Mbappé agus Neymar réidh lena bhfoirne a sheoladh go dtí na babhtaí leathcheannais

Tá dhá chluiche ollmhór ann inniu ag Corn an Domhain. Ag 3pm, casfaidh Uragua agus An Fhrainc ar a chéile agus, níos deireanaí, beidh cluiche suimiúil idir An Bhrasaíl agus An Bheilg

Mbappé agus Neymar réidh lena bhfoirne a sheoladh go dtí na babhtaí leathcheannais

Uragua v An Fhrainc

Is í an cheist mhór roimh an gcéad chluiche ceathrú ceannais ag Corn an Domhain 2018 ná an mbeidh an taispeántas a thug siad i gcoinne na hAirgintíne ina spreagadh ag an bhFrainc? Cé go bhfuil scuad iontach láidir acu, ní raibh foireann Didier Deschamps ach ag treabhadh leo i mbabhta na ngrúpaí. Tar éis don Airgintín dul chun tosaigh orthu an deireadh seachtaine seo caite, áfach, thosaigh siad ag imirt i bhfad níos fearr.

Ba é taispeántas Kylian Mbappé ba mhó a thuill moladh agus d’aimsigh an t-ógánach dhá chúl. Is é Mbappé an chéad déagóir a d’aimsigh cúl i mbabhta díbeartha Chorn an Domhain ó bhí Pelé ina fhear óg ach léirigh fir eile an mianach atá iontu freisin.

Bhí An Fhrainc ar fheabhas i lár na páirce. Thug N’Golo Kanté cosaint iontach do na cúlaithe agus d’imir Paul Pogba ceann de na cluichí ab fhearr dár imir sé i ngeansaí na Fraince riamh. Is mór an buille dóibh go bhfuil Blaise Matuidi ar fionraí don chluiche seo ach tá imreoirí maithe eile ag an bhFrainc atá ag faire ar a seans.

Is cailliúint i bhfad níos mó é Edinson Cavani don Uragua. D’aimsigh an tosach dhá chúl den scoth i gcoinne na Portaingéile ach gortaíodh é sa chluiche céanna agus tá gach cuma ar an scéal nach mbeidh fáil air tráthnóna. Aireoidh siad uathu go mór é mar níl caighdeán na n-ionadaithe chomh láidir sin acu agus beidh ualach níos mó ná riamh ar Luis Suarez chun tosaigh.

Ar a laghad tá Uragua láidir sa gcosaint. Stíl chrua, dhíograiseach a imríonn siadsan agus comparáid déanta ag Antoine Griezmann idir iad féin agus Atlético Madrid. Ní dona an chomparáid í mar tá beirt de chosantóirí láir Uragua, Diego Godín agus José Giménez, ag imirt d’Atlético. Déanfaidh siad gach iarracht Mbappé agus a gcomhghleacaí ag Atlético, Griezmann a choinneáil faoi chois ach chomh fada agus go dtugann Deschamps beagán níos mó saoirse dá chuid imreoirí, ba cheart go dtiocfadh na Francaigh tríd.

Tuar Tuairisc.ie: An Fhrainc

 

Kevin De Bruyne

 

An Bhrasaíl v An Bheilg

Beidh coimhlint ollmhór ann níos deireanaí anocht nuair a chasfaidh An Bhrasaíl agus An Bheilg ar a chéile in Kazan.

Is beag nár chlis na Beilgigh in aghaidh na Seapáine sa bhabhta roimhe seo ach i ndiaidh dóibh a bheith 2-0 chun deiridh sa dara leath tháinig siad ar ais go tréan agus thug siad an bua leo le cúl sa nóiméad deireanach. Bhí an t-ádh leo gur thit an tóin as na Seapánaigh mar ba ag foireann na hÁise a bhí an lámh in uachtar sa chéad 60 nóiméad nó mar sin.

Cé go bhfuil imreoirí den scoth ag an mBeilg, ní fhacamar aon chomhimirt iontach eatarthu go dtí seo ach i bpaistí 20 nóiméad anseo agus ansiúd. Má tá an Bheilg chun Corn an Domhain a thabhairt leo, caithfidh Eden Hazard, Kevin de Bruyne, Dries Mertens agus na himreoirí eile a bheith i mbarr a maitheasa.

Tá an rud céanna fíor faoin Bhrasaíl, áfach. Go dtí seo, tá níos mó cainte déanta faoi phleidhcíocht Neymar ná aon ghaisce atá déanta aige leis an liathróid. Nuair a bhíonn an tosach dírithe ar an imirt, ní féidir é a stopadh ach níl sé déanta sách minic aige.

Beidh an cath i lár na páirce cinniúnach sa chluiche seo. Tá imreoirí lár páirce an dá fhoireann seo níos dírithe ar an ionsaí ná ar an gcosaint agus d’fhéadfadh go mbeidh an t-aicsean ag dul ó cheann ceann na páirce.

Tá cosantóirí an dá fhoireann lag ar na cliatháin chomh maith agus d’fhéadfadh go mbeadh cluiche oscailte den scoth ann anocht. Más leis an mBrasaíl teacht slán anocht, caithfidh Neymar a chumas a thaispeáint. D’fhéadfadh sé déanamh amhlaidh, faoi dheireadh.

Tuar Tuairisc.ie: An Bhrasaíl

Fág freagra ar 'Mbappé agus Neymar réidh lena bhfoirne a sheoladh go dtí na babhtaí leathcheannais'