Más duine tú a chuireann suim i míorúiltí an nádúir, ceannaigh an leabhar seo…

Tá cur síos iontach ina ‘A Year’s Turning’ le Michael Viney ar an gcaoi ar éirigh leis féin agus a bhean in Éirinn agus tá cuntas gléineach ann ar an dúlra a thug siad faoi deara

Más duine tú a chuireann suim i míorúiltí an nádúir, ceannaigh an leabhar seo…

Nach iontach go deo an lánúin iad Michael Viney agus a bhean Ethna? Sin é an smaoineamh a rith trí m’intinn agus mé ag léamh athchló ar leabhar le Michael dar teideal A Year’s Turning (New Island Books).

Chuirfeadh Michael agus Ethna i gcuimhne do dhuine Tim agus Mairéad Robinson. Cairde a bhí iontu go deimhin ó chuir siad aithne ar a chéile.

Ar an gcaoi chéanna a luadh Tim Mairéad ina chuid scríbhinní, ní dhéanann Michael dearmad ar Ethna ina chuid scríbhinní siúd. Níor cheart go ndéanfadh mar is maith a chuidigh sí leis i gcónaí.

Sasanach é Michael Viney a tháinig go hÉirinn le dhul i mbun iriseoireachta sa tír seo. D’éirigh go maith leis ach tháinig an lá ar shocraigh sé féin agus Ethna toirnéis na cathrach a fhágáil ina ndiaidh agus dul a chónaí i seanteach ar acra talún sa Talamh Bán i gcontae Mhaigh Eo. Bhí iníon, Michele, acu faoin am seo.

Dá mhéid a suim sa mbrionglóid sin ní raibh siad chomh seafóideach agus go gceapfaidís go mbeidís in ann slí bheatha a bhaint as acra talún. Bheadh an scríbhneoireacht acu i gcónaí. Scríbhneoir maith í Ethna í féin.

Cur síos ar an gcaoi ar éirigh leo atá sa leabhar, sin agus cuntas gléineach ar an dúlra a thug siad faoi deara. Shílfeá nár fhás crann ná tom as talamh riamh nach ndearna siad staidéar air. Choinnigh siad súil dá réir ar na feithidí, ar na hainmhithe agus ar an éanlaith.

Máistir-rang atá sa leabhar ar an gcaoi sin, a dúirt scríbhneoir eile Manchán Magan.

Maidir leis an saol atá caite acu sa Talamh Bán sin é an chuid is spéisiúla den leabhar. Ní saol bog a bhí ann. Tá cur síos ag Michael ar an gcaoi a dtéidís a chodladh ag a naoi a chlog agus a n-éirídís ag a cúig a chlog ar maidin le dul in éadan a gcuid scríbhneoireachta agus ina dhiaidh sin ag obair sa ngort.

Ní raibh gné ar bith d’obair na tuaithe a d’fhág siad ina ndiaidh. Chuaigh Michael ag baint mhóna cuir i gcás. Chonaic sé comharsa ag obair ar phortach in aice leis agus thug sé faoi deara go raibh sé in ann na fóid a chur amach den sleán i ndiaidh a chéile go glan néata. Nuair a d’fhéach sé féin le haithris a dhéanamh air ní go rómhaith a d’éirigh leis i dtosach. Níor chaill sé a mhisneach mar sin féin agus tháinig sé isteach ar an gceird de réir a chéile.

Nuair a bhí an mhóin tirim chuir sé féin agus Ethna ar bóthar í i málaí. Rud amháin a d’fhoghlaim sé gur mhór an cuidiú cloch bheag a chur i gcluais an mhála le breith air agus é a chaitheamh ar a ghualainn.

Céard a cheap na comharsana don bheirt acu meas tú? Déarfainn gur mheas siad gur daoine deasa simplí gan mórán urchóide a bhí iontu. Ba dheacair leo a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh beirt a bhí chomh léannta leo a bheith ag cur a gcuid allais sa ngarraí, sa trá agus ar an bportach.

Níor theastaigh ó na comharsana go luafaí iad féin i gceann ar bith de na haltanna a bhí Michael a scríobh. Ní thugadh sé a gcuid ainmneacha ach ní cosaint ar bith a bhí ansin, b’fhacthas dóibh. D’aithneofaí ón eachtra a luafadh sé cé a bhí i gceist.

‘Déanfaidh tú ‘Tailor and Ansty’ den teach seo,’ a dúirt duine acu leis uair amháin.

Thug Michael Viney faoi deara go bhfuil focla Gaeilge ag daoine timpeall air i gcónaí.

B’aisteach mura mbeadh óir níl sé chomh fada sin amach is amach ó tréigeadh an Ghaeilge sa Talamh Bán.

Más dea-scríbhneoireacht faoi shaol na tuaithe atá uait agus más duine tú a chuireann suim i míorúiltí an nádúir ceannaigh an leabhar seo.

Fág freagra ar 'Más duine tú a chuireann suim i míorúiltí an nádúir, ceannaigh an leabhar seo…'