Marú agus Béarla inár measc ar TG4 

Clár cumasach é Marú inár Measc ach bíonn an Béarla go mór i dtreis i sraitheanna den saghas seo

Marú agus Béarla inár measc ar TG4 

Cuireadh tús le sraith coirscéalta fírinneacha eile ar an gCéadaoin ar TG4. I gcaitheamh na mblianta tá go leor adhmaid bainte ag TG4 as seánra na coiriúlachta le saothair amhail Marú agus Fir, Marú agus Grá. 

Tá na sraitheanna seo bunaithe ar eachtraí is daoine aonair (taobh amuigh den Ghaeltacht den chuid is mó) agus fágann sin, más iad seo na saghas scéalta a theastaíonn ó TG4 a insint, nach bhfuil aon dul as acu ach an Béarla a tharraingt isteach agus an Ghaeilge a fhágaint in áit na leathphingine. 

Ceist do lá eile í ar cheart do TG4 a bheith ag roghnú oiread scéalta nach féidir iad a insint sa teanga a thug an ‘G’ ina theideal dó.

Pé scéal é, is minic sinn i dtaobh le Gaeilge ón tráchtaire agus iriseoir/saineolaí ag tabhairt sonraí ginearálta. Is amhlaidh atá anseo. Dhein naonúr paistí cainte i gcaitheamh an chéad ghála agus níor labhair acu beirt acusan as Gaeilge; an t-iriseoir Eimear Ní Bhraonáin agus an Dr. Tom Boland. 

Dheineadar a gcúram go slachtmhar pointeáilte agus bhí guth binn Dhoireann Ní Bhriain mar reacaire againn. 

Coincheap na sraithe seo ná cuntas a thabhairt ar an tionchar a bhí ag dúnmharuithe ar phobal na gceantar ina dtarlaíonn siad. 

Stangadh bainte as na pobail dhlútha go bhféadfadh rud éigin mar seo tarlú ina gceantar féin. Faoi mar a deir duine amháin sa chéad chlár seo ní dhéanfá aon nath d’uafás mar seo i mBaile Átha Cliath ach is rud eile ar fad é nuair a thagann sé go leac an dorais.  

Lena chois sin bhí sceimhle ar an bpobal mar go raibh a fhios acu go raibh dúnmharfóir ina measc. I gcásanna áirithe thóg sé blianta an té a bhí ciontach a thabhairt os comhair na cúirte. 

Sa chéad ghála déantar cíoradh ar dhúnmharú Ann Nancy Smyth i gCill Chainnigh sa bhliain 1987. Sna cláir atá le teacht déanfar trácht ar dhúnmharuithe Phyllis Murphy, Joyce Quinn agus Sharon Whelan is a beirt iníonacha.  

Ar dtús ceapadh gur timpiste thragóideach i bhí i mbás Nancy nuair a chuaigh a teachín beag ar Shráid Wolfe Tone trí thine. Bhí malairt scéil ag an scrúdú iarbháis, áfach.

 Is amhlaidh gur tachtadh Nancy agus gur dódh an tigh in iarracht an choir a cheilt. Bhíothas in amhras faoi John Joe Malone ó thosach. Ní hamháin go raibh cáil amuigh air mar dhuine dainséarach, feargach ach bhí sé ag iarraidh a shlí a dhéanamh isteach i dtigh Nancy go feargach an oíche chinniúnach úd. Ní raibh John Joe ach trí bliana is fiche ag an am, ach “aithne ag na Gardaí air”, faoi mar a deirtear. 

Níor ciontaíodh é go dtí 2017 agus tugann an clár seo cuntas ar an mbóthar fada achrannach chun an chirt. Labhraíonn gaolta agus comharsa Nancy, mar aon le Gardaí a bhí páirteach sa bhfiosrúchán, faoin aistear sin a thóg 30 bliain. Bhí míshuaimhneas, frustrachas agus eagla fiú ar mhuintir na háite agus dúnmharfóir ag maireachtaint ina measc ar feadh na mblianta sin. 

Déanann an clár seo a chúram go paiteanta agus labhraíonn na haíonna ar fad go hionraic faoin tragóid uafásach seo. 

Fág freagra ar 'Marú agus Béarla inár measc ar TG4 '

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an Béarla níos fearr don taifead mar a deir Ceannasaí TG4.