‘Masla amach is amach’ é cinneadh plé faoin nGaeilge a bhaint de chlár na Dála

Dúirt urlabhraí thar ceann an Phríomh-Aoire le Tuairisc.ie tráthnóna nach raibh aon chinnteacht ann go mbeadh an plé faoin nGaeilge, a bhí le bheith sa Dáil inné, ar chlár na Dála na seachtaine seo chugainn

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured Leinster House in Dublin this afternoon looking through the gates. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá “easpa measa” ar an nGaeilge curtha i leith an rialtais agus ráitis faoin nGaeilge bainte de chlár na Dála.

Bhí am curtha ar leataobh ar chlár na Dála inné le go bpléifí cúrsaí Gaeilge agus le go dtabharfaí deis do Theachtaí Dála ráitis a dhéanamh faoin teanga.

Cuireadh an plé ar chúrsaí Gaeilge siar go dtí inniu, ach baineadh de chlár na Dála arís é.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Phríomh-Aoire le Tuairisc.ie tráthnóna nach raibh aon chinnteacht ann go mbeadh na ráitis faoin nGaeilge ar chlár na Dála don tseachtain seo chugainn.

“Is chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála ráitis a dhéanamh faoi Uisce Éireann a athraíodh an clár. Beidh cruinniú ag na haoirí maidin amárach le clár na seachtaine seo chugainn a phlé agus déanfar cinneadh ansin cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na ráitis faoin nGaeilge ann an tseachtain seo chugainn,” a dúirt urlabhraí thar ceann an Phríomh-Aoire.

29/1/2014. Sinn Fein Political Reforms

Idir an dá linn, tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Aengus Ó  Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, ar Fhine Gael as “drochmheas” a léiriú ar an teanga.

“Táim den tuairim láidir gur cheart na ráitis ar an nGaeilge a chur ar ais ar chlár na seachtaine seo. Tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt droim láimhe leis an nGaeilge arís.

“Léiríonn an cur chuige náireach seo dímheas an rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Nuair a léirítear drochmheas oifigiúil ar an teanga treisítear ar an tuairim nach bhfuil luach ar an nGaeilge. Masla amach is amach atá ann,” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt sé gur “cúis náire” a bhí sa chinneadh na ráitis Ghaeilge a bhaint de chlár na Dála “go háirithe le linn Chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916”.

“Is mór an scannal é, a athneartaíonn an tuairim nach tosaíochtaí iad an Ghaeilge, an Ghaeltacht nó lucht labhartha na Gaeilge ag Fine Gael anois nó choíche,” arsa Ó Snodaigh.

Fág freagra ar '‘Masla amach is amach’ é cinneadh plé faoin nGaeilge a bhaint de chlár na Dála'