Martin nó Varadkar – cé acu atá an lámh is láidre dáiríre?

Tá sé ró-éasca a rá gur treise Micheál Martin ná Leo Varadkar i ndiaidh imeacht an Tánaiste

Martin nó Varadkar – cé acu atá an lámh is láidre dáiríre?

Faoi dheireadh, i bhfianaise an eolais bhreise a tháinig chun solais, ní raibh aon dul as ag Frances Fitzgerald ach éirí as mar thánaiste is mar aire rialtais.

Mhaígh sí go raibh sí ag tabhairt tús áite don leas náisiúnta seachas dá cáil féin.

Ach tá ceisteanna fós le freagairt faoi eolas a cheilt, an fhírinne a chur as a riocht agus faoi nimh an Gharda Síochána i gcoinne Maurice McCabe a chosaint.

Anois táthar ag caint faoin ngá le scagadh a dhéanamh ar ‘chultúr’ na  Roinne Dlí is Cirt, ach is í fírinne an scéil ná nár éirigh Frances Fitzgerald as, agus nár ghlac an Taoiseach Leo Varadkar gur chóir di déanamh amhlaidh, go dtí go raibh dóthain fianaise ann nach bhféadfadh aon duine beag is fiú a dhéanamh níos mó di.

Go dtí an nóiméad deireanach, bhí Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ar a dhícheall ag iarraidh toghchán faoin ábhar seo a sheachaint– ní mar gheall ar an ‘leas náisiúnta’ ach toisc gur chreid sé nach n-éireodh le Fianna Fáil dul chun tosaigh ar Fhine Gael ina leithéid de thoghchán.

Tá lucht a mholta ag maíomh anois go raibh an bua aige, gur chinn seisean go mbeadh ar Frances Fitzgerald éirí as agus gurb é sin a tharla, ach ba é an cor a tháinig sa scéal nuair a cuireadh an fhianaise bhreise ar fáil agus an brú ó Fhine Gael féin dá bharr a chniog an Tánaiste.

Is fíor freisin nach mbeadh rún mímhuiníne curtha síos ag Fianna Fáil murach ceann a bheith curtha síos roimhe sin ag Sinn Féin.  Bhí brú láidir ar Martin gan ligean do Shinn Féin tús áite a bheith acu maidir leis an achrann seo.

Mar sin, murach rún Shinn Féin níor ghá an t-eolas breise a thabhairt agus bheadh na cosa tugtha léi aici ag an Tánaiste.

Deirtear nár theastaigh toghchán ó éinne.  Agus is fíor nach í an chonspóid faoin Roinn Dlí agus Cirt an t-ábhar is mó atá ag déanamh buartha do shaoránaigh an stáit seo: tithíocht, sláinte, an Breatimeacht, cúrsaí forbartha, pleanála, jabanna – sin iad na hábhair a chuireann as don mhóramh.

’Sea, léiríonn pobalbhreitheanna nach mbeadh mórán athrú ann dá mbeadh toghchán ann, ach is léir freisin nach bhfuil an córas polaitiúil ag feidhmiú i gceart, agus sampla de sin ab ea scéal na Roinne Dlí agus Cirt.

Sampla eile ar ndóigh is ea an fáinne fí ina bhfuil muid sáinnithe – gan réiteach ar bith againn ar aon cheann de na fadhbanna atá ag cur as dúinn.

Maidir le toghchán, is léir anois nach féidir fanacht rófhada eile. Ar an gcéad dul síos, ní féidir leis an rialtas feidhmiú gan chead Fhianna Fáil – fiú mura bhfuil an misneach ag Martin dúshlán an Rialtais a thabhairt.

Ina theannta sin, tá sé ag éirí níos deacra d’Fhianna Fáil leanúint leis an gcur i gcéill go bhfuil siad ag coinneáil srian ar Fhine Gael sa rialtas, nuair is léir nach bhfuil.

Tá an Taoiseach ag rá go bhfuil rudaí áirithe ar gá iad a chur i gcrích roimh thoghchán – plé an Bhreatimeachta, an Bille Airgeadais, pá a thabhairt ar ais do sheirbhísigh phoiblí, íocaíochtaí leasa shóisialaigh a mhéadú agus ceist aisghairm an ochtú leasaithe ar an mBunreacht a réiteach.

Ach ag deireadh thiar is tábhachtaí rialtas ceart a bhunú, cíbe acu Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile, nó Fianna Fáil in éineacht le Sinn Féin a bheadh ann. Leithscéal is ea an socrú reatha as gan polasaithe a chur i bhfeidhm, ach is socrú é a chinntíonn nach bhfuil réiteach á aimsiú ar fhadbanna na tíre.

Agus toisc gur léir anois nach féidir toghchán a sheachaint rófhada eile, feicfidh muid níos mó achrainn sa Dáil agus cloisfidh muid níos mó faoi easaontais idir an dá phríomhpháirtí.

Ní maith liom an téarma bréagach sin ‘an leas náisiúnta’, ach ní hé an leas náisiúnta é go leanfar ar aghaidh mar sin.

Agus Maurice McCabe? Tá mé ag ceapadh go mbeidh píosa fada eile ann sula gcuirfear clabhsúr ar an scéal sin, mar is éigean don Bhreitheamh Charleton a thuarascáil a chur i gcrích roimh deireadh na bliana seo chugainn.

San idirlinn, an leanfaidh Micheál Martin lena iarracht toghchán a sheachaint? An n-éireoidh leis a fhoireann féin a choinneáil faoi smacht agus an mbeidh siad ar aon tuairim i gcónaí leis? Agus an mbeidh praghas le híoc ag Leo Varadkar as Frances Fitzgerald a chosaint nuair a bhí a leithéid dochosanta?

Creidim fós go bhfuil lámh níos láidre le himirt ag Varadkar ná mar atá ag Martin.

Fág freagra ar 'Martin nó Varadkar – cé acu atá an lámh is láidre dáiríre?'