Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an  mbréagnuacht

Tá moltaí fiúntacha déanta maidir le conas breith ar an mbréagnuacht ach an féidir an taoide éitheach a chasadh?

Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an  mbréagnuacht

Bheadh náire ar ár bhformhór dá mbéarfaí orainn tar éis bréag a inseacht faoi dhuine eile. Faraor, ní chloíonn go leor daoine leis an ardchaighdeán céanna agus nuacht nó bréagnuacht á scaipeadh acu. 

Léirigh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2016 an dochar a dhéanann bréagnuacht. Cuimhnigh ar shampla beag amháin: na ‘tuairiscí’ go raibh Donald Trump molta ag an bPápa (‘Pope Francis Shocks World, Endorses Donald Trump for President’). Bhí an scéal fós á scaipeadh go forleathan roinnt seachtainí tar éis don Vatacáin é a shéanadh go láidir.

Níl samplaí chomh háiféiseach ná chomh forleathan den bhréagnuacht feicthe sa tír seo fós. Mar sin féin, ní cóir neamhshuim a dhéanamh den dainséar, go háirithe má chuirtear na meáin leathphoiblí nó rúnda san áireamh. Thaispeáin taighde a rinne an BBC le gairid mar shampla gurb é WhatsApp thar aon mheán eile atá á úsáid ag páirtí an rialtais san India, áit a vótálfar in olltoghchán ar an 23-24 Bealtaine.

Cé nach féidir teachtaireachtaí ar WhatsApp a léamh gan cead isteach a fháil i ngrúpa úsáideoirí, tá lear mór samplaí de ráflaí mailíseacha agus de bhréagnuacht tagtha chun solais ar an gcóras san India. Maraíoidh triúr i stát Tamil Nadu anuraidh mar gheall ar bhréagnuacht faoi fhuadach páistí. Chuir WhatsApp tús le feachtas in aghaidh ráflaí ó shin agus ‘scaip áthas seachas fuath’ mar mhana acu.

Faraor, léiríonn mana an fheachtais a laige. Bheadh an saol ar fheabhas dá mbeadh daoine freagrach, stuama agus ionraic ach ar ndóigh ní hamhlaidh atá, san India ná in aon tír eile. Tugann gach meán sóisialta deis leanúnach do chách scéal nach bhfuil fíor a chumadh nó a scaipeadh. Más athsheoladh a dhéantar (RT ar Twitter, mar shampla), is féidir leis an athsheoltóir ligean air/uirthi féin nach bhfuil siad freagrach as an mbréag, nó an leathbhréag. 

‘Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é,’ a deireadh na scéalaithe fadó. Bhí a fhios ag a lucht éisteachta nach raibh an fhírinne á hinseacht acu. Anois, ní theastaíonn ach cliceáil chun bréag a bhfuil cuma na fírinne uirthi a scaipeadh ar fud an domhain, agus gan duine a bheith freagrach as an athinseacht.

Tá feachtas nua chun dul i ngleic le contúirt dá leithéid abhus seolta ag RTÉ, TG4, PreasChomhairle na hÉireann, Facebook, Google, Twitter agus eagraíochtaí eile. Moltar ar shuíomh an fheachtais (atá ar fáil anseo) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:

STOP

Ná glac leis go bhfuil lánéirim scéil i gceannlíne agus na bí ag brath ar cheannlíne ná ar chur síos gairid sna meáin shóisialta. Ná déan talamh slán de go mbíonn léiriú cruinn ná iomlán ar scéal i ngrianghraf. Ná glac leis ach oiread go bhfuil scéal fíor toisc go bhfuil sé á scaipeadh go forleathan.

SMAOINIGH

Breathnaigh ar fhoinse agus ar stíl an scéil. Ná déan dearmad go bhfuil tuairimí agus claonta de do chuid féin agat. Cuimhnigh freisin ar na halgartaim sin a úsáidtear chun go seolfar chugat ábhar atá ag teacht le do thuairimí féin. Cuardaigh an scéal céanna in áiteanna eile, féachaint an bhfuil sé á scaipeadh go forleathan. Mura bhfuil, b’fhéidir nach bhfuil sé cruinn, nó suas chun dáta.

DEIMHNIGH

Bíonn bréagnuacht á scaipeadh go minic ag cuntais agus ag líonláithreáin a bhfuil cuma iontaofa orthu. Breathnaigh go cúramach ar an seoladh agus ar an teideal. An bhfuil faisnéis á scaipeadh d’fhonn tacú le tuairim pholaitiúil? Nó chun airgead a thuilleamh?

An bhfuil ciall leis an bhfaisnéis? Mura bhfuil, breathnaigh ar fhoinsí eile.

Níl focal comhairle thuas nach n-aontódh gach duine stuama leis, agus tá ábhar fiúntach ar shuíomh an fheachtais nua do mhúinteoirí má bhíonn siad ag beartú plé a dhéanamh sa rang ar fhoinsí nuachta. Ach, nuair a fhágtar cásanna eisceachtúla as an áireamh, ní foláir cuimhneamh ar an mbreithniú faisnéise a dhéanann eagarthóir Tuairisc.ie agus eagarthóirí na meán traidisiúnta eile sula gcuirtear ábhar ar bith i gcló, ar líne nó ar an aer.

Sin ráite, dúisíonn a bhfuil ráite faoi fhoinsí eile ar líonláithreán an fheachtais nua trí cheist chrua: 

  1. Nach léir cheana féin gur spéis lenár bhformhór áibhéil, bréaga, ráflaí, nó raiméis fiú amháin mura bhfuil siad ag teacht lenár dtuairimí?
  2. Nach mbíonn an bhréag níos suimiúla scaití ná an fhírinne, agus cathú ar mhórán í a scaipeadh?
  3. Nach bhfuil sé soiléir, ainneoin fiúntas an fheachtais nua, nach féidir Éire a chosaint ó bhagairt na bréagnuachta a rinne dochar mór i dtíortha eile cheana féin?

Fág freagra ar 'Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an  mbréagnuacht'

  • Bibi

    Tá súil agam go dtabharfaidh an feachtas nua seo cabhair agus acmhainní do dhaoine chun an dlí a chur ar an dream nimhneach, mailíseach, gan náire ná coinsias a scríobhann rudaí gránna, déistineacha ar FACEBOOK. Trolls a glaotar orthu ach ghlaofainnse ainm i bhfad níos measa orthu agus ní bheadh aon chathú orm iad a fheiscint ag cur isteach tréimhsí fada príosúnachta.