Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta

Bronnadh gradam ‘Iriseoir na Bliana’ ar Mhéabh Ní Thuathaláin ag an ócáid bhronnta i gCill Airne, an oíche chéanna ar bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Fheirsteach eile, Eoghan Ó Néill

Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta

Bhí údar ceiliúrtha ann do Tuairisc ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i gCill Airne anocht agus gradam tugtha léi ag Méabh Ní Thuathaláin. 

Roghnaíodh Ní Thuathaláin mar ‘Iriseoir na Bliana’ ag an ócáid bhronnta agus aitheantas tugtha don obair atá déanta aici le Tuairisc agus leis an gclár cúrsaí reatha 7Lá le bliain anuas. 

Ceithre cinn déag de ghradaim a bronnadh ag an searmanas a bhí ar siúl in Ionad an INEC. 

Cuireadh tús leis an oíche le píosa ómóis do Rónán Mac Aodha Bhuí, an sárchraltóir a bhásaigh le déanaí, agus tugadh chun cuimhne go minic é le linn na hócáide. ‘Dorn san aer!’, rosc catha Rónáin, an rud is mó a chualathas ón stáitse anocht, mar chomhartha ómóis don laoch ar lár. 

Bronnadh gradam speisialta ar an gclár Blas ar BBC Gaeilge atá 25 bliain ar an bhfód i mbliana agus is ar an iriseoir agus craoltóir as Béal Feirste, Eoghan Ó Néill, a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. 

Eoghan Ó Néill: Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. Pic: Seán Ó Mainnín

Thug Neansaí Ní Choisdealbha, a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, léi an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhí an lá le Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir na sraithe Beidh mé ar ais ar TG4, i rannóg na gcraoltóirí teilifíse. 

Sinéad Ní Uallacháin: Pearsa Teilifíse na Bliana. Pic: Seán Ó Mainnín

An tráchtaire spóirt aitheanta Brian Tyers a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’. 

Brian Tyers – TG4: Craoltóir Solabhartha na Bliana. Pic: Seán Ó Mainnín

 

An dorn le… Neansaí Ní Choisdealbha – RTÉ Raidió na Gaeltachta: Pearsa Raidió na Bliana. Pic: Seán Ó Mainnín

An scannán Róise & Frank, a léirigh Macalla Teo, a bhuaigh an gradam do ‘Scannán na Bliana’ agus ba ar an gclár Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach, a léirigh Macha Media, a bronnadh an gradam do ‘Chlár Teilifíse na Bliana’. 

Tristan Rosenstock: Sraith Raidió na Bliana:An Cúinne Dána – RTÉ Raidió na Gaeltachta. Pic: Seán Ó Mainnín

Lucht an chláir An Cúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta, a bhíonn á chur i láthair ag Tristan Rosenstock, a thug an chreach leo as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’. 

Bláth na hÓige – Aniar TV: Sraith Teilifíse na Bliana. Pic: Seán Ó Mainnín

Bláth na hÓige, sraith a léirigh Aniar TV do TG4, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’. 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Pobail Filí Chonamara – Raidió Pobail Chonamara. Pic: Seán Ó Mainnín

Bhuaigh Filí Chonamara, a chraoltar ar Raidió Pobail Chonamara, an duais sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’. 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Tráchtála: Splanc le Cuán Ó Flatharta – Newstalk. Pic: Seán Ó Mainnín

Is ag Splanc le Cuán Ó Flatharta ar Newstalk a bhí an bua sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’. 

Colm Mac Giolla Easbuic – Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta: Réalta Óg na Bliana. Pic: Seán Ó Mainnín

Ar Cholm Mac Giolla Easpuic, aisteoir ar Ros na Rún agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó. 

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023. 

Colúnaí na Bliana 

Aedín Ní Thiarnaigh – NÓS  

Clár Teilifíse na Bliana  

Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach – Macha Media 

Scannán na Bliana 

Róise & Frank – Macalla Teo 

Sraith Raidió na Bliana

An Cúinne Dána – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Iriseoir na Bliana 

Méabh Ní Thuathaláin – Tuairisc & 7Lá ar TG4 

Pearsa Raidió na Bliana

Neansaí Ní Choisdealbha – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Pearsa Teilifíse na Bliana 

Sinéad Ní Uallacháin – Beidh mé ar ais 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Pobail  

Filí Chonamara – Raidió Pobail Chonamara 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Tráchtála  

Splanc le Cuán Ó Flatharta – Newstalk 

Sraith Teilifíse na Bliana 

Bláth na hÓige – Aniar TV 

Gradam Speisialta 

Blas – BBC Gaeilge 

Craoltóir Solabhartha na Bliana 

Brian Tyers – TG4

Réalta Óg na Bliana  

Colm Mac Giolla Easbuic – Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta  

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 

Eoghan Ó Néill

 

Fág freagra ar 'Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta'

  • Siob

    Comhghairdeas leat agus le gach duine in Tuairisc. Togha oibre lá i ndiaidh lae.

  • jpmorley0@gmail.com

    Nár laga Dia ná duine sibh a chairde na páirte!

  • Mags

    Iriseoir den Scoth! 🎉

  • Kevin Hickey

    Comhghairdeachas leat, a Mhéabh!