Meán oíche am dúnta na dtábhairní agus clubanna oíche agus beartais nua fógartha

Tá dlús á chur le dáileadh na teanndáileoige den vacsaín agus imní ann faoi líon na n-othar atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil

Meán oíche am dúnta na dtábhairní agus clubanna oíche agus beartais nua fógartha

Tá srianta nua chun dul i ngleic leis an maidhm is déanaí den Covid-19 aontaithe ag an Rialtas.

Ó mheán oíche Déardaoin caithfidh tábhairní, bialanna agus clubanna oíche dúnadh ag meán oíche.

Obair ón mbaile ón Aoine an moladh d’aon duine a fhéadfas sin a dhéanamh agus iarrtar ar fhostóirí an deis sin a thabhairt dá bhfostaithe más féidir.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil teanndáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine idir 16-59 a bhfuil tinnis ainsealacha ag cur as dóibh, do gach duine in aonaid chúraim agus do gach duine idir 50-59 a bhfuil a gcéad vacsaíní faighte acu ar a laghad cúig mhí ó shin.

Beidh 2.2 milliún duine i dteideal na teanndáileoige faoi na socruithe nua, a deir an Taoiseach, Micheál Martin.

Faoi na srianta nua aon duine a bhíonn i dteagmháil le duine atá buailte ag Covid-19 agus a bhfuil an vacsaín faighte aige, caithfidh sé fanacht amach ó dhaoine eile ar feadh cúig lá agus trí thástáil antaigine a dhéanamh sula rachaidh sé i measc an phobail arís. Seolfar tástálacha antaigine chuig gartheagmhálaithe.

Chomh maith leis sin, caithfear na pasanna Covid-19 a thaispeáint le dul isteach chuig pictiúrlanna agus amharclanna.

D’fhógair an Rialtas na srianta nua seo an lá céanna a raibh laghdú ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP). De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Coimirce Sóisialta tá 78,000 duine fós ag brath ar an íocaíocht sin. Aon duine a bhí i dteideal €300 sa tseachtain, €250 a gheobhaidh sé ón lá inniu ar aghaidh agus an duine a d’fhaigheadh €250, gheobhaidh sé €203, an méid a fhaightear mar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Dúirt an Taoiseach inniu gur údar imní an brú atá ar an gcóras ospidéal agus gurb é an gar is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh don lucht leighis ná vacsaín a fháil agus freastal ar choinne don teanndáileog.

Dúirt an Taoiseach gur léirigh an samhaltú eipidéimeolaíochta a cuireadh faoi bhráid an Rialtais aréir gur i ndeireadh mhí na Nollag a bheas an ráig is déanaí seo den víreas ina buaic ach gur deacair a bheith beacht faoin tuar sin faoin víreas.

Fág freagra ar 'Meán oíche am dúnta na dtábhairní agus clubanna oíche agus beartais nua fógartha'

  • Antóin

    Meán oíche am dúnta na gclubanna oíche! N’fheadar cé atá i gceannas ar an sorcas seo?