Seán Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht €18
Cuimhní cinn atá sa leabhar seo atá tiomnaithe dá bhean is dá chlann ag an iarpholaiteoir ach ní hiontas gur sna móreachtraí polaitiúla seachas a shaol pearsanta ba mhó mo spéis féin.
Maithigí dom mar sin gur léim mé go dtí leathanach 357 ar dtús go réiteoinn rún Fatima 2009 nuair a d’athraigh an Neachtaineach a intinn faoi sheasamh i dtoghchán na hEorpa agus an t-ainmniúchán saothraithe go géar aige.
Deoir féin den uisce faoi thalamh ní nochtar ach as a ‘stuaim féin’ a d’éirigh sé as agus é ‘spíonta’.
Má shéantar na sonraí sin orainn, tá neart sonraí fánacha eile sa leabhar. Sonraí taistil is eitiltí, míniú ar bhuanna shólann an Chiorcail Órga san aerfort, siopa sceallóg is feistiú troscán is árasáin sa Bhruiséil, sárbhuanna a mhná i mbun cúraimí a fir agus doicheall Galway Bay FM roimh a chomhluadar.
Cé hé Seán Ó Neachtain? Athair, céile, múinteoir meánscoile agus stiúrthóir coláiste samhraidh as an Spidéal. Fianna Fáileach a bhí ar bhord Údarás na Gaeltachta, ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ina Fheisire i bParlaimint na hEorpa. Ní hiontas mar sin go mbeifeá ag súil go bhfuil go leor le foghlaim uaidh faoin cheird na polaitíochta in Éirinn.
Cuireadh ‘brú’ air seasamh nuair a d’éirigh Máire Geoghegan-Quinn as an bpolaitíocht i 1997 d’ainneoin an múisiam a chuir a sheasamh ar Dermot Ahern is boic mhóra an pháirtí.
Beirt bhan sa bpáirtí a bhí le cloí aige agus go leor cainte ar an gcomhionannas inscne ach bhí Gaeilge agus taithí de bhuntáiste ag fear an Spidéil ar na mná. Céard a déarfá leis an ngleacaí Bertie is a cheanncheathrú nár chuir duine de na mná ar an ticéad agus go ndearna seanadóir di i ndiaidh an olltoghcháin?
Ach tháinig lá fhear an Spidéil nuair a toghadh ina iarrthóir ionadaíoch do Pharlaimint na hEorpa é agus bhí sé sna sodair anonn agus Pat the Cope ar a bhealach anall go dtí an Dáil.
Tá go leor cainte tarraingthe ag cúrsaí tromaíochta i bpáirtí Shinn Féin le tamall ach ní fiú tráithnín é le hais Fhianna Fáil. Murach go bhfuil sé againn ó bhéal an fheisire, ní chreidfeá an scéiméireacht a bhain le toghchán 2004, tairbh mhóra á seoladh an bealach le moladh duit éirí as feachtas, ráflaí is glaonna gutháin ag dinnéar ómóis, ach seachas an córas lofa sin a cháineadh “guaim in aghaidh an bhuille” mantra iománaí an Spidéil.
Ach cén fáth gur duine eile a theastaigh ón Taoiseach? Ní mór ceist a chur ar Pharthalán féin!
Ar ndóigh má bhí an feisire nua sa mBruiséil, bhí a bhean agus a iníon fostaithe i mbun a chuid oibre aige san oifig i nGaillimh, mar “chaithfí aire a thabhairt don toghcheantar”. Bhí comhairleoirí maithe aige, Gerry Collins, Mark Killilea agus Brian Crowley – triúr a raibh sé amuigh orthu gurbh fhearr leo a vótóirí áitiúla a shásamh ná an idé-eolaíocht.
Cruinnithe áitiúla, síorthaisteal deireanach san oíche, nuachtlitreacha mar “ní bheadh aon mhaith i do chuid oibre mura gcloisfí sa mbaile é”. Sibhse a cheapann gur ar an “gravy train” a chuaigh an Conamarach sall, déanfaidh sibh iontas go n-íoctaí tráth é i gcual airgead tirim, franc na Beilge, agus go mbíodh sé caillteach ach a mbíodh sé sóinseáilte aige.
Ach céard iad na cúraimí tábhachtacha a bhíonn ar fheisire i bParlaimint na hEorpa?
Sclaigeanna bóthair agus cead pleanála agus a bhean chéile agus a fhostaí oifige ina saineolaí ar chúrsaí pleanála. Bhíodh iontas ar a chomhghleacaithe faoina chúraimí baile ach sin í cinniúint an pholaiteora sa tír seo a nglacann Ó Neachtain léi go sásta.
