McDonnell v Eastwood. An duais? Páirtí deighilte

Cibé duine den bheirt a bheidh ina cheannaire ar an SDLP faoi oíche Dé Sathairn (i gcead don scannán The Fly), chaithfeá a rá leis ‘Bíodh faitíos ort, bíodh faitíos mór ort’

Alasdair vs Colum Eastwood

Ag deireadh na seachtaine seo, caithfidh toscairí ag comhdháil SDLP a vótaí i dtoghchán ceannaireachta an pháirtí. Ina dhiaidh sin, an mbeidh an seantrodaí, Alasdair McDonnell fós i gceannas ar an bpáirtí nó an mbeidh an lá leis an dúshlánaí óg, Colum Eastwood? Cibé acu a bhuafaidh, beidh sé i bhfeighil páirtí deighilte a bhfuil tubaiste á thuar dó i dtoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn.
Comhartha sóirt ar chomh deighilte is atá an páirtí cheana féin is ea é go bhfuil comórtas ann don cheannaireacht cé nach bhfuil McDonnell toilteanach éirí as. Bíodh go raibh sé de cháil i gcónaí ar an SDLP go raibh pearsain mhóra ann a raibh a gcampaí féin acu, níor tugadh dúshlán an cheannaire ariamh go dtí seo. Tá móruaisle an pháirtí ag tacú le Colum Eastwood ach maíonn McDonnell go bhfuil neart tacaíochta aige féin chun iad a chur ó dhoras.

Deir na geallghlacadóirí gurb é Eastwood rogha na coitiantachta ach deir foinsí sa pháirtí nach bhfuil dóthain tacaíochta aige. Tá sé deacair a bheith beacht faoin uimhríocht. Cuireadh cor nua sa chomórtas nuair a chinn ardchomhairle an pháirtí, atá faoi cheannas McDonnell, nach mbeadh cead vótála ag baill atá i riaráiste.
Dá gcuirfí an riail faoi tháillí ballraíochta i bhfeidhm ar ócáidí eile i rith na bliana, d’fhéadfaí glacadh leis mar pholasaí neamhchlaonta. Ach ag druidim le vóta ceannaireachta? Ní gá a rá gur chuir sé fearg ar dhaoine a thacaíonn le Eastwood a chuir ina aghaidh go tréan; seans nach féidir é a chur i bhfeidhm ach fágfaidh an iarracht blas searbh go ceann i bhfad.
Ní raibh aon ghá ag an SDLP le fadhbanna nua; bhí fuílleach acu. Nuair a toghadh McDonnell ina cheannaire ceithre bliana ó shin, gheall sé athbheochan. Chuige sin, dúirt sé go gcuirfeadh sé stop leis an meath agus go gcuirfeadh sé slacht ar eagraíocht an pháirtí. Chaill an SDLP tacaíocht i ngach toghchán ó shin.

Tá meath níos measa fós á thuar sa chéad toghchán eile de réir scrúduithe ar na figiúirí ó thoghchán Westminster leathbhliain ó shin, nuair a choinnigh McDonnell a shuíochán Parlaiminte ar éigean. Mura bhfeabhsóidh an scéal, caillfear teachta tionóil i dtoghroinn McDonnell i ndeisceart Bhéal Feirste agus sa mullach air sin, ní bheidh ionadaí ar bith ag SDLP in iarthar Bhéal Feirste. Is cosúil go mbeidh cúig shuíochán i mbaol, toradh a d’fhágfadh gurb é an SDLP an ceathrú páirtí nó b’fhéidir an páirtí is lú ar fad de pháirtithe an Fheidhmeannais.

Fear é an Dochtúir McDonnell ar breá leis an iomaíocht agus an troid, ach ní fealsúnaí, óráidí ná fear polasaí é. Níor éirigh leis raison d’être an SDLP sa ré seo a chraobhscaoileadh. Chomh maith le daoine nach gcaitheann a vóta a thuilleadh, tá mórán vótóirí nach bhfuil a fhios acu céard le haghaidh an SDLP anois.
Ceapadh go mbeadh freagra na ceiste sin níos soiléire i ndiaidh an fheachtais don cheannaireacht ach níl. Níor chuala an gnáthphobal an stocaireacht. Coinníodh taobh istigh den pháirtí é. Bhí na hiarrthóirí cáiréiseach, go poiblí. Foilsíodh alt nuachtáin de chuid Eastwood chun a leagan amach a chur faoi bhráid an phobail. ‘Náisiúnachas forásach’ a bhí á mholadh aige, a dúirt sé, cur chuige a chinnteodh go mbeadh rath ar Thuaisceart Éireann agus é tiomanta go huile d’Éirinn aontaithe. Is é Éire aontaithe an smaoineamh is fearr agus is mó, dar leis, aidhm nach mór obair ullmhúcháin chríochnúil a dhéanamh lena aghaidh. Is é leas an fheachtais athaontaithe, arsa Eastwood, a chinntiú go bhfeidhmeoidh Tuaisceart Éireann.

Tá an saothar gearrthéarmach sin soiléir go leor ach an bhfuil difríocht idir é agus polasaí Shinn Féin? An mbeadh Eastwood aon bhlas níos éifeachtaí ag léiriú tréithe a idirdhealaíonn an SDLP ó Shinn Féin? Mura mbeadh, saothar in aisce aige a bheadh ann a dhul i gceannas ar an bpáirtí.
Cibé duine den bheirt a bheidh ina cheannaire ar an SDLP faoi oíche Dé Sathairn (i gcead don scannán The Fly), chaithfeá a rá leis ‘Bíodh faitíos ort, bíodh faitíos mór ort’.

Fág freagra ar 'McDonnell v Eastwood. An duais? Páirtí deighilte'

  • Breathnóir

    ‘Tá mórán vótóirí nach bhfuil a fhios acu céard le haghaidh an SDLP anois.’

    Tá sin fíor. Cé go bhfuil an-mheas agam ar an méid a rinne John Hume, Seamus Mallon srl ar son na síochána san am a chuaigh thart, ní cúis inspioráide iad ceannairí an pháirtí sa lá atá inniu ann.
    Seachas correisceacht mar Doiminic Ó Brolcháin feictear dom nach ndéanann siad mórán ar son na Gaeilge, ná go bhfuil mórán spéise á léiriú acu inti, agus feictear dom freisin nach é athaontú na tíre an chloch is mó ar a bpaidrín ach oiread, ná baol air.