Maureen ‘Little Mo’ Connolly – Serena Williams a linne

Agus Grand Slam buaite ag Serena Williams, tráchtann ár gcolúnaí ar dhuine de thriúr ban eile bhfuil an gaisce sin déanta acu, bean a mheastar go mba de bhunadh Chonamara í

UTI0474920_4_r620x349

Le teacht na gcomórtas i Wimbledon chuile shamhradh cuimhním ar scéal a bhíodh ag m’athair, go ndéana Dia trócaire air, go mba de bhunadh mhuintir Chonghaile Chois Fharraige í Maureen Connolly, nó ‘Little Mo’ mar a baisteadh uirthi – duine de na himreoirí leadóige ab fhearr a bhí riamh ann.

Níl mé in ann a rá anois cé chomh domhain agus a bhí seisean in ann a dhul sa scéal, ach go mbíodh sé ag rá go raibh gaolta léi sna hAille, an baile inar tógadh mé. Ón mbeagán tochailte atá déanta agam féin, tá ag cinnt orm aon deimhniú ceart a fháil. Tar éis di Craobh na hÉireann a bhuachan i 1952, dúirt Connolly go raibh an-phráinn aici as mianach na tíre a bheith inti, ach ní dheachaigh sí níos faide leis an scéal.

I San Diego i California a saolaíodh Maureen Connolly ar an 17 Deireadh Fómhair 1934. Oifigeach i gCabhlach Mheiriceá ab ea a hathair, Martin Connolly, agus ba as Montana dá máthair Jessamine. Scaradar siúd lena chéile nuair nach raibh an leanbh ach ceithre bliana d’aois. Agus í ag éirí aníos is éard a deirtí léi nuair a chuireadh sí tuairisc a hathar gurbh amhlaidh a maraíodh i dtimpiste é. Ní nach ionadh, chreid Maureen sin go dtáinig an lá gur thug sé cuairt uirthi in ospidéal agus cóir leighis ag dul ar ghortú a d’fhág go mb’éigean di éirí as an imirt agus gan í ach scór bliain d’aois.

Ach fiú faoin tráth sin, bhí oiread déanta ag Maureen Connolly go mairfidh a cáil go deo i saol an spóirt sna Stáit Aontaithe agus i mbéil lucht leadóige ar fud an domhain.

Agus í ag freastal ar an scoil bheag bhí Maureen an-tógtha leis an leadóg, ach ba i dtreo an cheoil a mhol a máthair di a dhul – ba cheoltóir gairmiúil an dara fear a phós sise. Bhí sé fánach aici – bhí siad beirt cráite ag an gcailín beag agus í ag impí orthu raicéad leadóige a cheannach di. Bhí sí deich mbliana d’aois nuair a fuair sí a mian. $1.50 a tugadh air agus murar baineadh úsáid as – Maureen ag cleachtadh trí agus ceithre huaire an chloig in aghaidh an lae. Bhí an t-ádh freisin uirthi gur bhuail scoth an chóitseálaí léi – Eleanor ‘Teach’ Tennant.

Lasmuigh den chúirt leadóige, cailín óg séimh, mánla ab ea Maureen Catherine Connolly. Ina cuid imeartha bhí sí fíochmhar agus fuil an bhua thar a bheith láidir ina cuislí. I 1947, agus gan í ach 13 bliana d’aois, d’imir sí i gcomórtas measctha dúbailte le Ted Schroeder a raibh craobhacha Wimbledon agus na Státaí buaite aige. I ndiaidh na himeartha dúirt seisean, ‘There’s only one way to describe her – as an assassin… She was one of the nicest people you’d ever meet, but on the court, boy she went at it.’

Ag an aois sin agus gan í i mbun imeartha ach le trí bliana, bhí Connolly ar an imreoir ban ab fhearr i California. An bhliain dár gcionn bhí sí ar an mbean ab óige (14 bliana) a bhuaigh Craobh Náisiúnta na Stát Aontaithe riamh agus, 50 bliain sular chualathas trácht ar Martina Hingis, muintir Williams ná ar Caroline Wozniacki, bhí an bóthar céanna siúlta ag Maureen Connolly rompu.

Ní mba siocair í a bheith beag a baisteadh ‘Little Mo’ uirthi. Is amhlaidh go mba ‘Big Mo’ an t-ainm a bhí ar an long chogaidh ba mhó a bhí ag Meiriceá ag an am agus mheas scríbhneoir spóirt eicínt i San Diego go raibh beagnach an oiread céanna luais leis na liathróidí a bhuaileadh an Conghaileach agus a bhí leis na buamaí a thagadh ón long!

Ní raibh ‘Little Mo’ 17 bliana d’aois féin nuair a bhuaigh sí Craobh Náisiúnta na mBan sna Stáit Aontaithe i 1951, rud a rinne sí arís an bhliain dár gcionn agus arís i 1953. Ba í Seaimpín na mBan i Wimbledon i 1952 agus i 1954 í (tháinig sí go hÉirinn i ndiaidh na gcomórtas sin an dá bhliain chéanna gur bhuaigh sí Craobh na hÉireann).

Sa bhliain 1953 rinne Connolly éacht nach raibh déanta ag aon imreoir leadóige ban riamh roimhe sin nuair a bhuaigh sí an Churadhmhír nó an Grand Slam – craobhacha na hAstráile agus na Fraince aici chomh maith le cinn Wimbledon agus na Státaí, in imeacht aon bhliain amháin.

Ó shin d’éirigh le Margaret Court (1970) agus le Steffi Graf (1988) an gaisce céanna a dhéanamh, ach b’óige Connolly ná ceachtar acu.

Bhronn an Associated Press an gradam ‘Lúthchleasaí Mná na Bliana’ uirthi i 1951, 1952 agus 1953 agus ba í a bhí ar bharr Ord Fiúntais na mBan sa Leadóg i 1952, 1953 agus 1954.

Ní raibh Connolly na scór bliain féin nuair a bhain gortú di a d’fhág go raibh deireadh lena cuid imeartha. Ar dhroim capaill a bhí sí nuair a scanraíodh an t-ainmhí agus chaith sé an marcach isteach faoi leoraí. Déanadh praiseach dá cos agus cé go raibh súil ag Maureen féin agus ag na dochtúirí a bhí ag tabhairt aire di go mbeadh ar a cumas filleadh ar an imirt, ar an 22 Feabhra 1955 d’fhógair ‘Little Mo’ go raibh deireadh lena cuid imeartha – gan í 21 bliain d’aois féin.

Ní taobh leis an tragóid sin amháin a bhí sí. Agus í féin agus a fear céile ag cur fúthu i Dallas, bhuail ailse Maureen Connolly agus bhásaigh sí ansiúd ar an 21 Meitheamh 1969 in aois a 34 bliain.

Fág freagra ar 'Maureen ‘Little Mo’ Connolly – Serena Williams a linne'