Méadú suas le 90% ar líon na gcásanna nua den víreas i dtoghcheantair Ghaeltachta le seachtain anuas

Cé gur tháinig méadú mór ar líon na gcásanna i gceantair Ghaeltachta áirithe i gCúige Mumhan, laghdú suntasach a bhí ar líon na gcásanna i gConamara Theas

Méadú suas le 90% ar líon na gcásanna nua den víreas i dtoghcheantair Ghaeltachta le seachtain anuas

Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 a deimhníodh i gceantair Ghaeltachta ag tús na míosa seo. Méadú beagnach 90% a bhí i gceist le toghcheantar Gaeltachta amháin agus an víreas fós á scaipeadh go tréan ar fud na tíre.

Deimhníodh 113 cás nua den víreas i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, idir an 3-16 Lúnasa. Beagnach leath an méid sin, 60 cás, a bhí i luaite leis an gceantar i bhfigiúirí na seachtaine seo caite, rud a chiallaíonn go bhfuil ardú 88% tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh i dtoghcheantar Dhún Garbhán le seachtain anuas.

Ráta scaipthe 551 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá i gceist sa cheantar anois, ardú ó 293, ráta na seachtaine roimhe sin.

Bhí méadú mór i gceist le líon na gcásanna a deimhníodh i gCorca Dhuibhne le roinnt laethanta anuas freisin. 78 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, suas ó 51 an tseachtain seo caite. Is ionann sin agus ardú 53%. Ráta scaipthe 550 atá luaite le Corca Dhuibhne anois.

Tá an ráta scaipthe i gCorca Dhuibhne agus i nDún Garbhán anois os cionn an mheánráta náisiúnta – 493. Ardú 17% a bhí i gceist ar líon na gcásanna ar fud na tíre le seachtain anuas.

Tá ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta anois i seacht gcinn den 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, gach ceann i nDún na nGall san áireamh.

Cé gur thit an ráta i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach beagáinín le seachtain anuas – ó 988 go dtí 973 – tá an ceantar fós ar cheann de na cinn is measa atá buailte ag cásanna den víreas sa tír.

Ráta 518 (ardú 17%) a bhí i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. 124 cás den Covid-19 a deimhníodh ansin idir an 3-16 Lúnasa. D’ardaigh an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae freisin ó 487 go dtí 581.

Laghdú suntasach ar líon na gcásanna a bhí i gceist le Conamara Theas le roinnt laethanta anuas. Bhí an ceantar ar cheann de na cinn ba mheasa a bhí buailte an tseachtain seo caite ach tá líon iomlán na gcásanna a deimhníodh ann le coicís anuas tite breis is 40%.

97 cás den Covid-19 a deimhníodh i gConamara Theas le coicís anuas, síos ó 166. Ráta scaipthe 455 atá luaite leis an gceantar anois.

A mhalairt a bhí i gceist i gConamara Thuaidh agus líon na gcásanna fós ag ardú. 107 cás den víreas a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, suas ó 93, agus ráta scaipthe 622 i gceist ann.

Laghdú ar líon na gcásanna a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Thit líon na gcásanna ó 129 go dtí 124, rud a fhágann ráta scaipthe 337 sa cheantar.

I Maigh Eo, tá toghcheantar Chathair na Mart (ráta 833) ar cheann de na ceantair ina bhfuil ráta an-ard ach tá ceann de na rátaí is ísle sa tír i gceist sa toghcheantar Gaeltachta eile sa chontae, Béal an Mhuirthead (191).

Méadú a bhí i gceist le toghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus an ráta scaipthe ardaithe ó 255 go dtí 359, ardú 41%.

I gcontae na Mí, thit an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 388 go dtí 305. 95 cás a deimhníodh ansin idir an 3-16 Lúnasa.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, chuaigh an ráta suas ó 349 go dtí 426 agus 138 cás nua aimsithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Méadú suas le 90% ar líon na gcásanna nua den víreas i dtoghcheantair Ghaeltachta le seachtain anuas'