McGuinness an chéad duine atá tofa ó dheas agus cor curtha ag Long i gcúrsaí ó thuaidh

Is í Mairéad McGuinness an chéad duine atá tofa i dtoghcáin na hEorpa in Éirinn agus 134,630 vóta céadrogha ag feisire Fhine Gael i dtoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt. An neamhspleách Luke ‘Ming’ Flanagan a bhí sa dara háit le 85,034 vóta,Matt Carthy, Sinn Féin, a bhí sa tríú háit le 77,619agus bhí 64,500 vóta […]

McGuinness an chéad duine atá tofa ó dheas agus cor curtha ag Long i gcúrsaí ó thuaidh

Is í Mairéad McGuinness an chéad duine atá tofa i dtoghcáin na hEorpa in Éirinn agus 134,630 vóta céadrogha ag feisire Fhine Gael i dtoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt.

An neamhspleách Luke ‘Ming’ Flanagan a bhí sa dara háit le 85,034 vóta,Matt Carthy, Sinn Féin, a bhí sa tríú háit le 77,619agus bhí 64,500 vóta ag Maria Walsh, Fine Gael, sa cheathrú háit.

Bhí an nemahspleách Peter Casey, a fuair 56,650 vóta céad rogha, chun tosaigh ar Shaoirse McHugh ó Chomhaontas Glas a fuair 51,019 vóta.


Mairéad McGuinness FG 134,630
Luke ‘Ming’ Flanagan NS 85,034
Matt Carthy SF 77,619
Maria Walsh FG 64,500
Peter Casey NS 56,650
Saoirse McHugh CG 51,019
Brendan Smith FF 42,814
Anne Rabbitte FF 30,220
Fidelma Healy Eames NS 15,991
Dominic Hannigan LO 12,378
Cyril Brennan Sol/PBP 8,130
Michael O’Dowd REN 6,897
Olive O’Connor NS 3,132
Dilip Mahapatra NS 2,450
Patrick Greene DDI 1,352
James Miller NS 1,322
Diarmaid Mulchay NS 789

Cuóta: 118,986


Sa vóta maidir le méaraí, ghlac muintir Luimnigh leis an bplean go dtoghfadh an pobal méara ar an gcathair ach dhiúltaigh muintir Phort Láirge don mholadh céanna.

Idir an dá linn is cosúil go gcuirfidh páirtí an Alliance cor gan choinne i gcúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae agus iad ar tí suíochán a bhaint amach i bParlaimint na hEorpa.

D’éirigh le ceannaire an pháirtí, Naomi Long, beagnach 106,000 vóta céadrogha a fháil, díreach taobh thiar de Shinn Féín agus an DUP ar an gcéad chomhaireamh. Dá n-éireodh le Long bheadh dhá cheann de na trí shuíochán ó thuaidh ag páirtithe atá i gcoinne an Bhreatimeachta.

Fuair an Alliance a dhá oiread vótaí agus a fuair Páirtí Aontachtach Uladh, 53,052, a bhí ag cosaint an tríú suíochán.

143,112 an cuóta a bhí sa toghcheantar agus níor shroich aon iarrthóir é sin ar an gcéad chomhaireamh.

Mar a rinne sí in 2014, ba í Martina Anderson ba mhó a fuair vótaí céadrogha, 126,951.

Éireoidh chomh maith le feisire Eorpach an DUP Diane Dodds, a fuair 124,991 vóta céadrogha, a suíochán a choinneáil.

78,589 vóta céadrogha a fuair ceannaire an SDLP, Colum Eastwood.

Sa séú háit a bhí iarrthóir an UUP, Danny Kennedy, ar an gcéad chomhaireamh agus é taobh thiar de Jim Allister, ceannaire an Traditional Unionist Voice, a raibh 62,021 vóta aige.

Fág freagra ar 'McGuinness an chéad duine atá tofa ó dheas agus cor curtha ag Long i gcúrsaí ó thuaidh'