Más leat Trump a shárú ní mór a phlean a thuiscint

Déanann ceannairí na hEorpa beag is fiú de dhearcadh Trump agus is leor dóibh a fhógairt nach dtuigeann sé an saol

Más leat Trump a shárú ní mór a phlean a thuiscint

Agus iad ag iarraidh freagra – nó míniú – a fháil ar pholasaí taraifí Trump, bíonn lucht a cháinte éadóchasach nóiméad amháin agus lán le dóchas an chéad nóiméad eile go dtitfidh an rud ar fad i léig.  Glacann siad leis go rachaidh Trump le dod ar feadh tamaill go dtí go gcruthóidh an saol dó easnaimh a chuid réasúnaíochta ó thaobh na heacnamaíochta.

Amaidí a thugann siad ar a phlean. Ach ní raibh siad ag tabhairt aird mar ba cheart ar chúrsaí. Tá taraifí Trump mar chuid de phlean eacnamaíoch domhanda atá láidir – cé go bhfuil riosca mór ag baint leis.

Tá Trump ag iarraidh iachall a chur ar lucht infheistíochta Mheiriceá a gcuid infheistíochtaí a dhéanamh sa mbaile, agus níl sna taraifí nó sa chóras cánach atá le teacht ach uirlis chun é sin a bhaint amach.

Cinnte, tá an ceart ag lucht a cháinte nuair a deir siad nach comhartha éagothroime trádála an t-easnamh trádála atá ag Meiriceá, ach comhartha go raibh Meiriceá féin ag ceananch isteach níos mó earraí ná mar a bhí á  dhíol nó á chruthú acu.

Is é sin le rá go bhfuil leibhéal na bhfiacha atá ar Mheiriceá éirithe rómhór.  Tá easnamh beagnach $8 trilliún ag Meiriceá, $750 billiún ag dul go dtí an tSín aisti féin. Tá sé soiléir le tamall nach féidir na fiacha sin a sheasamh ar bhonn inmharthana.

Chabhraigh an domhandú eacnamaíochta le máistreacht a thabhairt do Mheiriceá ar an domhan ar fad, ach de réir a chéile tá an Domhan Theas ag briseadh na slabhraí. Agus ar mhaithe le caighdeán maireachtála na ndaoine is saibhre i Meiriceá a choinneáil ard, agus ar mhaithe le híoc as na cogaí go léir a bhfuil baint ag Meiriceá leo, bhí Meiriceá ag fáil tuilleadh is tuilleadh airgid ar iasacht – airgead nach féidir íoc ar ais.

I ndáiríre, is éard atá ar siúl ag Trump ná iarracht ualach na bhfiach sin a chur ar tíortha eile. Is cé tá sách láidir le seasamh ina choinne?

I gcás an Aontais Eorpaigh, dhéanfadh cogadh trádála i bhfad níos mó dochair don AE ná do Mheiriceá mar tá an tAE i ndiaidh é féin a cheangal an oiread sin le Meiriceá, agus is geilleagar leath-iata é Meiriceá nach gá dó brath ar allmhaireoirí.

Is fiú a thabhairt faoi ndeara gur labhair an tAE go dána faoi bhearta díoltais ar tharaifí Mheiriceá, ach sa deireadh ní raibh ann ach iarracht fhuarbhruite.

Ar an taobh eile den domhan, tá seasamh na Síne i gcoinne bhulaíocht Mheiriceá níos láidre agus níos cinnte. Tá Meiriceá tábhachtach dóibh mar mhargadh, ach tá margaí eile acu. Tá fiú an an tSín, an tSeapáin agus an Chóiré Theas ag caint le chéile faoi pholasaí comhchosanta a chur ar bun.

Is cosúil go seasfaidh an tSín an fód agus go ndéanfaí níos mó dochair do Mheiriceá ná don tSín, mar tá allmhaireoirí ón tSín tábhachtach do dhéantúsaíocht i Meiriceá.

