May ag ‘meilt ama’ nó nach mbeidh ‘aon rogha fágtha’ – Corbyn

Tá ráite ag Theresa May le feisirí a misneach a choinneáil faoin gcúlstop, ach deir Jeremy Corbyn nach raibh á thairiscint ag May ach ‘tuilleadh leithscéalta agus moilleadóireachta’

May ag ‘meilt ama’ nó nach mbeidh ‘aon rogha fágtha’ – Corbyn

Tá impí déanta ag Príomh-Aire na Breataine ar fheisirí pharlaimint Westminster ‘misneach a choinneáil’ maidir lena hiarracht a chur ina luí ar an AE leasú a dhéanamh ar an gcúlstop.

Ag labhairt di in Westminster tráthnóna d’iarr Theresa May go dtabharfaí tuilleadh ama di chun brú a chur ar lucht an AE sa Bhruiséil glacadh le hathruithe ar an margadh Breatimeachta a rinne sí leo.

Chuir sí in iúl go raibh ráite aici le Parlaimint na hEorpa go raibh athruithe ar an gcúlstop a mbeadh seasamh dlí acu ag teastáil ó pharlaimint na Breataine.

Chaithfí, a dúirt sí, misneach a choinneáil toisc idirbheartaíocht faoi athruithe a d’fheadfaí a dhéanamh ar an gcúlstop a bheith ag staid “chinniúnach”.  

Tá ráite ag an AE arís agus arís eile nach bhfuil sé i gceist acu dul i mbun ath-idirbheartaíochta faoin margadh imeachta agus nach ndéanfar aon leasú ar an gcúlstop chun teorainn chrua a sheachaint.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn nach raibh á thairiscint ag May ach “tuilleadh leithscéalta agus tuilleadh moilleadóireachta”.

“Tá an éigeandáil is mó le glúin anuas amach romhainn sa tír seo ach mar sin féin, tá am á mheilt go contúirteach aici,” arsa Corbyn.

Dúirt sé gurb é an t-aon phlean a bhí ag May ná am a chur amú go dtí lá an Bhreatimeachta ionas nach mbeadh aon rogha eile fágtha ag na feisirí ach tacú lena “margadh atá lochtach go smior”. 

Beidh díospóireacht agus vóta eile ann faoin mBreatimeacht Déardaoin.

Dúirt Anna Leadsom, ceannaire Theach na dTeachtaí, inniu nach mbeadh aon vóta ceart eile faoin margadh nó go mbeadh na treoracha a thug an pharlaimint do May maidir le dáta éaga a chur leis an gcúlstop comhlíonta.

Thug May féin le fios tráthnóna go bhféadfadh sé a bheith amach sa Mhárta sula mbeadh aon vóta ceart ann. 

Dhiúltaigh May athuair d’éileamh Corbyn go mbeadh aontas custam ann leis an AE i ndiaidh an Bhreatimeachta. 

Fág freagra ar 'May ag ‘meilt ama’ nó nach mbeidh ‘aon rogha fágtha’ – Corbyn'