May ag teacht go Béal Feirste agus an chogarnaíl faoin gcúlstop tosaithe

Tá daoine áirithe san Eoraip ag rá le seachtain go bhfuil oiread práinne ag baint le scéal an Bhreatimeachta anois go gcaithfear teacht ar chomhréiteach eile…

May ag teacht go Béal Feirste agus an chogarnaíl faoin gcúlstop tosaithe

Tá sé tosaithe.

Tá imní ag teacht ar bhallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh go bhfuil Breatimeacht gan réiteach ag druidim linn agus tá an chogarnaíl ag tosú.

Agus Theresa May ag teacht go dtí Béal Feirste inniu, nn bhfuil aon bhealach gur féidir teacht ar réiteach nó go ndéanfar socrú nua léi?

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Polainne gur chóir breathnú ar mholadh go gcuirfí teora cúig bliana leis an gcúlstad. Thug Príomh-Aire na Polainne Mateusz Morawiecki le fios an tseachtain seo caite go bhfuil teagmháil déanta aige féin le Seansailéir Merkel na Gearmáine ag impí uirthi go ndéanfaí gach iarracht comhréiteach a aimsiú ionas go ndéanfar socrú leis an mBreatain faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

Níor thúisce an vóta ar leasú Graham Brady thart in Westminster an tseachtain seo caite ná tháinig ceannairí an Aontais amach ag dearbhú go soiléir nach ndéanfaí idirbheartaíocht as an nua maidir leis dréachtsocrú atá déanta idir an  Bhreatain agus an tAontas. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Jean Claude Juncker gur ionann teorainn na hÉireann agus teorainn na hEorpa. Ní athrófar an cúlstad agus ní thréigfear Éire ag an nóiméad deiridh, ar sé go neamhbhalbh.

Ní léir go bhfuil Theresa May ná na feisirí Caomhacha agus an DUP ag éisteacht leis seo.

Is léir go bhfuil May diongbháilte de go sásóidh sí an dream is glóraí ina páirtí féin. Is cosúil gur mó imní atá uirthi faoin bPáirtí Caomhach a choinneáil léi agus fanacht i gcumhacht ná tubaiste an Bhreatimeachta gan réiteach a sheachaint.

Agus is léir anois go dtuigeann ballstáit eile, an Pholainn go háirithe, nach bhfuil aon mhaith a bheith ag impí ar an mBreatain a bheith tuisceanach.

Caithfear comhréiteach a lorg agus sa gcás sin cé a chaithfidh géilleadh? Éire, ar ndóigh! Níl sin ceart ná cóir, a deir an tAire Gnóthaí Eorpacha Helen McEntee. Rinne an Bhreatain socrú, uathusan a tháinig an moladh don chúlstad. Níor cheart go mbeifí ag iarraidh orainne a bheith solúbtha.

B’fhéidir nár cheart gur ar Éirinn a bheadh an brú ach tá daoine mór le rá i saol na polaitíochta sa Ghearmáin ag rá le breis is seachtain anuas go bhfuil oiread práinne ag baint leis an scéal anois go gcaithfear teacht ar comhréiteach eile. Dúirt leithéid Alexander Dobrindt, ceannaire an CSU sa pharlaimint ,agus Deitlet Seif, feisire i bpáirtí an tSeansailéara Merkel nach tréith de chuid an Aontais Eorpaigh an cheanndánacht. An rogha is ansa leo teacht ar chomhréiteach agus is cóir sin a dhéanamh sa gcás seo.

Tá Theresa May, tar éis a bhfuil ráite aice le dhá bhliain, le filleadh ar an mBruiséil ag iarraidh a chur i gcion ar an Aontas glacadh le moltaí nua faoi chúlstad na hÉireann. Deir Michel Barnier nach féidir le haon duine ar cheachtar taobh a rá cén sórt moltaí a bheidh aici. Go deimhin, ní léir go dtuigeann an Bhreatain féin céard a bheidh sna moltaí nó na ‘socruithe malartacha’ seo.

Tá a fhios againn céard nach dteastaíonn ón mBreatain ach céard atá uathu, agus céard atá á mholadh acu leis an bhfadhb a fhuascailt?

Agus an t-am ag sleamhnú thart go sciobtha is léir gur ag méadú a bheidh an imní atá ar an bPolainn agus polaiteoirí áirithe sa nGearmáin. Cén dream is túisce a ghéillfidh?

Tabharfaidh Theresa May óráid i mBéal Feirste inniu. Meastar go ndéarfaidh sí arís eile go bhfuil sí féin agus a Rialtas meáite ar theorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Táthar ag súil freisin le tuilleadh eolais faoi céard atá uaithi anois agus le míniú ar cén fáth go bhfuil socruithe nua in áit an chúlstop ag teastáil.

As seo go ceann ocht seachtaine a thuigfidh muid i gceart cé a bheidh ceanndána dáiríre maidir lena dtacaíocht d’Éirinn.

Fág freagra ar 'May ag teacht go Béal Feirste agus an chogarnaíl faoin gcúlstop tosaithe'

  • Adam Lawson

    Is é an imreoir is tábhachtach sa chluiche seo (ar an taobh Briotanach) ná Jeremy Corbyn. Is a thacaíoct-sa a shocróidh idir May’s deal agus No deal (nó fiú reifreann seans, dá roghnódh sé), toisc gur féidir le Páirtí an Lucht Oibre na vótaí Parlaiminte is gá a thabhairt do pé cheann acu. Pé cheann a tharlaíos, is mar gheall ar Corbyn a bheidh sé tarlaithe. Agus eisean ag rá nach féidir glacadh leis an chúlstad, níl mé ró-dhearfach … cé go bhfuil fós seans maith, dar liom, go roghnódh sé in áit an mhargaidh seo an cúlstad a choinneáil ach amháin don Tuaisceart, mar ba phlean le May féin sular thuig sí nach dtacódh an DUP lena rialtas (dar leo) dá mba é sin a chuirfeadh sí faoi bhráid Pharlaimint.