‘Meas tú céard a thug isteach sa siopa glasraí is fearr ar domhan mé?’

Colún nua le Bridget Bhreathnach faoi shuáilcí agus duáilcí an tsaoil, agus pé rud eile a ritheann léi…

‘Meas tú céard a thug isteach sa siopa glasraí is fearr ar domhan mé?’

‘Meas tú céard a thug isteach anseo mé?’ Chuala mé glór ban ar mo chúl. Istigh sa siopa glasraí is torthaí is fearr ar domhan a bhí mé. Ar fhaitíos nach raibh a fhios agat é, is i nGaillimh atá sé.

Gheobhaidh tú comhairle saoil ann freisin, chomh maith le hiasc, tae rooibos (dá mbeadh peaca éicint ort agus tú ag iarraidh aithrí a dhéanamh), ola olóige, fíon deas agus seacht gcéad cineál pasta.

Chas mé thart go bhfeicfinn an raibh sí ag caint liomsa agus chonaic romham bean a raibh a saol in ord is in eagar aici. Bhí a gruaig ghairid liath réitithe go néata aici, snas ar a bróga agus cóta deas táilliúrtha ar dhath an chamaill uirthi.

Tuigeann chuile dhuine go bhfuil smacht ag an té a chaitheann cóta camaill ar chúrsaí beaga an tsaoil. Bheadh a fhios agat ach breathnú uirthi nár chaith sí leathuair an chloig sular fhág sí an teach an mhaidin sin ag cuardach a cuid eochracha, ná an leabhar sin a bhí ina láimh aici díreach dhá nóiméad roimhe sin.

Ní ormsa a chuir sí an cheist ach ar fhear an tsiopa, a bhí sáite go domhain i gcomhrá bríomhar faoin méid a tharla sa rugbaí ag an deireadh seachtaine. Bhí úll crochta san aer aici agus é á bhreithniú aici mar a dhéanfadh sommelier le gloine fíona a bheadh ardaithe i dtreo an tsolais aige.

‘Meas tú céard a thug isteach anseo mé?’ ar sí.

‘Úllaí!’ arsa fear an tsiopa in ard a ghlóir agus ríméad air.

Bhreathnaigh chuile dhuine ar bhean an chóta. ‘Ní hea,’ a dúirt sí, ‘tá sé sórt cosúil le húll ach tá ainm éicint eile air’.

Céard atá cosúil le húll ach nach úll atá ann?

‘Tá sé agam!’ a bhéic sí ansin agus áthas uirthi. ‘Cleimintín atá uaim.’ Oráiste, bhí ciall leis. A mhalairt ar fad d’úll a bhí á lorg aici.

‘Maidin inniu a tháinig siad isteach,’ a dúirt fear an tsiopa agus lán glaice cleimintíní cruinnithe aige, ‘tá siad an-mhilis.’

Bhreathnaigh sí ar na cleimintíní go díomách.

‘Péitseog,’ a dúirt sí gan choinne agus lig osna faoisimh aisti.

‘Ó?’ a dúirt fear an tsiopa.

‘Níl aon chaoi orthu an t-am seo den bhliain,’ a dúirt sé.

‘Ach an bhfuil a fhios agat cá bhfaighinn ceann?’ arsa bean na péitseoige.

Bhí práinn ina glór.  

Cén chall a bhí aici le péitseog? Cén tubaiste a bhí tite uirthi nach raibh aon réiteach air ach péitseog? Thit tost ar an siopa.

‘Tá áit eile ann,’ a dúirt fear an tsiopa agus labhair sé go mall dáiríre.

‘Tá rud éicint acu atá an-chosúil le péitseog, ach ní péitseog atá inti.’

Ba leor sin. D’imigh sí ar thóir na péitseoige seo nach péitseog atá ann dáiríre.

Chas fear an tsiopa chugamsa.

‘Céard atá tú a iarraidh?’ a d’fhiafraigh sé díom.

Bhreathnaigh mé air agus scanradh i mo chroí.

‘Meas tú sa diabhal céard a thug isteach mé?’ a dúirt mé liom féin.

Chuimhnigh mé air agus chuimhnigh mé air, ach ní raibh aon mhaith ann.

‘Tógfaidh mé cúpla cleimintín,’ a dúirt mé.