Martin O’Neill i ladhar an chasúir anocht i Zenica

Imreoidh Éire sa chéad cluiche díbeartha in aghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine anocht agus i bhfianaise na bhfadhbanna acu le cúpla seachtain anuas, bheidís ag déanamh go maith gan cailliúint go dona

Republic of Ireland Squad Training, Stadion Bilino Polje, Zenica, Bosnia-Herzegovina 12/11/2015 Martin O'Neill Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Martin O’Neill. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

De réir mar atá an cluiche seo ag teannadh linn, tá ag teip ar ár muinín.

Nuair a tarraingíodh ainm na Boisnia agus na Heirseagaivéine ón bpota cúpla seachtain ó shin, ní raibh a fhios againn an sásta nó míshásta a bhí muid. Sheachain muid an Úcráin agus ba bhuntáiste dúinn é go mbeadh an dara cluiche i mBaile Átha Cliath. Ó shin i leith, áfach, is in olcas atá an scéal imithe.

Bhí a fhios againn go mbeadh John O’Shea agus Jonathan Walters, beirt de na himreoirí is tábhachtaí ag Martin O’Neill, ar fionraí don chéad cluiche i Zenica. Chomh maith leis sin, d’fhág Shane Long an pháirc sa Pholainn ar shínteán agus dearbhaíodh le cúpla lá anuas nach mbeadh sé tagtha chuige féin in am chun imirt anocht. Ní fios fós an mbeidh sé réidh don Luan.

Shay Given gortaithe chomh maith agus an chuma anois ar an scéal gurb é Darren Randolph, a thóg áit Given i gcoinne na Polainne, a bheidh ina chúl báire ag Martin O’Neill. Sa chosaint, tá Seamus Coleman agus Ciaran Clark tagtha ar ais ó ghortuithe, ach is é Daryl Murphy is dóichí a thosóidh sna tosaithe cé nach raibh sé éifeachtach ar chor ar bith i Warsaw.

Ceist amháin atá fós le freagairt ná an imreoidh Robbie Brady sna cúlaithe nó ar an gcliathán clé. D’imir imreoir Norwich mar chosantóir in aghaidh na Polainne agus ní mór an gaisce a rinne sé. Mar sin féin, is minic go dtagann O’Neill aniar aduaidh ar dhaoine leis na foirne a roghnaíonn sé.

Ar an taobh eile den scéal, tá fear lár páirce na Bosnia agus na Heirseagaivéine, Miralem Pjanic, ag tabhairt sárthaispeántais uaidh beagnach gach seachtain do Roma i Serie A agus ocht gcúl aimsithe cheana aige an séasúr aige. Taobh leis ar fhoireann Roma tá Edin Dzeko agus is léir go bhfuil an tosach ag teacht chuige féin agus cúpla cúl aimsithe aige le coicís anuas tar éis dó drochthús a chur lena sheal imeartha san Iodáil.

Dóibh siúd atá piseogach, ní dhéanann sé cúrsaí tada níos fearr nuair a smaoinítear gurb é inniu, Dé hAoine, an tríú déag den mhí.

Dea-scéal amháin a thabharfadh misneach do lucht leanta na hÉireann ná go bhfuil cás na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcluichí cáilithe mar seo chomh dona le cás na tíre seo. Faoi dhó, le haghaidh Chorn an Domhain 2010 agus Chraobh na hEorpa 2012, a shroich siad na cluichí cáilithe ach, faoi dhó, chlis orthu i gcoinne na Portaingéile.

Chomh maith leis sin, bhí cúpla drochthoradh ceart acu i rith an fheachtais cháilithe, go háirithe nuair a chaill siad sa bhaile in aghaidh na Cipire. Ach b’shin sular thóg Mehmed Bazdarevic ceannas ar an bhfoireann. Ó tháinig an bainisteoir nua isteach, bhuaigh siad cúig cinn den sé chluiche a bhí acu i nGrúpa B.

Níl caite ach beagán le cois míosa ó bhuaigh muid ar sheaimpíní an domhain, an Ghearmáin, ach i bhfianaise an chluiche a chaill muid in aghaidh na Polainne agus mar gheall ar na himreoirí atá in easnamh orainn, is cinnte go bhfuil rith an rása leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéine faoi láthair. Chomh fada is nach bhfuil an bhearna idir na foirne rómhór nuair a shéidfear an fheadóg san Aviva ar an Luan, shílfeá go mbeadh O’Neill sásta go leor.

Fág freagra ar 'Martin O’Neill i ladhar an chasúir anocht i Zenica'