Admhaíonn an t-iarfheisire gur ag Comhairle na nAirí atá an chumhacht agus go mbíonn an pharlaimint taobh le moltaí a dhéanamh. Ba léir dó sin ar Choiste na nIascach agus é den tuairim gurb é an polasaí iascaigh “sáil Aichill” an Aontais, agus sin sular tháinig an Breatimeacht in aon chor.
Mura bhfaigheann muid aon eolas faoi idé-eolaíocht ná prionsabail an pholaiteora, cé gur mhaígh sé gur sóisialach a bhí ann agus gurbh as an sóisialachas a fáisceadh é agus é in iomaíocht le Mary Freehill mar choisteoir, ní haon mheath ar a chuimhne is cúis leis sin.
Cuimhníonn sé ar cheist faoi chostais a chuir iriseoir ar Raidió na Gaeltachta air, spochadh “leiciméara” Tigh Hughes agus é ag súil le deoch bhocstí, polasaí Mháire Mhic Róibín ar mhairteoil na Brasaíle, dearcadh Mhichael D Ó hUigínn is Chatherine Connolly ar bhóthar Chonamara, an t-amhras go raibh socrú idir Seosamh Ó Cuaig, Cumhacht agus Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil i 1989 agus chuile bhualadh bos dá bhfuair sé riamh.
Agus Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta, maíonn an t-iarChathaoirleach ar an eagraíocht fiontraíochta sin gur bheag polaitíocht a bhain riamh leis ach “chuile chomhalta ag tochras ar a cheirtlín féin”.
Bhí an iomarca iomaíochta le déanamh faoi thograí nárbh fhiú a bheith “ag sáraíocht faoi pholaitíocht”.
Seo fear a deir go ndeachaigh sé ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe le cosán coise a chur soir as an gCoilleach, a mhol don Údarás garraí na Luxury Homes sa Spidéal a cheannach, agus atá sásta go bhfuarthas cead loch Bhoth Loiscthe a fháil do scéim uisce an Spidéil.
Shílfeá nach mbeadh ar dhuine a ghabháil chun na Bruiséile chun na héachtaí fiúntacha sin a dhéanamh?
Is beag racht a scaoileann an t-iarpholaiteoir seo óna chroí ach luafaidh mé péire. Faigheann an Roinn Comhshaoil faoin ngiall é – dream amháin sa Roinn ag pleanáil bóthar siar Conamara agus dream eile sa Roinn chéanna ag seoladh cáipéisí ina choinne sall chun na Bruiséile. Céard a rinne a pháirtí faoi? Diabhal a fhios agam.
Béarlagair lucht an Údaráis an t-ábhar eile atá ag dó na geirbe aige. Fear mór le rá san ollscoil i nGaillimh a chuir ina leith go raibh “a chuid Gaeilge truaillithe ag Béarlagair an Údaráis”. Dar le fear an Spidéil, a bhí tráth i Roinn na Gaeilge san Ollscoil sin, nach ualach ar an teanga an téarmaíocht nua-aimseartha seo.
Ar ndóigh is í an fhadhb le béarlagair ar bith go n-úsáidtear go minic é le freagra soiléir a sheachaint agus an dubh a chur ina bhán ar an éisteoir. Nuair a chuimhním ar an oiread ceirdeanna agus scileanna a bhí ag ár sinsir agus foclóir le freastal orthu uilig ar bharr a dteanga acu, aithním an polaiteoir agus an feidhmeannach atá ag díol muc i mála liom le téarmaíocht mhíchuí nach dtuigeann sé féin go baileach.
Cén ghaois atá sa leabhar don pholaiteoir óg? Má bhuailtear sa leiceann thú iompaigh an ceann eile, coinnigh súil ar do bhráite, agus ní haon áit an páirtí polaitíochta d’aislingí móra ná don idé-eolaíocht.
Is ait agus is foighdeach an mac é an polaiteoir ach más uait léargas a fháil i nGaeilge dheas nádúrtha ar an tsiobáil ar fad a bhaineann leis an saol cruógach seachránach sin, is duitse an leabhar seo.
Donncha Ó hÉallaithe
Léargas breá tugtha ar an leabhar sa léirmheas sin. Bhaineas féin an-sásamh as an leabhar a léamh i gcaitheamh na Nollag agus mholfainn é mar ábhar léitheoireachta do dhuine ar bith le spéis sa bpolaitíocht, le tuiscint a fháil ar an mbealach a oibríodh an pholaitíocht taobh istigh de Fhianna Fáil agus mar a oibríonn sé san AE.