Méadú ar an gcostas a bhain le RnaG in 2017, a deir RTÉ

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil nua RTÉ go bhfuil an Ghaeilge ina ‘dlúthchuid’ den 25 seirbhís a chuireann RTÉ ar fáil

Méadú ar an gcostas a bhain le RnaG in 2017, a deir RTÉ

Cé gur tháinig méadú €100,000 ar an airgead a chaith RTÉ ar Raidió na Gaeltachta anuraidh, ba é an stáisiún Gaeilge an t-aon stáisiún raidió de chuid RTÉ ar tháinig laghdú ar an sciar den cheadúnas teilifíse a chaitear air.

De réir thuarascáil bhliantúil nua RTÉ, costas €11.6 milliún a bhain le Raidió na Gaeltachta in 2017 i gcomparáid le €11.5 milliún in 2016.

Tugtar le fios sa tuarascáil chéanna áfach gur tháinig laghdú beag ar an sciar den cheadúnas teilifíse a caitheadh anuraidh ar RnaG i gcomparáid leis an mbliain roimhe. De réir na tuarascála caitheadh €8.47 de gach €160 a íoctar ar cheadúnas teilifíse ar RnaG in 2017, i gcomparáid le €8.55 in 2016. Méadú a bhí i gceist i gcás RTÉ Radio One, RTÉ 2fm agus RTÉ Lyric Fm.

De réir na tuarascála tháinig laghdú beag chomh maith ar an sciar den cheadúnas teilifíse a chaith RTÉ anuraidh ar chláir a sholáthar do TG4 faoin dualgas reachtúil atá orthu 365 uair an chloig de chlár a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge in aghaidh na bliana. Caitheadh €5.53 de sciar RTÉ de gach €160 a íoctar ar cheadúnas teilifíse ar chláir do TG4 in 2017, i gcomparáid le €5.65 in 2016.

Maítear sa tuarascáil bhliantúil go bhfuil an Ghaeilge ina “dlúthchuid” den 25 seirbhís a chuireann RTÉ ar fáil.

Deirtear chomh maith gur éirigh le RTÉ chomh maith sa ghealltanas a rinne siad i dtaobh na Gaeilge do 2017, is é sin go gcinnteofaí go bhfanfadh an céatadán den phobal a chreideann go gcuireann an craoltóir seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal na Gaeilge ag os cionn 50%.

Maidir leis na gealltanais faoi leibhéal sástachta an phobail i leith na ngnéithe eile de sheirbhís RTÉ, os cionn 80% den phobal atá luaite ina bhformhór.

Deirtear gur éirigh le RTÉ Raidió na Gaeltachta na gealltanais a thug siad a chomhlíonadh‘ar an mórgóir’. 76.8% den phobal a bhí sásta le caighdeán na seirbhíse a chuireann RnaG ar fáil, céatadán níos lú ná an 80% a gealladh.

Níos túisce i mbliana, dúirt Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings nach raibh an eagraíocht ag comhlíonadh a dualgais maidir le soláthar clár Gaeilge.

Cé gur minic RTÉ cáinte le blianta mar gheall ar a sholáthar Gaeilge, ba é seo an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh sa soláthar sin.

Fág freagra ar 'Méadú ar an gcostas a bhain le RnaG in 2017, a deir RTÉ'