Meallfaidh éan corr Brendan Gleeson ó thús thú

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ba dhóigh leat gur scríobhadh Mr. Mercedes go speisialta do Bhrendan Gleeson

Meallfaidh éan corr Brendan Gleeson ó thús thú

Is beag duine a d’áiteodh orm é dá maífinn go bhfuil Brendan Gleeson ar an aisteoir scáileáin is cumasaí atá againn in Éirinn; cé go bhféadfaí a mhaíomh chomh maith go bhfuil a mhac Domhnall ag baint na sála de. Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar a shaol aisteoireachta lena fheiscint go bhfuil rólanna glactha aige i meascán mearaí de shaothair; ó shaothair thathagacha cosúil le Cold Mountain (2003) agus Calvary (2014) go scannáin mhóreachtraíochta cosúil le Braveheart (1995) agus cnuasach Harry Potter.

Cuimhním féin ar an léiriú iontach a thug sé ar an gCoileánach sa scannán teilifíse The Treaty (1991). Bhí sé le cloisteáil ar TG4 in 1916 Seachtar Dearmadta (2013) agus 1916 Seachtar na Cásca (2010), agus beidh aithne ag scoláirí Ardteiste air ón ngearrscannán Cáca Milis. Cé gur rólanna tánaisteacha a bhí aige go minic ba mhinic gurbh eisean an rud ab fhearr faoin saothar.

Dar liom gur iontach an rud é, agus é tuillte go maith aige, go bhfuil sé mar cheann feadhna ar shraith mhór teilifíse. Is í sin an tsraith Mr. Mercedes (RTÉ 1, Dé Máirt) a chuirfidh go mór lena cháil.

Táim gafa leis an tsraith seo ón gcéad luí súl agus táim ar tinneall agus í ag tarraingt ar cheann scríbe. Is liosta le háireamh é na saothair scáileáin atá bainte as saothair phinn Stephen King ach ba dhóigh leat gur scríobhadh an ceann seo ar mhaithe le Gleeson. Bhuel ar shlí bhí, cineáilín, óir gur admhaigh King gur shamhlaigh sé an Bleá Cliathach sa ról agus bhí an fhís céanna ag cruthaitheoir na sraithe, David E. Kelley.

Tá Bill Hodges éirithe as a phost mar bhleachtaire in Ohio; é colscartha, luite leis an óil agus tite chun feola, faoi mar a thugann an beochan tosaigh le fios dúinn. Tréithe seanchaite go leor ach éiríonn le Gleeson beocht agus daonnacht as an nua a chur iontu. Ciúta seanchaite eile ná an dúnmharfóir srathach agus an cás nach féidir leis an mbleachtaire a ligint le sruth. Foirmleach go maith mar sin, ach, agus Gleeson ina lár istigh, ní thaibhsítear duit go bhfuil tú in iomaire atá rómhartha go minic cheana. Tá gaol ait, greannmhar aige lena chomharsa béal dorais agus gaol deas nádúrtha aige leis an ógánach a dhéanann cúram don ghairdín.  Is tríothu siúd, agus deirfiúr íobartaigh, a chinntítear go ndéantar cíoradh ar phearsantacht Bill agus nach bhfuilimid fágtha i dtaobh leis an mbleachtaireacht amháin. Tá Hodges cantalach, cliste, deisbhéalach, greannmhar agus suarach. Gaol achrannach aige lena iníon (a chíorfar amach anseo déarfainn) agus tá  a shaol ag imeacht le fán. I ndeireadh na dála, bá thar na bearta agat leis an éan corr seo.

Cat is luch in aghaidh a chéile mar sin agus is é gealt Harry Treadway a chéile comhraic. Is corraitheach agus is tathagach an léiriú a dhéantar ar an gcarachtar seo chomh maith. Cúinsí baile go hainnis riamh agus gaol casta aige lena mháthair. Cé go bhfuil an fear le craobhacha, tá bá againn leis go mórmhór agus é ina adharca lena bhas ag an obair. 

Cé nach bhfuil aon rud úrnua anseo éiríonn le Gleeson téagar a chur sa mhúnla seanchaite agus más áin leat an iomaire seo beidh tú gafa leis.

Fág freagra ar 'Meallfaidh éan corr Brendan Gleeson ó thús thú'