Méadú eile ar phraghas tithe agus árasán ach iad fós faoi bhun ré an Tíogair Cheiltigh – tuairisc nua

Theastódh 50,000 teach nó árasán nua gach bliain, as seo go ceann 30 bliain le freastal ar éileamh an phobail, dar le lucht forbartha

Méadú eile ar phraghas tithe agus árasán ach iad fós faoi bhun ré an Tíogair Cheiltigh – tuairisc nua

Tháinig méadú eile ar phraghas tithe agus árasán sa tír seo mí an Mheithimh ach tá siad fós níos saoire ná mar a bhíodar sa bhliain 2007, an uair ba dhaoire iad, de réir tuairisce nua ón Phríomh-Oifig Staidrimh.

Méadú 6.9% a tháinig ar phraghsanna sa Mheitheamh, ardú ón 5.4% a bhí i gceist an mhí roimhe sin. Seo an ráta méadaithe is mó ar phraghas tithe le dhá bhliain go leith.

Ach tá tithe agus árasáin, ar an meán, fós 12.3% níos saoire ná mar a bhí siad le linn ré an Tíogair Cheiltigh – 17.7% níos lú i mBaile Átha Cliath agus 14.95% níos lú sa chuid eile den tír.

Sa bhliain 2013 ba shaoire a bhí tithe agus árasáin le linn na géarchéime eacnamaíochta ach tá praghsanna ardaithe 95% ó shin i leith.

3,473 teach agus árasán a díoladh mí an Mheithimh agus caitheadh €1.1 billiún orthu, de réir tuairisc na Príomh-Oifige Staidrimh a foilsíodh inniu. Tithe agus árasáin athláimhe ab ea 85% de na cinn a díoladh agus foirgnimh nua a bhí sa 15% eile. Go náisiúnta is €265,000  an meánphraghas a íocadh ar na háitribh sin ach bhí an meánphraghas i bhfad níos airde san ardchathair – €395,000.

Sna ceantair cois teorann is mó a tháinig ardú ar phraghas tithe – 13.9% agus san iardheisceart ba lú an méadú – 2.7%. Ardú 5.1% a bhí i gceist in iarthar na tíre.

Meastar go raibh tionchar ag an phaindéim ar na praghsanna – airgead breise ag daoine, daoine ag obair ón mbaile, agus daoine eile a d’fhill ón mBreatain de bharr an Bhreatimeachta.

Idir an dá línn, tá sé ráite ag Ronan Lyons, eacnamaí le Irish Institutional Property – eagraíocht stocaireachta d’fhorbróirí agus do thiarnaí talún – go dteastódh 50,000 teach nó árasán nua gach bliain, as seo go ceann 30 bliain le freastal ar éileamh an phobail. Theastódh infheistíocht €16 billiún sa mbliain chuige seo, dar le Lyons, agus mheas sé gur infheistíocht eachtrach is mó a bheadh i gceist. Meascán d’áitribh phríobháideacha, áitribh ar cíos agus áitribh shóisialta a theastaíonn.

Thug an t-eacnamaí rabhadh faoin mbearna idir an cíos ar thithe is árasáin agus ioncam oibrithe. Dúirt sé go bhfuil rátaí cíosa 40% níos airde anois ná mar a bhí siad le linn an Tíogair Cheiltigh ach nach bhfuil tuarastal oibrithe ach 10% níos airde.

35,000 teach nó árasán nua in aghaidh na bliana an sprioc oifigiúil atá ag an Rialtas maidir le soláthar áitreabh nua.

Tugadh le fios níos túisce an tseachtain seo i dtuairisc ón suíomh Daft.ie gur €1,477 an meánchíos míosúil a bhí le híoc ag daoine sa dara ráithe den bhliain seo ach gur €2,035 an meánráta míosúil a bhí i gceist i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Méadú eile ar phraghas tithe agus árasán ach iad fós faoi bhun ré an Tíogair Cheiltigh – tuairisc nua'