Más fíor go bhfuil tú imithe, a Fungie, go raibh maith agat as 37 bliain draíochta

I 1988 a chuir ár ngrianghrafadadóir aithne ar dheilf cháiliúil an Daingin agus chuir sé leabhar amach faoi Fungie ina dhiaidh sin

An bhféadfadh go bhfuil sé imithe?

An bhfuil Fungie, deilf bholgshrónach an gháire mhóir a chuaigh i gcion chomh mór sin ar mhuintir na tíre seo agus an domhain mhóir, imithe ar shlí na fírinne?

Tá an deilf cháiliúil ar iarraidh le seacht lá agus é ina imní go bhfuil sé marbh agus go bhfuil deireadh leis an gcaidreamh iontach a bhí ag muintir an bhaile leis le breis is 37 bliain.

Rinne tumadóirí agus bádóirí dianchuardach i gcuan an Daingin ó d’imigh an deilf as amharc seachtain  ó shin ach súil ná sonóir ní bhfuair dé ar an deilf ó shin

Fungie, deilf an gháire mhóir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Is deacair domsa agus mo leithéid a chaith cuid dár saol ina chomhluadar glacadh leis go bhfuil a lá tagtha.

Ba gheall le Setanta é Fungie agus é ag cosaint an stráice sin farraige idir Sláidín, Binn Bán, Tiompán agus béal Chuan an Daingin ó strainséirí. Ach le teann fiosrachta agus fonn spraoi a bhuaileadh sé le daoine.

In 2013, rinneadh comóradh álainn ar 30 bliain óna theacht go dtí Cuan an Daingin tráth a ndeachaigh gach bád agus gach trálaer amach go dtí Fungie le go bhféadfadh daoine a ndea-ghuí a chur in iúl dó.

Ba é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta a rinne an beannú an lá sin. “Céad slán agat, a Fungie, agus go maire tú aois mhór anseo,” ar sé, agus é ag scairdeadh uisce coiscrithe ina threo.

Taispeántas. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Níor chuir an Monsignor fiacail ann agus é ag cur comhairle ar Fungie: “Ba cheart duit smaoineamh ar dheilfeanna beaga óga a chur ar an saol agus a fhágáil againn roimh i bhfad.”

Ba mhinic an port céanna ag bádóirí sna seacht mbliana is tríocha sin: “Ní fhanfaidh sé i bhfad. Beidh sé imithe amárach.”

Bhí drogall ar Steve MacDonagh, foilsitheoirí Brandon, athchló a chur ar mo leabhar faoi Fungie, Ireland’s Friendly Dolphin, toisc ‘go mbeadh Fungie imithe leis’.

Ach ba iad na bádóirí a d’imigh agus Fungie a d’fhan – ‘Small Martin’ Ó Flannúra, Paddy Garvey, Tomás Ó Flannúra, David Donegan.

Mairtín Ó Flannúra. Thugadh ‘Small Martin’ daoine amach go dtí Fungie agus bhí an-ghean aige ar an deilf. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Chaith siad na blianta ag tabhairt paisinéirí amach go dtí an t-iontas seo: deilf ag léim go hard san aer agus ag spraoi timpeall na mbád agus gártha ríméadacha ar aghaidh na bpáistí ag an radharc taibhseach sin. Tá na páistí sin, atá anois ina gcuntasóirí, ina ndochtúirí, ina múinteoirí, ina siúinéirí agus ina bhfeirmeoirí ag caoineadh Fungie chomh maith an tseachtain seo.

Ba gheall le scannán Hollywood scéal Fungie, bádóirí an cheantair agus cuairteoirí tagtha le chéile ar a shon. Smaoinigh ar ETThe Quiet Man agus Brigadoon le chéile. Ach ní haon áibhéil scannánaíochta ná bréag a bhí i scéal Fungie.

Bhíodh sceitimíní air ach teagmháil a dhéanamh le lámh duine. Cé go raibh sé fiosrach choinníodh sé spás beag i gcónaí idir é féin agus an duine. Nuair a sáraítí an bhearna gheitfeadh sé ar nós madra agus rachadh sé go mear timpeall an chuain le teann spóirt sula dtiocfadh sé ar ais le babhta eile den chluiche céanna a imirt.

Fungie á chur féin in iúl ar dtús. Ag leanúint na mbád iascaireachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Chuaigh Fungie i bhfeidhm go mór ar an Taoiseach Charlie Haughey, nuair a lean an deilf a bhád seoil, Celtic Mist, amach an cuan. Bronnadh an Celtic Mist ar an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna. Tugadh reachtaíocht isteach sa tír seo i bhfad roimh thíortha eile chun áit chaomhnaithe do mhíolta móra agus deilfeanna a fhógairt.

A bhuíochas sin do Fungie. Samhlaigh é sin: ainmhí aonair a spreag reachtaíocht tíre!

Bhí spraíúlacht Fungie tógálach. Mhúin sé dúinn a thábhachtaí is a bhí an spraoi agus an spórt agus gur chóir dúinn níos mó airde a thabhairt orthu.

Sin an fáth go raibh sé mealltach. Cé go mbíodh na sluaite ansin i rith an tsamhraidh, d’fhéadfadh Fungie a bheith ina chara pearsanta agat féin sa bhfómhar agus san earrach.

