Múch do chuisneoir! Mayweather v Pacquiao an troid is luachmhaire riamh…

Go luath ar maidin Dé Domhnaigh, tabharfaidh Floyd Mayweather agus Manny Pacquiao aghaidh ar a chéile i dtroid a bhfuil ‘Cath an Chéid’ tugtha air. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na staitisticí a ghabhann leis an troid seo, atá dochreidte go maith

pacquiaomayweather
Manny Pacquiao (ar chlé) agus Floyd Mayweather (ar dheis). Pictiúr: INPHO/Getty Images

‘Cath an chéid’. Sin atá á thabhairt ar an mbabhta dornálaíochta idir Floyd Mayweather agus Manny Pacquiao a bheidh ar siúl san MGM Grand i Las Vegas go moch maidin amárach.

Bhí an-tóir ar an troid seo le roinnt blianta anuas, agus cé go bhfuil na dornálaithe beagán níos sine agus b’fhéidir níos maille ná mar a bhí siad roimhe seo tá daoine ar fud an domhain ag súil go mór leis; tá sin soiléir ó chuid de na statisticí atá ag baint leis an mbabhta.

$500,000,000

Ceaptar gurb é seo luach iomlán na troda a aithnítear mar an babhta dornálaíochta is luachmhaire riamh. Ag tógáil san áireamh díolacháin ticéid, urraíocht, agus cearta craolacháin, meastar gur shaothraigh an troid os cionn leathbhilliún dollar.

Beidh na dornálaithe ag roinnt an duaischiste 60%-40%. Ag Mayweather atá an 60%, rud a chiallaíonn go mbeidh an Meiriceánach $200M níos saibhre faoin am a chríochnóidh an babhta. Tá sciar níos lú le fáil ag Pacquiao ach, fós féin, beidh sé ag fáil $120m ar son oíche oibre.

$5,500,000

Má théann an troid go deireadh, beidh Floyd Mayweather ag saothrú $5.5m in aghaidh an nóiméid; $3.6m a bheidh ag Pacquiao más 12 bhabhta a bheidh i gceist.

$292,505

Seo an praghas ar thicéid amháin don troid ar an suíomh trádála stubhub.com. Níl ach áit do 16,500 san MGM Grand agus níor cuireadh ach 500 ticéad ar fáil don phobal i gcoitinne – chuig urraithe agus aíonna corporáideacha a chuaigh an fuillíoch. Díoladh ticéid an phobail ar fad taobh istigh de 60 soicind nuair a chuaigh siad ar an margadh le linn na seachtaine. Bhí praghsanna idir $10,000 agus $1,500 ar na ticéid sin ach de bharr an éilimh ollmhór, tá costas i bhfad níos airde orthu anois.

900

Tá cáil ar Pacquiao as ucht an slua mór daoine a thugann sé leis chuig a chuid troideanna agus tá an rud céanna déanta aige don cheann seo. Cheannaigh an Filipíneach 900 ticéad dá chlann agus dá chairde uile agus meastar go bhfuil $3m caite aige orthu. Ní hé seo an chéad uair atá rud den chineál seo déanta ag Pacquiao. Nuair a bhí troid aige anuraidh i Macau, chuir Pacquiao dhá eitleán ar fáil chun 380 duine a thabhairt ó na Filipíní go dtí an ócáid.

$400 

Má tá tú i Las Vegas an deireadh seachtaine seo agus mura bhfuil tú ag iarraidh na céadta míle dollar a íoc chun a bheith i láthair ag an troid, beidh ort beár éigin a fháil atá á thaispeáint. Ní hé sin an rogha is saoire ach an oiread. Tá táille $400 á ghearradh ag óstán an Excalibur, trasna an bhóthair ón MGM Grand, ar dhaoine atá ag iarraidh breathnú ar an troid sa bheár ansin. Fiú má tá tú ag fanacht sa bhaile, tá costas $99 chun an troid a cheannach ar an teilifís.

$25,000

Chaith Mayweather an méid seo ar chosaint fiacla don troid i gcoinne Pacquiao. Is é ‘Money’ Mayweather an leasainm atá ar an Meiriceánach agus tá clú air a bheith ag déanamh mórtais as a chuid airgid. Is é an fáth go bhfuil an chosaint fiacla seo chomh costasaí ná gur iarr sé go n-úsáidfí nótaí $100 istigh iontu!

15,000

Is laoch é Pacquiao sna Filipíní. Is teachta comhdhála é sa tír agus beidh na milliúin Filipíneach ag breathnú ar an troid. Faraor, cruthaíonn sé sin fadhbanna leictreachais sa tír ach ceapann oifigeach amháin in iarthar na tíre go bhfuil an deacracht sin réitithe aige. I rith na seachtaine, d’iarr sé ar thart ar 15,000 duine sa cheantar a gcuid cuisneoirí a mhúchadh le linn na troda le nach mbeadh aon chliseadh cumhachta ann.

Fág freagra ar 'Múch do chuisneoir! Mayweather v Pacquiao an troid is luachmhaire riamh…'