‘Masla’ agus ‘áiféis’ a bheadh i scrúdú Gaeilge do thoghchán Údarás na Gaeltachta

Leanadh tráthnóna leis an scrúdú atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais

‘Masla’ agus ‘áiféis’ a bheadh i scrúdú Gaeilge do thoghchán Údarás na Gaeltachta

“Masla” agus “áiféis” a bheadh ann iarraidh ar chainteoirí dúchais Gaeltachta scrúdú teanga a dhéanamh le seasamh i dtoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta, a dúradh i dTeach Laighean tráthnóna.

Leanadh tráthnóna leis an scrúdú atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Ba iad Tuismitheoirí na Gaeltachta an dream is déanaí a tharraing aird ar phlean an Rialtais go mbeadh caighdeán B2 TEG ag teastáil ó chomhaltaí an chéad bhord eile de chuid an Údaráis.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, gur tharla sé cheana go raibh daoine nach raibh Gaeilge acu ar Bhord an Údaráis ach gurb é an córas polaitíochta ba chúis leis.

Ó tharla go rabhthas ag iarraidh an pholaitíocht a ghlanadh ón gcóras faoin múnla nua toghcháin, ní bheadh aon ghá ná ciall le scrúdú Gaeilge, a dúirt sí.

“Is ag dul i dtreo na háiféise a bheadh sé iarraidh ar ghníomhaí pobail Gaeltachta scrúdú sa teanga a dhéanamh – go deimhin is masla a bheadh ann i gcásanna áirithe. Tá an Ghaeilge is fearr sa tír, ar domhan, ag roinnt de na gníomhaithe pobail sa Ghaeltacht, ní mba ghá dóibh ach a mbéal a oscailt agus thuigfeadh na bodhair é sin, daoine nár bhris an nasc nó an slabhra [teanga] seo…agus a sheas lena ndúchas.

“Más ag cuimhneamh ar dhaoine a bheadh ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as an gcóras – dé chúis go mbeadh an leatrom seo á dhéanamh ar na daoine cearta,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair.

Léiríodh imní chomh maith ag cruinniú de chuid an Choiste an tseachtain seo caite go gcuirfeadh an scrúdú Gaeilge cainteoirí dúchais ó dhoras.

Agus tús á chur leis an scrúdú réamhreachtaíochta ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022, dúirt Gearóid Ó Tuathaigh, iarChathaoirleach ar an mBord, go raibh imní air nach mbacfadh daoine cumasacha seasamh don toghchán dá mbeadh scrúdú le déanamh acu.

Dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh go raibh baol ann go gcuirfeadh riachtanas an chaighdeáin B2, an caighdeán céanna a mbítear ag súil leis chun go bhféadfadh duine dul faoi oiliúint mar mhúinteoir bunscoile, as do dhaoine a bheadh ag smaoineamh a n-ainm a chur chun cinn don toghchán.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ag cruinniú an lae inniu gur léir ón méid a bhí ráite leis an gcoiste go n-uige seo go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar cheist an scrúduithe agus féachaint an raibh “bealach eile ann seachas an B2”.

Mhol ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, chomh maith go mbunófaí Fóram na mBan sa Ghaeltacht sula dtabharfaí toghchán an Údaráis ar ais le cabhrú lena chinntiú go mbeadh dóthain iarrthóirí ban ann.

Thabharfadh a leithéid misneach do mhná agus d’fhéadfadh na baill tacú lena chéile agus spreagadh a thabhairt do dhaoine a bheadh ag iarraidh seasamh sa toghchán.

Dúirt Lorraine Clifford Lee, an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, gur moladh gur fiú tacú leis agus forbairt a dhéanamh air a bhí sa mholadh Fóram na mBan a bhunú.

Fág freagra ar '‘Masla’ agus ‘áiféis’ a bheadh i scrúdú Gaeilge do thoghchán Údarás na Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nach ról rialtais é seo agus, mar sin, nach bhfuil cáilíocht ar leith i dtaca leis an teanga dúchais a dhith?
    Is fuath liom féin scrúduithe ach ní bhfaighidh mé post muna dtig liom a thaispeáint go bhfuil cáilíocht ar leith bainte amach agam. Bíonn orainn uilig scileanna úra a fhoghlaim, cad chuige nach mbeadh ar chumas iad siúd ar suim leo bheith ar bhord eagraíocht ‘Gaeilge’ an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?
    An mbeadh sé níos fusa daofa an teastas seo a bhaint amach agus iad tofa ar an bhord? An mbeadh cuidiú agus tacaíocht ar fáil ó údarás an dátheangachais (doiligh glacadh leis gur údarás ‘na gaeltachta’ iad feasta).

  • Seán Ó Fearraigh

    Aontaím le Cordelia. Ina theannta sin, cuirim ceist maidir le ‘masla’. Cé atá maslaithe? Cé chomh héasca agus a ghlacann siad le masla?