McGregor v Mayweather – fíorchoimhlint nó seó sráide eile?

Agus luach os cionn $500 milliún ag baint leis an troid idir Conor McGregor agus Floyd Mayweather, ní haon iontas go bhfuil an bheirt tagtha ar chomhréiteach ach is minic gur cur i gcéill a bhíonn i gceist leis an gcineál seo coimhlinte

McGregor v Mayweather – fíorchoimhlint nó seó sráide eile?

Conor McGregor. Pictiúr: INPHO/Tom Hogan

Faoi dheireadh, i ndiaidh na cainte uile, tá sé fógartha go dtabharfaidh Conor McGregor agus Floyd Mayweather aghaidh ar a chéile sa chró dornálaíochta mí Lúnasa seo chugainn.

Cé go n-aithnítear McGregor ar dhuine de na dornálaithe is fearr san UFC, is dúshlán ar leith é dul san iomaíocht le fear a mheastar i measc na dtrodaithe is fearr i stair na dornálaíochta. Bhuaigh Mayweather gach ceann den 49 coimhlint a bhí aige go dtí seo, agus leag sé amach a chéile comhraic i 26 de na coimhlintí sin.

Cé go bhfuil McGregor dhá bhliain déag níos óige ná an Meiriceánach, a bhfuil an dá scór bainte amach aige, agus go bhfuil fear an UFC beagáinín níos airde ná Mayweather, is deacair a chreidiúint go mbeidh an tÉireannach in ann ag an 12 babhta atá beartaithe don troid i Las Vegas.

Fágann sé sin nach bhfuil sa choimhlint ach deis don dá throdaí a gcuid pócaí féin a líonadh. Mhaithfí é sin dóibh agus an chosúlacht ar an scéal go dtuillfidh Mayweather $100 milliún as an troid, agus go mbeidh thart ar $75m ag McGregor.

Ní hé seo an chéad uair ach an oiread go ndearna trodaí nó lúthchleasaí iarracht leas a bhaint as a cháil chun cúpla punt a bhuachan i gcoimhlint as an ngnáth.

Muhammad Ali v Antonio Inoki

Seans go mbeidh ualach cainte faoin troid seo roimh McGregor v Mayweather, cé go mb’fhearr le lucht tacaíochta Muhammad Ali go ndéanfaí dearmad air.

Amhail choimhlint McGregor agus Mayweather, airgead amháin a mheall an dornálaí isteach sa chró agus $6 milliún a thuill Ali as aghaidh a thabhairt ar gcoraí. Murab ionann agus troid mhí Lúnasa seo chugainn, troid chomhrialacha a bhí ann idir Ali agus Inoki agus mugadh magadh a bhí ann ón tús.

Cheap Ali go mbeadh an toradh socraithe roimh ré ach ní hin mar a tharla. Cuireadh bac ar Inoki aon ghreamú a dhéanamh ar Ali agus dá bharr sin, sínte ar a dhroim a bhí an Seapánach don chuid is mó den troid agus é ag iarraidh Ali a chiceáil. Níor bhuail Ali dorn ar a chéile comhraic den chéad uair go dtí an seachtú babhta agus níor bhuail sé ach cúig bhuille eile ar fad air i rith an 15 babhta.

Sa deireadh, cinneadh gur ar comhscór a chríochnaigh na trodaithe ach bhí an slua spréachta agus iad ag iarraidh a gcuid airgid ar ais.

Jesse Owens v Julio McCaw

Ceithre mhí tar éis dó ceithre bhonn óir a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha sa Ghearmáin i 1936, chuaigh Jesse Owens go dtí Cúba chun aghaidh a thabhairt ar Julio McCaw. Níor dhóigh leat go mbeadh buntáiste 40 slat ag teastáil ón bhfear ba thapa ar domhan ach sin a tugadh d’Owens toisc nár duine é Julio McCaw ach capall.

Agus é tinn de Chumann Lúthchleas Mheiriceá a bheith ag teacht i dtír air mar gheall ar a bhoinn Oilimpeacha, dhiúltaigh Owens páirt a ghlacadh i dtaispeántais éagsúla a socraíodh dó timpeall na hEorpa. Caitheadh Owens amach as an gcumann dá bharr, rud a d’fhág go raibh air páirt a ghlacadh i rásaí cosúil leis an gceann i gcoinne Julio McCaw chun airgead a shaothrú.

“Deir daoine go bhfuil sé náireach go bhfuil seaimpín Oilimpeach ag rásaíocht in aghaidh capaill ach céard ba cheart dom a dhéanamh? Tá ceithre bhonn óir agam ach ní féidir leat ceithre bhonn óir a ithe,” a dúirt Owens blianta ina dhiaidh sin.

Wigan v Bath

I 1996, bheartaigh an fhoireann rugbaí ab fhearr i Sasana, Bath, aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann rugbaí sraithe ab fhearr sa tír, Wigan. Dhá chluiche a bheadh i gceist, ceann faoi rialacha an rugbaí agus ceann faoi rialacha an rugbaí sraithe.

Imríodh an cluiche rugbaí sraithe ar dtús i Maine Road i Manchain. D’aimsigh Wigan úd taobh istigh den chéad trí nóiméad agus rinne siad scrios ar Bath ina dhiaidh sin, agus bua 82-6 acu sa deireadh.

Imríodh an cluiche rugbaí coicís ina dhiaidh sin in Twickenham agus arís, ba iad an fhoireann ba mhó a raibh cleachtadh acu ar na rialacha a bhuaigh. Bhí an chuma ar Bath go ndéanfadh siad slad ar Wigan agus iad 25-0 chun cinn ag leath ama. Ní raibh imreoirí Bath ach bliain amháin ag plé leis an gcluiche gairmiúil, rud a d’fhág go raibh fir Wigan i bhfad níos aclaí. D’fheabhsaigh an fhoireann rugbaí sraithe sa dara leath, cé go raibh 25 pointe fós idir na foirne ag an deireadh, 44-19.

Donovan Bailey v Michael Johnson

Thugtaí an fear is tapa ar domhan ar bhuaiteoir an bhoinn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i gcónaí ach tar éis do Michael Johnson an rás 200m a bhuachan ag na cluichí in Atlanta in 1996, bhronn na meáin i Meiriceá an teideal sin air seachas ar an gCeanadach a bhuaigh an rás 100m, Donovan Bailey.

Ghoill sé seo ar Bailey agus socraíodh go mbeadh rás speisialta, 150m, idir an bheirt agus go mbeadh $1.5m ar fáil don bhuaiteoir. Bhí slua 30,000 sa SkyDome i Toronto chun breathnú ar an rás ach ní raibh aon ní cóir i ndán dóibh. Ba é Bailey ab fhearr a thosaigh an rás, agus bhí sé chun cinn i ndiaidh an chasaidh, ach stop Johnson roimh an deireadh agus gortú ag cur as dó. Cé nár chríochnaigh sé an rás in aon chor agus nár rith sé ach thart ar 60m san iomlán, thuill sé $500,000.

Fág freagra ar 'McGregor v Mayweather – fíorchoimhlint nó seó sráide eile?'