Pádraig Feirtéar: fear theach solais an Daingin agus comharsa Fungie. Meastar gurbh é féin agus na hiascairí ba thúisce a chonaic Fungie. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Is cuimhin liom titim i mo chodladh i mo bhád beag. Dhúisigh rud éigin mé, bhí bolgshrón Fungie istigh i mo straois nuair a dhúisigh mé agus é ag féachaint orm! Thaitnigh daoine leis, níl aon dabht faoi.

Uair eile agus mé amuigh le breacadh an lae le mo chara, Jim Griffin, thug sé taispeántas aoibhinn léime dúinn. Agus ár n-aghaidh tugtha againn ar an mbaile, ba léir nár thaitin sé le Fungie go rabhamar ag imeacht agus chuir sé seó léimeanna níos fearr ar fáil dúinn. Thuig an deilf céard a mheallfadh ar ais chuige muid.

Agus is cuimhin liom thar aon duine eile Paddy Ferriter, fear an tí solais a bhí lonnaithe ag barr Sláidín. Is minic a chaith mé oícheanta airneáin leis go dtí a trí nó a ceathair a chlog ar maidin.

Ard san aer. Fungie ag baint taitneamh as an saol. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Paddy a thug suntas ar dtús don deilf bholgshrónach amach ón Daingean. Bhí an deilf ina haonar agus an-fhonn spraoi uirthi le daoine ó thús. B’in sa bhliain 1983.

Tharraing an deilf cáil ar Phádraic féin ach ba laoch ciúin é an seanchaí a gcuireadh a scéalta duine faoi dhraíocht. Oíche amháin agus princeam Fungie sa sáile le cloisteáil anuas an simné sa Teach Solais chas Paddy chugam agus dúirt, “tá Fungie corraithe”.

Tá sé ráite ag bádóirí an Daingin go bhfuil siad ag glacadh leis gur maith an seans nach bhfeicfear Fungie ar chósta an Daingin arís go deo.

Beidh an saol ann ait, do-aitheanta dá uireasa – amhail is gur dearg a bheadh ar gheansaí fhoireann Chiarraí.

Thaitin báid bheaga agus páistí go mór le Fungie. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí cion ag cách ar Fungie agus scaip a cháil ar fud an domhain mhóir, rud a tharraing go leor cuairteoirí go dtí an Daingean agus tháinig borradh faoin turasóireacht san áit dá bharr.

Tá 12 bád sa Daingean a thuilleann a gcrústa ag tabhairt turasóirí amach go dtí Fungie gach aon lá agus breis is 50 duine ag obair orthu.

Níl an dóchas caillte fós ag daoine áirithe agus iad ag súil gur amach an cuan sa tóir ar shaláin atá Fungie imithe, saláin atá séidte chun farraige ag an ngaoth anoir. Daoine eile ag súil gur i bhfolach ó dheilfeanna agus míolta móra a chonacthas sa chuan atá sé agus go bhfillfidh ach a dtiocfaidh suaimhneas.

Meastar Fungie a bheith suas le 40 bliain d’aois agus is idir 30-40 a mhaireann a chineál bolgshrónach de ghnáth.

Cluiche idir deilf agus daoine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Más fíor go bhfuil tú imithe uainn, a Fungie, tugaim duit an t-ómós is dual don Chiarraíoch – ní bheidh do leithéid arís ann.

Chuir tú draíocht inár saol. Go raibh maith agat as do chomhluadar le 32 bliain.

Mór nó beag, thionlaic Fungie gach bád isteach go dtí an Daingean. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Fiosrach agus cairdiúil. Ní raibh aon leisce ar Fungie teacht chugat. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Fungie faoi uisce Chuan an Daingin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
  • Seán Ó Mainnín a scríobh agus a ghlac na pictiúir don leabhar, Ireland’s Friendly Dolphin a d’fhoilsigh an Brandon Press i 1992

Éist le Fungie https: //youtu.be/E56C0ZCxfd4

Fág freagra ar 'Más fíor go bhfuil tú imithe, a Fungie, go raibh maith agat as 37 bliain draíochta'

  • S. Mac Muirí

    Grmm agat a Sheáin as an alt álainn. Samhradh na bliana céanna 88 a shnámhas leis amuigh ón leic laisteas den bhFolly. Níor stadas de bheith ag trácht air ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, óir d’imir sé an-tionchar orm. Treise leat arís as an alt álainn.

  • Máirtín, an mhuc Mhara

    Nach iontach an tionchar a bhí ag Fungie? Chuir sí go mór leis an ngeilleagar áitiúil. Mheall sí na mílte turasóirí. Chuir sí go mór le ‘branda’ an Daingin/ Dingle/Daingin Uí Chúise /Dingle Dangle (jingle jangle). Ba í Fungie a d’fhorbair an Daingean agus gan í, ní bheadh an baile nó an ceantar ina ‘international tourist hotspot’. Chuir Fungie séan agus sonas ar dhaoine. Thug sí faoiseamh agus spreagadh do dhaoine; an teiripeoir is fearr sa Ríocht!
    Léiriú gurb iad ár acmhainní nádúrtha cuid de na seoda is luachmhara atá againn agus gurb iad an nádúr, an timpeallacht, an fharraige, etc na hacmhainní is luachmhara atá againn. Ach, an bhfuil an cumas agus fís againn iad a fhorbairt ar bealach maith, tomhaiste? Caithfidh muid déanamh cinnte nach ndéanfar scrios ar na achmhainní seo .