Méara de shliocht Chonamara faoi bhrú i dtoghchán i bPortland

Tá a théarma ceithre blianta istigh anois ag Michael Brennan agus beidh toghchán don Mhéara i Portland ar an 3 Samhain

Michael Brennan
Michael Brennan

Áirítear go bhfuil mianach Chonamara i 30% de dhaonra chathair Portland i Stát Maine i Meiriceá. Duine acu siúd atá ina Mhéara ar an gcathair sin anois – Michael Brennan. Ba de shloinne Mhaoilchiaráin as Inis Nídh i gCloch na Rón a sheanmháthair. Bhí sí ar dhuine de na mílte Éireannach a chuaigh ar an imirce go Portland ó aimsir an Ghorta go dtí tuairim 1840.   

I 2011 a toghadh a garmhac, Michael Brennan, ina Mhéara ar Phortland. Bhí Michael Brennan páirteach sa Staidéar Gineolaíochta Gaeltachta atá ar bun in Ionad Oidhreachta na hÉireann i Portland. Taispeáneann na torthaí go bhfuil cuimse gaolta aige ar thaobh Chloch na Rón agus ar thaobh Charna de Chuan na Beirtrí Buí in iarthar Chonamara.

Toghchán stairiúil a bhí i Portland i 2011; ba é an chéad uair é ó 1923 gur toghadh an Méara ar vóta an phobail ar fud na cathrach. Tá a théarma ceithre blianta istigh anois ag Michael Brennan agus beidh toghchán don Mhéara i Portland ar an 3 Samhain. Tá Michael Brennan san iomaíocht arís – agus tá sé faoi bhrú.

Taispeáneann pobalbhreith amháin go bhfuil Brennan roinnt chun deiridh ar Ethan Strimling anois. Bhí Strimlimg – fear a bhfuil cúlra aige san oideachas agus in obair don óige – sa gcoimhlint freisin i 2011. Ceaptar go bhfuil a bhunáit pholaitiúil siúd neartaithe anois agus tá tacaíocht fógartha dó ag leath na gComhairleoirí cathrach i bPortland.

Áirítear Portland ar cheann de na cathracha is liobrálaí sna Stáit Aontaithe. Tá sé suntasach go dtagann daoine atá gan dídean in áiteacha eile go Portland.  Thagadh go leor daoine a bhí buailte ag HIV ann freisin mar go raibh go leor áiseanna agus seirbhísí ar fáil ann in aisce. Tarraingíonn an cheist seo díospóireachtaí agus argóintí scaití.

Ar an mórgóir, áfach, is cathair shíochánta agus deisiúil go maith é Portland.

Tá Portland seasta áirithe i measc na n-áiteacha is fearr sna Stáit Aontaithe le maireachtáil iontu ag foilseacháin éagsúla. Bheadh an chathair beagán níos mo ná cathair na Gaillimhe agus ag fás go láidir. Tá an dífhostaíocht níos ísle ná 4%.  Abraíonn lucht tacaíochta Michael Brennan go bhfuil an chathair gaibhte chun cinn go maith faoina stiúir siúd mar Mhéara. Tuige, mar sin, a bhfuil Brennan faoi bhrú?

Ait go leor, tá ardú a chur sé ar an mbunráta pá luaite mar cheann de na bearta a tharraing conspóid sa mullach air. Cuireadh dollar san uair leis an ráta i bPortland, rud a fhágann gur $10.15 cent an ráta anois. Chuir an t-ardú olc ar lucht bialainne agus óstáin agus cathair í Portland a bhfuil cáil na beatha uirthi agus tá cuimse áiteacha ann le dhul amach ag ithe. 

Ní fhaigheadh lucht freastail ach tuairim $3 san uair ach, ar a shon sin, tugann an córas ‘síneadh láimhe’ nó an córas ‘tips’ i Meiriceá buntáistí dóibh. Bhí go leor cur agus cúitimh ar bun faoin gcostas a chuirfeadh an t-ardú ar bhunphá ar thionscal na beatha agus na turasóireachta agus b’eigean athruithe a chur air.

Dúradh nach ndearna an Méara a dhóthain teagmhála le daoine ar nós lucht na mbialanna agus na n-óstán roimh ré. Go deimhin, cuireann cuid de dhream a cháinte i leith Michael Brennan nach fear mór le plé agus le comhréiteach é.

Tá rud eile ann sa méid agus nach raibh cumhacht agus stádas lánaimseartha ceithre bliana ag Méara Portland le 90 bliain roimhe seo. Dá réir sin, táthar fós ag dul i gcleachtadh ar chóras nua riaracháin cathrach ansin.

Bhí an imní go bhfaigheadh na hÉireannaigh agus na Caitlicigh – muintir agus sliocht Chonamara den chuid is mó – smacht polaitiúil ar an gcathair ar cheann de na cúiseanna gur cuireadh deireadh le post lánaimseartha an Mhéara i bPortland i 1923. 

D’athraigh an seandream Protustúnach an córas. Ba díol suntais é gur fear a raibh neart d’fhuil Chonamara ina chuid feitheacha a thug leis an chraobh nuair a bunaíodh córas an Mhéara arís. Tá an toghchán don phost sin idir dhá cheann na meá anois agus an vótáil i bhfoisceacht roinnt laetheana dúinn.

Fág freagra ar 'Méara de shliocht Chonamara faoi bhrú i dtoghchán i bPortland'