Más áil le Gaillimh aon ní a bhuachtaint, b’fhéidir gur ag luí le madraí a bheidh a dtriall…

Tá gadhair mhallaithe ag teastáil ó fhoireann caide na Gaillimhe agus fiú má éiríonn siad le dreancaidí féin, ná beadh aon ní níos fearr ná a gcás le laethanta beaga anuas?

Danny Cummins reacts to a missed chance 21/6/2014
©INPHO/James Crombie

 

N’fheadar éinne ach an gol agus gíoscán fiacal atá déanta ag lucht leanúna na peile sa Ghaillimh le lá nó dhó anuas agus buaite orthu don dtríú cluiche as a chéile de bharr taispeántais leachta sa dara leath.

Tá maistíní lathaí na méarchlár luite amach orthu féin ó thráthnóna Dé Domhnaigh ag tabhairt a ndaorbhreith agus gan an bhliain peile ach ina bunóic ar bhuíon imreoirí atá ag imirt ceal misnigh le tamall anuas, dar lena mbainisteoir féin, Kevin Walsh.

Cuireann an chaint ar fad atá á dhéanamh ar sheasamh reatha fhoireann na Gaillimhe siar ar bhóithrín na smaointe mé.

Breis is fiche bliain ó shin, bhí an bhailitheacht chéanna ar lucht leanúna Chiarraí lena bhfoireann agus bhí na lochtaí céanna á bhfáil acu ar a gcuid imreoirí. Dála Chiarraí le linn a ‘ngorta’, is fuirist a aithint cá bhfuil na fadhbanna ag foireann na Gaillimhe faoi láthair.

Tá imreoirí an churaidhe contae, Cora Finne, ar lár ar feadh cuid mhaith den bhfeachtas sraithe; tá duine de chrainn taca na foirne Tomás Flynn, gortaithe le tamall; tá ceann des na bunchlocha is tábhachtaí in aon fhoireann sa lá atá inniu ann, báideoir gur féidir brath air, in easnamh ar fhoireann seo na Gaillimhe; agus tá easpa údaráis sa líne leathchúil chomh maith.

Anuas air sin ar fad, tá bainisteoir nua, Kevin Walsh, ag iarraidh múnla coimhthíoch a chur i bhfeidhm agus mar bharr ar gach donas, tá teaspach gan dúchas fós ar chuid de lucht leanúna na Gaillimhe.

Chuireadh sé iontas i gcónaí orm agus mé ag éisteacht le lucht leanúna na Gaillimhe le breis is deich mbliana anuas an mór is fiú a bhíodh ina gcuid cainte agus iad ag caitheamh súil go formadúil thar claí ar ghaiscí Mhaigh Eo. Ar ndóigh, glacaim leis go bhfuil an fear maith fachta ag an nGaillimh ar Mhaigh Eo i mórán cluichí móra agus beidh sé le maíomh ag an nGaillimh go dtagann siad abhaile leis an gcreach níos minicí ná a mhalairt nuair a théann siad chomh fada le cluichí ceannais i bPáirc a’ Chrócaigh.

Ach cad as a tháinig an t-éirí in airde agus an mhéadaíocht i measc lucht leanúna na Gaillimhe agus iad á gcur féin i gcomparáid lena gcomharsana le blianta beaga anuas? As fo-bhua fánach anseo agus ansiúd faoi aois? As ré órga cúig bliana ag casadh na mílaoise nach bhfuil cuimhne ag aon leanbh i mbunscoileanna ná i meánscoileanna an chontae fiú inniu air? As roinnt buanna ag leibhéil éagsúla i gcluichí ceannais na gclubanna?

Tá sé ráite riamh go seachnaíonn an tsúil an ní ná feiceann ach is léir go bhfuil caoiche áirithe i gceist i gcás na nGaillimheach atá ag sciúirseáil a gcuid imreoirí ar an idirlíon ó bhuaigh Laois Dé Domhnaigh orthu. Dála Chiarraí os cionn fiche bliain ó shin, ní hacmhainn don nGaillimh craobh na hÉireann a bhuachtaint leis an soláthar imreoirí atá acu i láthair na huaire agus caithfear bheith réadúil faoi sin.

Ós ag caint ar ‘réadúil’ mé, taibhsítear domsa ó bheith ag féachaint ar chur chuige na Gaillimhe le breis is deich mbliana anuas go n-imigh an réabhlóid nó an éabhlóid a tharla i gcúrsaí peile le teacht Thír Eoghain agus Dhún na nGall ina ndiaidh, glan os a gcionn in airde.

Nuair a bhí fear Mhaigh Eo, Peter Ford, i bhfeighil na Gaillimhe seacht nó ocht mbliana ó shin, dhein sé iarrachtaí fónta stíl na Gaillimhe a chur in oiriúint do mhúnla ainnis an chosanta atá sa treis sa lá atá inniu ann. D’éirigh leis an nGaillimh cluiche ceannais na sraithe, Roinn 1, a bhaint amach in earrach na bliana 2006 le taispeántas leathcheannais i gcoinne Mhaigh Eo a chur oiread lagmhisnigh ar lucht bainistíochta Mhaigh Eo ag an am, Mickey Moran agus John Morrison, go raibh geonaíl agus cnáimhseáil le clos uatha ar feadh na seachtainí ina dhiaidh.

Comharthaí ab ea míshuaimhneas na gcomharsan go raibh rud éigin á dhéanamh i gceart, dar liom, ach ní fada ina dhiaidh sin go gcaitheadh múnla Peter Ford a bhí bunaithe ar chruas, ar chealgántacht agus ar chosaint, i dtraipisí toisc go raibh sé glan bunoscionn le traidisiún uasal na peile sa Ghaillimh. Ar eagla na míthuisceana, is é an rud deireanach atá uainn sa chluiche sa lá atá inniu ann ná foireann eile ag imirt leis an stíl du jour, ach más áil le Gaillimh aon ní a bhuachtaint, b’fhéidir gur ag luí le madraí a bheidh a dtriall.

B’fhéidir anois agus an fód ag cruachtaint, go bhfuil sé curtha ina luí gaidhte ar an nGaillimh nach féidir cluichí a bhuachtaint le peil thraidisiúnta níos mó. Tá gadhair mhallaithe ag teastáil agus fiú má éiríonn siad le dreancaidí féin, ná beadh aon ní níos fearr ná a gcás le laethanta beaga anuas?

Fág freagra ar 'Más áil le Gaillimh aon ní a bhuachtaint, b’fhéidir gur ag luí le madraí a bheidh a dtriall…'