacht de chaibidil a trí.’ ‘An tseachtain seo, déanfaidh mé eagarthóireacht ar ghearrscéal X.’ Nó fiú: ‘Caithfidh mé an tseachtain seo ar fad ar fheachtas poiblíochta don saothar nua.’ Níos minice ná a mhalairt, bíonn níos mó ná sprioc amháin, nó go deimhin meascán mearaí mionspriocanna, le comhlíonadh.

Ach pé sprioc a chuirim romham, caithfidh mé í a bhaint amach. Níl an dara rogha ann. Ceist ionracais é, ceist féinmheasa go deimhin. Mura mbíonn an obair a chuir mé romham ag tús na seachtaine críochnaithe agam faoin Aoine, beidh orm coinneáil orm ag obair ar an Satharn nó fiú ar an Domhnach. Má bhainim mo sprioc amach Déardaoin, beidh deireadh seachtaine fada agam. Má theastaíonn uaim an Chéadaoin ar fad a chaitheamh ar an trá, tá sé sin togha – chomh fada agus a chomhlíonaim na geallúintí a thug mé dom féin ag tús na seachtaine.

Meascán aisteach saoirse agus féinsmachta. Oibríonn sé. Domsa, pé scéal é. Ach bíodh an phleanáil réadúil. Ní fiú spriocanna a leagan amach nach féidir a bhaint amach. Cliseadh meabhrach an toradh a bhíonn air sin.

Nuair a bhíonn mórthogra i gceist – úrscéal, cnuasach gearrscéalta, leabhar neamhfhicsin – bíonn orm pleanáil níos fadtréimhsí a dhéanamh. Go deimhin, bheadh foilsitheoir ar bith ag súil lena leithéid. A luaithe agus a shocraítear spriocdháta, brisim síos an obair a bheidh le déanamh i bpíosaí ar féidir iad a láimhseáil.

Faoi láthair, den chéad uair riamh, tá úrscéal á scríobh agam i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris. Níl conradh ar bith sínithe agus dá bharr sin níl spriocdháta leagtha síos. An rud is annamh is iontach, ach bíonn an baol ann i gcónaí go gcuirtear an rud nach bhfuil práinneach ar an méar fhada. Caibidil amháin in aghaidh na míosa, a gheall mé dom féin an tseachtain seo. Ar an ábhar sin, ní mór dom peann a chur le páipéar!

Fág freagra ar 'Meascán aisteach saoirse agus féinsmachta an scríbhneora'

  • Jeaic

    Alt maith faoi dheacrachtaí agus faoi bhuntáistí an ealaíontóra freisin a Alex-an-tábhachtach!