Méadú leanúnach ar líon na bpaisinéirí ag aerfoirt Chonamara agus Dhún na nGall

Tháinig méadú beagnach 10,000 paisinéir ar líon na ndaoine a chuaigh trí Aerfort Dhún na nGall i nGaeltacht Thír Chonaill idir 2011-2016 agus bhí méadú measartha mór i gceist i gcás Aerfort Chonamara freisin

Méadú leanúnach ar líon na bpaisinéirí ag aerfoirt Chonamara agus Dhún na nGall

Tá méadú mór tagtha ar líon na bpaisinéirí a chuaigh tríd Aerfort Chonamara in Indreabhán agus Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn le blianta beaga anuas, de réir figiúirí nua.

Tá méadú beagnach 10,000 paisinéir tagtha ar líon na ndaoine a chuaigh trí Aerfort Dhún na nGall i nGaeltacht Thír Chonaill. D’úsáid 35, 415 paisinéir an t-aerfort sin sa bhliain 2014 agus 44,156 paisinéir in 2016.

De réir na bhfigiúirí nua a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, bhí méadú measartha mór i gceist i gcás Aerfort Chonamara freisin. Mhéadaigh líon na bpaisinéirí a chuaigh tríd an aerfort Gaeltachta sin, a chuireann seirbhís ar fáil d’Oileáin Árann, ó 19,236 in 2014 go 21, 345 in 2016. 17,966 a chuaigh tríd an aerfort in 2011.

Ainmníodh Aerfort Dhún na nGall mar “an dara haerfort is deise ar domhan le tuirlingt ann” an bhliain seo caite, agus luaitear an t-aerfort go minic in ábhar poiblíochta do thurasóirí. Tá aird idirnáisiúnta tarraingthe ar an gcontae, agus an ceantar Gaeltachta ann go háirithe, ag leithéidí National Geographic a chuir Dún na nGall ar bharr a liosta de na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu in 2017.

Níos luaithe i mbliana, fógraíodh go mbeifí ag cur le líon na n-eitiltí ón gCarraig Fhinn go hAlbain mar gheall ar an éileamh atá ann ó chustaiméirí ar a leithéid. Cuireadh eitilt bhreise sa tseachtain leis an tseirbhís sin mí an Mheithimh, agus tá eitiltí anois ar fáil cúig lá sa tseachtain ó Dhún na nGall go Glaschú.

Idir an dá linn, dúirt Pádraig Ó Céidigh, úinéir Aerfort Chonamara, le Tuairisc.ie go  bhfuil “rudaí éagsúla” ag cabhrú leis an mborradh faoin tseirbhís ó na Mine in Indreabhán go hOileáin Árann.

“Cabhraíonn Slí an Atlantaigh Fhiáin leis, agus tá Fáilte Éireann agus úsáid an aerfoirt ina n-ábhar poiblíochta. Tá comhordú maith ann le muintir Árann ó thaobh na turasóireachta de agus duine fostaithe go sonrach anois le díriú ar chúrsaí margaíochta.

“Tá líon na dturasóirí in Éirinn méadaithe le cúpla bliain anuas agus tá daoine ag taisteal arís. Is saoire ghearr a bhíonn i gceist den chuid is mó, daoine ag dul isteach ar feadh an deireadh seachtaine, agus is Éireannaigh den chuid is mó a úsáideann an tseirbhís,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Céidigh nach bhfuil sé chomh buartha sin faoi thionchar an Bhreatimeachta ar chúrsaí mar nach bhfuil muintir na Breataine i measc na ndaoine is mó a úsáideann an tseirbhís. Dúirt sé go bhfuil figiúirí Aerfort Chonamara maidir le líon na mBriotanach a úsáideann an tseirbhís níos lú ná an “meán” le hais seirbhísí eile turasóireachta in Éirinn agus nach dócha go mbeadh tionchar mór ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar an ngnó.

Thug Ó Céidigh le fios gur mhaith leis an tseirbhís “a mhéadú agus a fheabhsú” agus go mbíonn an comhlacht “i gcónaí ag iarraidh tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil”.

“Tá súil agam go mbeadh muid in ann cur leis an tseirbhís, luífeadh sé le ciall go gcuirfí, bheadh buntáistí ann go háitiúil do mhuintir Árann agus do mhuintir Chonamara, agus bheadh lucht cáin ioncaim ag fáil níos mó airgid agus ní chosnódh sé níos mó airgid ar an stát an tseirbhís a mhéadú. Bheadh buntáistí go leor leis,” a dúirt Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Méadú leanúnach ar líon na bpaisinéirí ag aerfoirt Chonamara agus Dhún na nGall'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl ‘fhios agam an bhfuil polasaí Gaeilge ag na haerfoirt ‘Gaeltachta’ seo?? An bhfuil plean teanga acu leis an Ghaeilg a chaomhnú agus a bhuanú sa Ghaeltacht? Caidé fá foireann oibre le Gaeilg agus go n-úsáideofaí an Ghaeilg mar theangaidh oibre ar an láthair oibre? Cá mhéad píolóta le Gaeilg atá acu? Nó caidé fá fógraí Gaeilge a fhógairt ar challairí an eitleáin nó san aerfort féin?

    Ní fheicim aerfort Carraig Fhinn ag déanamh móran iarrachta cibé ar bith, nach Béarlóirí uilig atá siad féin agus Fáilte Ireland ag mealladh chun na Gaeltachta?

    Ní iontas ar bith an Ghaeilg ag fáil bháis sa Ghaeltacht…