Mary Kennedy ag filleadh ar an scáileán le sraith nua faoi ghnóthaí Éireannacha a chur i láthair ar TG4

Sraith sé chlár a bheidh i gceist le Guaranteed Irish, atá á léiriú i gcomhpháirt leis an eagraíocht ghnó den teideal céanna

Mary Kennedy ag filleadh ar an scáileán le sraith nua faoi ghnóthaí Éireannacha a chur i láthair ar TG4

Cuirfidh an láithreoir aitheanta Mary Kennedy sraith nua i láthair ar TG4 a bhfuil sé i gceist aige léargas a thabhairt ar ghnóthaí Éireannacha ar fud na tíre.

Sraith sé chlár a bheidh in Guaranteed Irish, atá á léiriú i gcomhpháirt leis an eagraíocht chomhaltais ghnó den teideal céanna.

Tabharfar léargas sa chlár ar roinnt gnóthaí ó earnálacha éagsúla ar fud na tíre atá ina gcomhaltaí de chuid Guaranteed Irish. Ar a ngnóthaí sin beidh Kilsaran, Viatel, Intact Software, Revive Active, Hope Beer agus Tippo.

Craolfar an chéad chlár Dé Luain, an 16 Samhain, ag 7.30i.n..

Dúirt Kennedy, a chuaigh ar scor ó RTÉ anuraidh, go raibh sí ag súil go mór le bheith ag obair do TG4.

“Tá an-ríméad orm an tsraith nua seo do TG4 a chur i láthair. Is iontach an rud é a bheith ag obair leis an gcainéal, leis an léiritheoir Enda Grace agus lena fhoireann ag Dundara Television & Media agus iad i gcomhpháirtíocht le Guaranteed Irish agus tá súil agam go mbainfidh an lucht féachana an oiread céanna sult as agus a bhain mise as agus muid á dhéanamh,” a dúirt iarláithreoir Nationwide.

“’Tá gnóthaí iontacha sa tír atá ag déanamh fíorobair chrua le linn an ama dheacair seo lena mbaineann neamhchinnteacht. Thug mé féin faoi deara agus mé ag caint agus ag comhrá le gach aon duine dár gcuid aíonna an díograis agus an teacht aniar atá iontu.

“Táim den tuairim go mbeidh an tsraith ina hábhar eolais agus siamsa don lucht féachana agus go dtabharfaidh siad faoi deara chomh gnaíúil agus atá na ceannairí gnó a bheidh sa tsraith. Ní minic a thugtar deis dúinn léargas mar seo a fháil ar chomhlachtaí rathúla mar iad agus is súil eile amach is amach é gach aon scéal aonair.”

Is é an comhlacht Dundara Television & Media atá lonnaithe i gCill Dara atá ag léiriú na sraithe.

Fág freagra ar 'Mary Kennedy ag filleadh ar an scáileán le sraith nua faoi ghnóthaí Éireannacha a chur i láthair ar TG4'

  • Cluain Sceach

    Canathaobh an tideal Béarla?