Tuigtear go bhfuil meamram le cur faoi bhráid an Rialtais go luath maidir le reachtaíocht a thabharfadh deis do vótóirí na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír.
Ag labhairt dó faoin scéal go mbeadh a bhille á chur faoi bhráid an Rialtais go luath, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur “údar dóchais” a bhí ann.
Dúirt sé áfach go gcaithfí “gníomhú go luath” chun go mbeadh an dlí athraithe in am do thoghcháin áitiúla na Bealtaine.
Is é aidhm bille Uí Chuív deis a thabhairt d’oileánaigh vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír i reifrinn, toghcháin Dála agus uachtaránachta. Faoin mbille seo, dhéanfaí alt 85 den Acht Toghchán 1992 agus alt 42 den Acht Toghchán Uachtaránachta 1993 a leasú, faoina gceadaítear vótáil a reáchtáil ar na hoileáin suas le cúig lá roimh lá na vótála ar an mórthír.
Faoin mbille seo leasófaí an fhoráil a cheadaíonn do Cheann Comhairimh toghcháin a reáchtáil ar oileáin roimh an gcuid eile den tír, rud a dúradh a cheileann feachtas iomlán toghchánaíochta ar mhuintir na n-oileán.
Thabharfadh an leasú seo cead don Cheann Comhairimh córas iompair a fhostú lena chinntiú go mbeadh na boscaí vótála ag an ionad comhairimh ag a naoi a chlog an mhaidin i ndiaidh lá na vótála.
Is fada é á mhaíomh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cothrom go raibh sé níos deacra ag oileánaigh a vóta a chaitheamh ná daoine eile sa tír.
Cé go bhfuil ‘teachtaireacht airgid’ á lua lena mholadh, meicníocht a bhfuil úsáid bainte ag an Rialtas aisti cheana chun dréachreachtaíocht a chur ó mhaith sa Dáil, tá Ó Cuív dóchasach go ndéanfadh a bhille an beart. Dúirt sé go raibh plé “dearfach” aige le státseirbhísigh faoin scéal agus gur thacaigh an Tánaiste Simon Coveney sa Dáil cheana lena mholadh.
Mhol Ó Cuív cheana ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ a thabhairt ar an reachtaíocht nua a cheadódh do mhuintir na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír.
Is mar chomhartha ómóis do Shéamus Jaimsie Ó Flaithearta, an fear pobail aitheanta as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh anuraidh, a mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar an reachtaíocht nua.
Fág freagra ar 'Meamram le cur faoi bhráid an Rialtais faoi dheis do mhuintir na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír'