An Cailín Mór Beag ina saineolaí ar Shakespeare

Ba bheag nár spreag seónna teilifíse lár an lae andúil inár gcolúnaí…

An Cailín Mór Beag ina saineolaí ar Shakespeare

Is beag a cheap mé nuair a bhí buicéadliosta á scríobh amach againn ag tús an tsamhraidh go mbeadh muid ag streachailt leis an andúil i dteilifís an lae faoin am go dtiocfadh mí Lúnasa.

Thosaigh sé uilig cúpla seachtain ó shin agus muid imithe ar saoire. Tháinig mé ar an gCailín Mór Beag agus an Babaí ina suí ar an tolg sa leathdhorchadas, na cuirtíní tarraingthe i lár an lae agus iad dúghafa ag seó quiz.

“Mamaí!” a bhéic an Cailín Mór Beag orm nuair a shiúil mé isteach sa seomra suite, “Dún an doras, tá sé seo an-tábhachtach.”

Bhí mé imithe á gcuardach mar nach raibh aon amharc orthu le scaitheamh agus bhí mé ag déanamh iontais cén fáth nach raibh siad amuigh faoin aer ag spraoi sa ngrian. “Ná habair go bhfuil sibh ag breathnú ar an teilifís,” a dúirt mé.

“Níl muid ag breathnú ar an teilifís,” arsa an Cailín Mór Beag. “Tá muid ag breathnú ar The Chase!”

“Cén rud?” a d’fhiafraigh mé.

“Ar chuala tú riamh faoin Chase, tá sé iontach!” a deir sí.

“Níor chuala,” a dúirt mé agus amhras orm go bhféadfadh sé a bheith chomh hiontach sin.

“Shhh, tá sí ar six grand, Mamaí!” a mhínigh sí dom agus í an-dáiríre.

“Cé atá ar six grand?” a d’fhiafraigh mé di agus mearbhall orm. “Lucy,” a deir an Babaí go lom agus níor bhain sé a shúile den scáileán.

Shuigh mé síos ar choirnéal an toilg sa mbreacsholas agus thosaigh ag breathnú ar Lucy agus ceist na sé mhíle á cur uirthi.

“Which of the following was the last play written by William Shakespeare?” a d’fhiafraigh an láithreoir Bradley Walsh di. “Was it (a) Hamlet (b) Winter’s Tale or (c) Tempest?” 

“C!” a deir an Cailín Mór Beag. “B!” a deir an Babaí.

The answer is ‘C’ Tempest” a deir Bradley.

Is beag nár thit mé den tolg. “Bhí an ceart agat!” a deir mé leis an gCailín Mór Beag. “Cár chuala tú caint ar Shakespeare?”

“Cé?” a deir sí.

“Bhí an freagra ceart agat ar an gceist sin,” a dúirt mé ag míniú di.

“Ó! Bhuel, deirimse ‘C’ le gach ceist,” a mhínigh sí. “Agus deirimse ‘B,’’ a mhínigh an Babaí.

“Is an mbíonn ceachtar agaibh ag piocadh ‘A’ d’aon cheist?” a d’fhiafraigh mé.

“Féadfaidh tusa ‘A’ a phiocadh má tá tú ag iarraidh Mamaí,” a deir an Babaí liom go cabhrach.

Bhí mé do mo mhealladh isteach, chaithfinn rud éigin a dhéanamh sula mbeadh muid ar fad faoi gheasa ag soilse lonracha agus geallúintí bréige an seó quiz.

“Ní fhéadfaidh muid an lá a chur amú ag breathnú ar quizeanna,” a dúirt mé leo sula dtarraingeofaí isteach tuilleadh mé i ndomhan diamhair na teilifíse lae agus d’oscail mé amach na cuirtíní go scafánta sula mbeadh deis agam m’intinn a athrú.

Thosaigh siad ag cúbadh siar ó sholas na gréine. “Ach Mamaí, please, tá The Chase ón Astráil ina dhiaidh seo agus The Cube!” a d’impigh an Cailín Mór Beag orm.

“Nóiméad amháin eile, tá na ads ag teacht air anois!” a deir an Babaí.

Rug mé ar an zaipire mar a bheadh Dia á rá liom.

Fág freagra ar 'An Cailín Mór Beag ina saineolaí ar Shakespeare'