May ag súil go mbeidh an tríú huair sona agus an Breatimeacht curtha siar ar mhaithe le vóta eile

Má dhiúltaítear arís don mhargadh in Westminster an tseachtain seo chugainn beidh ar an Ríocht Aontaithe plean eile a aontú leis an AE roimh an 12 Aibreán nó an tAE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta

May ag súil go mbeidh an tríú huair sona agus an Breatimeacht curtha siar ar mhaithe le vóta eile

D’aontaigh an tAE agus Theresa May aréir go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 22 Bealtaine má éiríonn léi an margadh Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint, nó go dtí an 12 Aibreán sa chás go ndiúltófaí don mhargadh den tríú huair.

Dheimhnigh Príomh-Aire na Breataine go mbeadh a margadh á chur faoi bhráid na parlaiminte arís aici agus d’impigh sí athuair ar fheisirí parlaiminte tacú leis an gcomhaontú aistarraingthe.

Bhí May níos muinteartha ina cuid cainte aréir faoi fheisirí pharlaimint Westminster, dream ar chuir sí an locht go léir orthu Dé Céadaoin as praiseach an Bhreatimeachta.

Má dhiúltaítear arís don mhargadh in Westminster an tseachtain seo chugainn beidh ar an Ríocht Aontaithe plean eile a chur faoi bhráid an AE roimh an 12 Aibreán nó an tAE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta.

Meastar sa chás sin go mbeadh rogha le déanamh idir Breatimeacht gan mhargadh nó síneadh ama níos faide a lorg.

Dhiúltaigh ceannairí na 27 mballstát sa Bhruiséil d’iarratas May go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 30 Meitheamh, ach ghlac Príomh-Aire na Breataine leis an socrú nua a fhágann go bhfuil dhá dháta nua Breatimeachta ann.

Léirigh an tAE amhras chomh maith faoi phlean May moltaí nua faoin gcúlstop a chur faoi bhráid an DUP agus na Breatimeachtóirí eile is diongbháilte i gcoinne a margaidh chun iad a mhealladh.

Moltaí iad seo nach mbeadh ach beannacht Rialtas na Breataine amháin acu agus dúirt an Chomhairle Eorpach aréir gur chóir d’aon geallúint,ráiteas nó gníomh aontaobhach cloí leis an margadh aistarraingthe.

Mhaígh Theresa May Dé Céadaoin gur ar “thaobh an phobail” a bhí sí féin agus gur ar fheisirí parlaiminte a bhí an locht as an tsáinn ina bhfuil an Breatimeacht, ráiteas thuill cáineadh go leor.

Cé nár ghabh sí leithscéal as an ráiteas sin, dúirt May aréir gur thuig sí don bhfrustrachas a bhí ar fheisirí agus gur thuig sí go raibh tuairimí láidre acu.

Níl ráite ag Theresa May fós cad a tharlódh sa chás go ndiúltófaí arís don mhargadh. Ach dúirt sí an tseachtain seo nach mbeadh síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh ann fad is a bheadh sí féin i gceannas, rud a tharraing caint go n-éireodh sí as mura n-éireodh lena plean is déanaí.

Ach cé gur chuir sí síneadh ama fada as an áireamh an tseachtain seo, thug May le fios cheana go mbeadh a leithéid ag teastáil sa chás go ndiúltófaí arís dá margadh.

D’fhéadfadh go mbeadh May ag brath sa deireadh ar thacaíocht a fháil ón DUP agus ó scata feisirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre más léi a margadh, ar dhiúltaigh móramh mór dó faoi dhó cheana, a chur tríd.

Meastar gur chrann taca deilgneach go maith é sin le bheith ag brath air.

Fág freagra ar 'May ag súil go mbeidh an tríú huair sona agus an Breatimeacht curtha siar ar mhaithe le vóta eile'