‘Masla’ a bhí i gcaint Arlene Foster faoi ‘chrogaill’ – Eileen Paisley

Deir baintreach bhunaitheoir an DUP gur ghoill an chomparáid a rinne Arlene Foster idir lucht éilimh achta teanga agus crogaill uirthi mar Chríostaí agus mar ghnáthdhuine

‘Masla’ a bhí i gcaint Arlene Foster faoi ‘chrogaill’ – Eileen Paisley

Deir an Banbharún Eileen Paisley gur ghlac sí féin mar mhasla an chomparáid a rinne Arlene Foster idir lucht éilimh achta teanga ó thuaidh agus crogaill a bhíonn seasta ag iarraidh.

Deir baintreach Ian Paisley, bunaitheoir an DUP, an méid sin in agallamh leis an iriseoir Eamonn Mallie a chraolfar san oíche amárach ar UTV.

Nuair a chuireann Mallie ceist ar an mBanbharún céard a shíl sí “mar Chriostaí” de ráiteas conspóideach cheannaire an DUP faoi Shinn Féin agus na crogaill, deir sí gurbh amhlaidh gur ghoill sé uirthi mar Chríostaí agus mar ghnáthdhuine. “Sea, [bhíos maslaithe]. Ghlac mé mar mhasla é mar ghnáthdhuine daonna,” a deir Eileen Paisley.

Agus feachtas toghchánaíochta de chuid an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici i bhFeabhra 2017, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí.

Chuir an chonspóid faoi ráiteas Foster go mór leis an easaontas idir Sinn Féin agus an DUP ó thuaidh, agus tá ceist na Gaeilge agus an Achta fós ar an dris chosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont, atá as feidhm le breis is dhá bhliain.

Dúirt ceannaire an DUP ina dhiaidh sin go raibh aithreachas uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi agus mhaígh sí nach raibh aon bhaint ag an méid a bhí le rá aici faoi chrogaill le ceist an Achta Gaeilge.

Craolfar ‘Eamonn Mallie Face to Face With… Eileen Paisley’ ar UTV ag 10.45pm amárach.

Fág freagra ar '‘Masla’ a bhí i gcaint Arlene Foster faoi ‘chrogaill’ – Eileen Paisley'