‘Meabhrú tábhachtach cé chomh luaineach agus atá an galar seo’ – 482 cás nua fógartha

Fógraíodh líon níos mó cásanna inniu ná mar atá fógartha le roinnt laethanta anuas

‘Meabhrú tábhachtach cé chomh luaineach agus atá an galar seo’ – 482 cás nua fógartha

Tá 482 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus tá seachtar eile básaithe de dheasca an ghalair.

“Meabhrú tábhachtach é an t-ardú ar líon na gcásanna Covid-19 inniu cé chomh luaineach agus atá an galar an-tógálach seo,” a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

“Tá moladh tuillte ag chuile dhuine as an obair chrua a rinneamar ar fad le trí seachtaine, ach ní féidir linn éirí neamhairdeallach anois agus ligean don ghalar seo scaipeadh go rábach arís.”

Bhain 45 de chásanna nua an lae inniu le Corcaigh, 43 cás a bhí i bPort Láirge, 24 cás a bhí i nDún na nGall agus 24 cás a bhí i gcontae na Mí.

15 cás a bhí i Maigh Eo, 15 cás a bhí i nGaillimh agus naoi gcás a bhí i gCiarraí.

128 den 482 cás a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá 258 othar atá buailte ag Covid-19 sna hospidéil agus 35 díobhsan atá in aonad dianchúraim, laghdú ón lá inné.

Cé go bhfuil ráta coicíse an ghalair tite beagáinín i nDún na nGall, ó 284 go dtí 271 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae le coicís anuas, is ann atá an ráta is airde sa tír go fóill.

Tá an ráta anois ag 153 i gcontae na Mí, 145 i Maigh Eo agus d’fhág an 43 cás nua i bPort Láirge inniu go bhfuil an ráta sna Déise anois ag 142.

Ráta 129 atá i gCiarraí, 109 atá i gCorcaigh agus 87 atá i nGaillimh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 11 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh ochtar acu. Deimhníodh 607 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

443 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 44 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 101% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 147 ionad cúraim sa Tuaisceart.

2,808 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,972 duine ó dheas den teorainn agus 836 duine ó thuaidh di.

112,947 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 67,099 cás ó dheas agus  45,848 ó thuaidh.

Dúirt an Taoiseach inniu gurbh fhearr leis féin go scaoilfí na srianta sna contaetha ar fad ar an tráth céanna, ach gur ‘údar imní’ scaipeadh an ghalair i nDún na nGall i gcónaí.

“Ba mhaith liomsa gur ar bhonn náisiúnta a thiocfadh muid ó na srianta seo. Údar imní dúinn na figiúirí i nDún na nGall, agus beidh iarrachtaí breise á ndéanamh againn ansin féachaint an bhféadfaimis na figiúirí a laghdú.

“B’fhearr linn gur ar bhonn náisiúnta a thiocfaimis amach ó na srianta,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

Agus é ag caint ar RTÉ News at One dúirt an Taoiseach chomh maith go bhféadfadh gur ar bhonn céimnithe a scaoilfí na srianta i ndiaidh an 1 Nollaig.

Faoin gcur chuige céimnithe sin atá á scrúdú ag an Rialtas, d’fhéadfaí go maolófaí na srianta ar thaisteal ó chontae go contae agus na srianta ar chuairteoirí chun an tí i gcomhair na Nollag.

Tá an ‘plean maolaithe srianta’ á ullmhú ag an Rialtas ar fad agus d’fhéadfadh go scaoilfí roinnt srianta faoi leith eile seachtain na Nollag.

“Toisc go bhfuil ag éirí go maith linn, beidh solúbthacht níos fearr againn mí na Nollag agus ina diaidh. Ní hí an Nollaig amháin atá i gceist.

“Nuair a chuamar go dtí Leibhéal 5 ar dtús, thug mé le fios go raibh Leibhéal 3 mar sprioc againn don chéad lá de mhí na Nollag.

“Tharlódh gur cur chuige céimnithe a bheadh againn i ndiaidh an lae sin. Tá an Rialtas ar fad ag obair go fóill ar an bplean le Leibhéal 5 a scaoileadh.

“Ba mhaith linn na huimhreacha a bheith íslithe faoi dheireadh mhí na Samhna. Tabharfaidh muid fógra  do dhaoine roimhe sin ionas go mbeidh deis acu pleananna a dhéanamh.”

Dúirt an Taoiseach go raibh súil aige go mbeadh na séipéil oscailte do na searmanais seachtain na Nollag ach nach mbeadh aon duine ag gabháil “ar ragairne” ná ag dul chuig “cóisirí Nollag” nuair a osclófar an tír tar éis na dianghlasála seo. 

Beidh ‘dúshlán’ ag baint le hathoscailt tithe ósta nach bhfuil aon bhéilí le fáil iontu agus ‘ceisteanna  crua’ ag baint leis, a dúirt sé.

Dúirt Micheál Martin nár chóir do dhaoine eitiltí a chur in áirithe faoi láthair le filleadh abhaile i gcomhair na Nollag, ach go mbeadh tuilleadh comhairle ag an Rialtas dóibh ag deireadh na míosa.

“Tá an Eoraip ar fad dearg faoi láthair. Dáiríre ní theastaíonn uainn go mbeidh a lán daoine ag taisteal go hÉirinn as an zón dearg,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an Rialtas ag súil go mbeidh vacsaín ar fáil do ghrúpaí ar leith “sa chéad leath de 2021 agus b’fhéidir níos túisce ná sin do ghrúpaí atá níos leochailí.”

Dúirt Micheál Martin chomh maith inniu go bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí leis an iarracht an víreas a cheansú agus mhol sé daoine as an “iarracht iontach náisiúnta”.

Tá sé ráite ag an bPríomh-Oifigeach Leighis gur chóir do dhaoine aon taisteal nach bhfuil riachtanach a sheachaint go ceann tamall maith, séasúr na Nollag san áireamh.

Fág freagra ar '‘Meabhrú tábhachtach cé chomh luaineach agus atá an galar seo’ – 482 cás nua fógartha'