Meas tú céard atá ar bun ag mo chuid sionapsaí-sa? An ar leathscor atá siad?

Is annamh go mbíonn ár gcolúnaí in ann do dhiancheistiú Chúirt an Chailín Mór Beag

Meas tú céard atá ar bun ag mo chuid sionapsaí-sa? An ar leathscor atá siad?

LÉARÁID: CÓS/TUAIRISC.IE

Phreab an Cailín Mór Beag aníos sa leaba. ‘Cá’l tú a’ gabháil?’ a d’fhiafraigh sí díom.

Thuig mé óna glór go mba mhór an t-údar díomá di go raibh mé tar éis éirí as an leaba agus iarracht a dhéanamh éalú síos an staighre i ngan fhios di.

‘Ó?’ a dúirt mé, ‘tá brón orm, cheap mé go raibh tú i do chodladh.’

‘Níl,’ a dúirt sí. Ba léir nach raibh.

‘Bhuel, tá’s a’m é sin anois,’ a dúirt mé, is mé fós ag dul i dtreo an dorais go deas mall, ‘ach ní raibh a fhios agam é ag an am.’ 

‘Ach, cén fáth go bhfuil tusa ag éirí, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom. Ceist mhaith. Ceist mhaith, go deimhin. ‘Nár dhúirt tú go raibh sé in am ag ’chuile dhuine a ghabháil a chodladh’?’

‘An bhfuil tú cinnte gur dhúirt mé é sin?’ a d’fhiafraigh mé di ag iarraidh an bun a bhaint óna hargóint.

‘Tá mé cinnte,’ a dúirt sí, agus thuig mé gur mheas sí go raibh seafóid éicint orm.

Cén t-iontas é go mbeadh sí chun cinn orm san argóint? Rud amháin, tá níos mó codlata déanta aici ná mar atá agamsa le cúig bliana anuas, tá an óige léi, tá an inchinn níos sciobtha, is na sionapsaí ag scaoileadh is ag preabadh is ag déanamh a gcuid oibre.

An toradh atá air seo ná go gcuimhníonn sí ar chuile shórt a deirim léi. Cruthaíonn sé seo fadhbanna dom, scaití.

Meas tú céard atá ar bun ag mo chuid sionapsaí-sa, ar aon chaoi? Sílim go mb’fhéidir go bhfuil siad imithe ar ar laethanta saoire, nó ar leathscor fiú.

Dá ndéarfaí liomsa (mar atá ráite liom le cúpla lá anuas), ‘nach cuimhin leat, dúirt tú go dtabharfá ag an sorcas muid agus go gceannófá flas candaí dúinn?’, ní fhéadfainn a rá go cinnte ar thug nó nár thug mé aon gheallúint maidir le freastal ar an sorcas, ná faoi fhlas candaí ach an oiread. Ach tá barúil agam go mbeidh muid ag dul go dtí an sorcas an deireadh seachtaine seo.

‘Níl mé ach ag dul síos a’ staighre ar feadh cúig nóiméad…Ok, oíche mhaith,’ a dúirt mé an oíche cheana agus chas mé is rug mé ar lámh an dorais. Bhí sé chomh maith agam é a sheansáil.

‘Ach cén fáth go bhfuil tú ag dul síos a’ staighre?’ a d’fhiafraigh sí díom.

‘Ó, caithfidh mé éadaí a chur sa mheaisín,’ a dúirt mé go stadach, ní raibh m’fhianaise réitithe i gceart agam don dianfhiosrúchán. ‘Ní bheidh mé ach dhá nóiméad.’

Más fiú tada é, d’airigh mé go dona de bheagán agus mé á rá sin, mar nach raibh sé i gceist  agam a bheith ar ais théis dhá nóiméad, ná théis deich nóiméad ach an oiread.

‘Ach, Mamaí?’ a dúirt sí liom i nglór bog, foighdeach. ‘Dúirt tú é sin aréir liom agus ansin rug mé ort agus tú i do shuí ag breathnú ar an teilí.’

Fág freagra ar 'Meas tú céard atá ar bun ag mo chuid sionapsaí-sa? An ar leathscor atá siad?'