Seachas don tSín, tá sos fógartha ag Trump sula dtiocfaidh na taraifí arda isteach. Sos 90 lá ag ráta 10%, ach iachall ar na tíortha sin margadh a dhéanamh le Trump, de réir théarmaí Trump.

I gcás an AE, cé mhéad a mbeidh orthu a ghéilleadh?  Céard a shásóidh Trump? Is beag rogha atá acu, mar le briseadh le Meiriceá bheadh orthu socrú a dhéanamh leis na BRICS, leis an tSín agus leis an Rúis. Ach ní féidir leo é sin a dhéanamh toisc go bhfuil aithisiú na Rúise ina bhunphrionsabal acu.

Ní léir gur féidir le ceannairí an AE smaoineamh ar bhealaí úra. Creideann siad ina mbolscaireacht féin faoin domhandú agus rialacha oird an domhain.  Déanann siad beag is fiú de dhearcadh Trump agus is leor dóibh a fhógairt nach dtuigeann sé an saol.

Ach, mo léan, tuigeann sé níos fearr ná iadsan é. Tuigeann sé nach bhfuil sa táirgiúlacht ach an chaoi a shocraíonn cumhacht eacnamaíoch cé a dhéanann céard le cén rud – sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Agus tá Trump sásta an chumhacht atá aige a úsáid chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach.

I gcás na hÉireann, faigheann ár ndílseacht don Aontas Eorpach an ceann is fearr orainn sa mhéad is nach bhfeiceann muid aon rogha eile ach é. Ní bhíonn an misneach againn labhairt ar ár son féin.  Is dogma dúinn gur treise muid mar chuid den Aontas in ionad a thuiscint nach ionann prióireachtaí an Aontais agus ár gcuid féin.

Is cuma le Trump faoin AE – cuireann sé déistin air fiú.  Tuigeann sé go raibh an seanchóras aonpholach ag fáil bháis, mar gheall ar fhás an Domhain Theas agus ualach na bhfiach ar Mheiriceá.  Anois tá rialacha nua á scríobh aige a oireann don riachtanas nua.

Is é an dainséar ar ndóigh go mbeidh an iomarca péine ann sa ghearrthéarma a spreagfadh a naimhde chun gnímh i Meiriceá féin. Ach más féidir leis an stoirm a sheasamh ar feadh bliana taobh, seans maith go dtiocfaidh sé slán.

Fág freagra ar 'Más leat Trump a shárú ní mór a phlean a thuiscint'

  • JP

    Meas tú dáiríre go bhfuil plean cliste, cuimsitheach, léirintinneach aige?
    Nach ag sárú agus ag teacht salach ar a chéile a bhíonn siad ó lá go lá, ó nóiméad go nóiméad fiú?
    Iad ag rith is ag rás, ag baint na speireacha dá chéile?
    Nó an cuid den phlean iontach seo ag Trump an roithleagán-ró seo ar fad?
    Féadfar deimhin a dhéanamh d’aon rud amháin, áfach, déanfaidh Trump saibhreas thar meon as an gcíorthuathail.
    Éireoidh sé chomh saibhir le Damer (seolfar Musk abhaile go Mars gona eireaball ina ghabhal aige).
    ‘Trádáil cos istigh’ a thugtar ar ainliú mídhleathach a dhéanamh ar na stocmhargaí.
    Agus is féidir le ráite béil aon duine amháin (!) tionchar ollmhór a imirt ar na stocmhargaí domhanda.
    Ach na ráite béil sin a dhéanamh in am is i dtráth.
    Bíodh do chos istigh agat an uair sin chun breith ar an uain ar an urla.
    Tá sé an-éasca saibhreas a bhailiú nuair atá stiúir ar an gcinniúint agat…cinniúint na stocmhargaí adeirim.
    Cé dúirt:
    ‘Ní chothaíonn na briathra na bráithre’?