Méadú as cuimse ar líon na n-eachtraí ina ndéantar loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha

Tá suas le £40,000 caite ag comhairlí i dTuaisceart Éireann le cúig bliana anuas ar 300 eachtra ina ndearnadh scrios ar chomharthaí dátheangacha

Méadú as cuimse ar líon na n-eachtraí ina ndéantar loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha

Tá cáineadh déanta arís ag comhairleoirí ó thuaidh ar an loitiméireacht gan stad atá á déanamh ar chomharthaí dátheangacha.

Baineadh úsáid as péint agus uirlisí cumhachta chun comharthaí dátheangacha a scriosadh i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le linn na Nollag. Rinneadh damáiste do chomhartha amháin i mBaile Úr in Ard Mhacha trí huaire taobh istigh de dhá mhí.

Loiteadh cuid de na comharthaí le péint agus stroighin chun an leagan Gaeilge de logainm a chlúdach agus gearradh anuas comharthaí eile le líomhadóirí diosca.

Comharthaí bóthair den chuid is mó a ndearnadh damáiste dóibh ach rinneadh scrios freisin ar chomhartha taobh amuigh d’áiseanna chumann CLG Áit Tí Chathail i gcontae an Dúin roimh an Nollaig.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil líon na n-eachtraí loitiméireachta ag dul i méid gach bliain. Cúig eachtra a tuairiscíodh ar fud Thuaisceart Éireann in 2015 ach bhí níos mó ná 100 i gceist in 2021.

Dúirt an comhairleoir áitiúil, Leeanne McEvoy ó Shinn Féin, gur léirigh na hionsaithe “neamhaird, dímheas agus fuath don Ghaeilge.”

Dúirt sí go raibh sé ríthábhachtach go léireofaí meas agus go ndéanfaí cosaint ar na comharthaí dátheangacha, cinn Ultaise a crochadh sa cheantar le gairid ina measc. Iarradh ar aon duine a raibh aon eolas acu faoi na hionsaithe teagmháil a dhéanamh leis an PSNI.

I gcás amháin sa Bhaile Úr anuraidh, dúirt na póilíní gur “coir fuatha” a bhí i gceist le heachtra a bhí á fiosrú acu inar deineadh dochar do chomhartha bóthair dátheangach.

De réir eolais a fuair Belfast Live, rinneadh loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha beagnach 300 uair i gceantair éagsúla ar fud an Tuaiscirt le cúig bliana anuas agus tá £40,000 caite ag comhairlí áitiúla chun iad a dheisiú.

Chaith Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin níos mó ná £11,000 idir 2015 agus 2021 ar bheagnach 60 cás ina raibh loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha.

230 cás a bhí i gceist i Lár Uladh ó 2017 agus os cionn £24,000 caite ag an gcomhairle ansin ar chomharthaí a dheisiú.

Fág freagra ar 'Méadú as cuimse ar líon na n-eachtraí ina ndéantar loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá na comharthaí siúd go hiomlán dátheangach – chan cosúil leis an masla a bheir rialtas na hÉireann ar an Ghaeilg ar an taobh seo den teorainn agus an teanga dúchais sa chló Iodálach acu agus i bhfad níos lú na an leagan gránna Béarla!