Tá achainí go gcuirfí le líon na scoláireachtaí cónaithe a thugann deis do scoláirí tréimhse a chaitheamh i meánscoileanna oileáin Árann á scagadh ag Roinn na Gaeltachta, ach caithfear a bheith cúramach faoin tionchar a bheadh ag an iomarca scoláirí ón mórthír ar “iompar teanga” scoláirí na n-oileán, a deir an tAire Stáit Joe McHugh.
Agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly á freagairt ag Aire Stáit na Gaeltachta, dúirt sé go raibh aighneacht a chuir Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin maidir le ceist na scoláireachtaí cónaithe ar na hoileáin á breithniú faoi láthair.
Iarrtar san aighneacht sin go gcuirfí leis an 30 scoláireacht chónaithe atá ar fáil faoi láthair do scoláirí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht chun freastal ar mheánscoileanna na n-oileán amach ó chósta Chonamara.
Le deich mbliana anuas, tá deontas €27 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae á íoc ag Roinn na Gaeltachta le teaghlaigh ar na hoileáin a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí ón mórthír atá ag iarraidh bliain dá gcuid scolaíochta a fháil sna hoileáin Ghaeltachta.
Faoin gcóras atá ann faoi láthair ní cheadaítear scoláireacht ach do 30 scoláire in aghaidh na scoilbhliana, nó deichniúr i ngach ceann de na trí iar-bhunscoil ar na hoileáin.
Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh gur ar mhaithe “le cur le hinmharthanacht na scoileanna agus dá réir le hinmharthanacht na n-oileán a dhéantar maoiniú ar na scoláireachtaí. Dúirt sé chomh maith, áfach, go gcaithfí a chur san áireamh freisin “an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an iomarca scoláirí ón mórthír ar iompar teanga na scoláirí de bhunadh na n-oileán”.
Tá an aighneacht a chuir Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin faoi bhráid Roinn na Gaeltachta “a breithniú” faoi láthair agus déanfar cinneadh faoi “in am trátha”, a dúirt McHugh.
bart
(a) An labharfaidh na scolairi a thiocfas isteach on taobh amuigh Gaeilge le muintir na haite (b) ina measc fein (c) an labharfar Gaeilge leo (d) an bhfuil dothain Gaeilge acu chun i a labhairt ar aon chaoi?
Now ceard a cheapann sibh?